Os cionn 1,000 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn, 49 bás eile fógartha ó dheas

1,019 duine ar a laghad atá básaithe faoin tráth seo, 769 duine ó dheas den teorainn agus 250 duine ó thuaidh

Os cionn 1,000 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn, 49 bás eile fógartha ó dheas

Tá os cionn míle duine a raibh Covid-19 orthu básaithe in Éirinn ó thús na ráige.

1,019 duine ar a laghad atá básaithe faoin tráth seo, 769 duine ó dheas den teorainn agus 250 duine ó thuaidh di.

Fógraíodh tráthnóna 49 bás eile ó dheas.

Deichniúr ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nach amhlaidh an scéal.

Deimhníodh 631 cás nua agus 16,671 cás atá deimhnithe ar fad ó dheas den teorainn.

Tá ar a laghad 250 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart faoin tráth seo. Ochtar eile a bhásaigh sna hospidéil inné agus tuairiscíodh chomh go raibh 26 bás eile a tharla le roinnt laethanta anuas curtha le taifead na Gníomhaireachta Sláinte Poiblí.

2,798 cás deimhnithe atá sa Tuaisceart agus 19,469 cás atá in Éirinn san iomlán.

Maidir le líon na ndaoine in ionaid chúraim a bhásaigh go dtí seo, bhain 525 bás le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.

Deimhníodh i saotharlann baint a bheith ag Covid-19 le 412 de na cásanna sin, nó 54% den 769 bás atá deimhnithe go dtí seo. Meastar go raibh Covid-19 ar 113 duine eile in ionaid chúraim a fuair bás.

Deir an Ghníomhaireacht Sláinte Phoiblí go bhfuil 297 duine in ionaid chúraim agus altranais ó thuaidh a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu.

Tá foireann ón tSeirbhís Náisiúnta Sláinte tugtha isteach le cuidiú a thabhairt sna hionaid altranais agus meastar go bhfuil tuilleadh daoine sna hionaid sin i mbaol ón ngalar.

Níl an pobal ná na polaiteoirí ar aon fhocal faoi chinneadh a rinneadh ó thuaidh na reiligí a dhúnadh

Tá iarrtha ag an DUP agus an UUP go gceadófaí cuairteanna faoi shrianta ar reiligí ach ní thacaíonn Alliance ná Sinn Féin lena moladh.

Dúnadh na reiligí an mhí seo caite nuair a d’fhógair an Feidhmeannas in Stormont an dianghlasáil.

Tá ráite ag an Roinn Sláinte gur ceist í sin don fheidhmeannas ar fad agus gur ceist í a gcaithfidh airí comhaontú ina leith.

Tá €10 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas ó dheas do scoileanna le déileáil leis an míbhuntáistí digiteacha atá ag daltaí áirithe.

Caithfear díriú go práinneach ar ríomhairí glúine a chur ar fáil do na daltaí Ardteiste sin a bhfuil siad de dhíth orthu. Scoileanna dara leibhéal a gheobhaidh thart ar €7 milliún den airgead sin agus cuirfear €3 mhilliún tar fáil do bhunscoileanna chun fearas a cheannach. Leis na scoileanna an fearas sin agus tabharfar ar iasacht do dhaltaí é. 

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh go raibh súil aige go mbeadh sé in ann dáta tosaithe scrúdú na hArdteistiméireachta a fhógairt sna laethanta beaga seo amach romhainn.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar liúntais tacaíochta Covid-19 ach a mbeidh an chéad 12 seachtain thart agus go dtarlódh go mbeadh sé riachtanach iad a ‘laghdú’.

Léiríonn figiúirí nua go bhfuil laghdú tagtha ar líon na n-othar atá san ospidéal de bharr an ghalair Covid-19.

Deirtear sa tuairisc is déanaí ón HSE go bhfuil 770 duine san ospidéal a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an galar tolgtha acu agus go bhfuil 320 othar eile ann a bhfuil amhras ann gurb é atá ag dul dóibh ach nach bhfuil torthaí a dtástála acu fós.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh gortaí uafásacha a bheith ann de bharr phaindéim an Covid-19 agus d’fhéadfadh a dhá oiread daoine a bheith i mbaol de bharr an ocrais, de réir tuarascáil ó Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (WFP).

Dúirt Ceannasaí an WFP, David Beasley, go gcaithfeadh an domhan ar fad “gníomhú go críonna agus go gasta”.

“D’fhéadfadh gortaí uafásacha a bheith ann taobh istigh de chúpla mí,” a dúirt sé.

De réir na hanailíse sa Tuarascáil Dhomhanda Bhliantúil ar Ghéarchéimeanna Bia atá bunaithe ar shonraí 2019, meastar, roimh dheireadh na bliana seo, mura ndéantar gníomh go gasta, go mbeidh ganntanas bia ag cur as do 265 milliún duine i dtíortha  ísealioncaim agus i dtíortha meánioncaim.

San Eoraip, tá cead tugtha sa Ghearmáin vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thástáil ar dhaoine den chéad uair. Tabharfar cúpla leagan den vacsaín sin do 200 duine folláin atá idir 18 agus 55 bliain d’aois.

Tá sé séanta ag na húdaráis sa Ríocht Aontaithe gur ‘cinneadh polaitiúil’ a bhí ann gan a bheith páirteach i scéim trealamh leighis an Aontais Eorpaigh.

Tá sé ráite ag an gCoimisiún Eorpach go raibh an Ríocht Aontaithe ar an eolas go maith faoin tionscnamh chun trealamh a sholáthar chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas nuair a dhiúltaigh sí a bheith páirteach ann ach deir rialtas na Breataine gur ‘míthuiscint’ a bhí ann.

D’fhógair  Pedro Sánchez, Príomh-Aire na Spáinne, pleananna an rialtais ansin na bearta dianghlasála a mhaolú go mall agus de réir a chéile sa dara leath de mhí na Bealtaine.

Cuireadh síneadh ama leis an staid éigeandála sa Spáinn go dtí an 9 Bealtaine.

Fógraíodh inniu go bhfuil na horduithe ‘fan sa mbaile’ ar fud na cruinne tar éis meall mór brabúis a dhéanamh don tseirbhís sruthaithe Netflix mar gur bheag nár dhúbail  an líon custaiméirí atá aici sa gcéad trí mhí den bhliain.

 

 

Fág freagra ar 'Os cionn 1,000 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn, 49 bás eile fógartha ó dheas'