Os cionn 1,000 cás eile den choróinvíreas fógartha agus srianta Leibhéal 5 le teacht

Tá breis agus 50,000 cás den choróinvíreas anois deimhnithe sa stát ó thús na paindéime

Os cionn 1,000 cás eile den choróinvíreas fógartha agus srianta Leibhéal 5 le teacht

Pictiúr: Sarko Lazarov / RollingNews.ie

Tá 1,031 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Ní raibh aon bhás eile de dheasca an ghalair le fógairt.

Bhain 232 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 60 cás a bhí i nGaillimh agus 47 cás a bhí i gCiarraí. Bhain 39 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 35 cás a bhí i gcontae na Mí, 27 cás a bhí i Maigh Eo agus 17 cás a bhí i bPort Láirge.

235 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá breis agus 50,000 cás den choróinvíreas anois deimhnithe sa stát ó thús na paindéime.

Tá 298 duine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil agus tá 34 duine díobh in aonad dianchúraim.

262.9 in aghaidh gach 100,000 duine ráta an ghalair sa phobal. 490.1 an ráta i gcontae na Mí, 308.4 atá i gCorcaigh agus 347.4 atá i nDún na nGall. 288.3 an ráta i nGaillimh agus 241 an ráta in aghaidh gach 100,000 i gCiarraí. 166.3 an ráta i Maigh Eo agus 145.5 atá i bPort Láirge.

Níos luaithe tráthnóna, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 820 cás nua deimhnithe acu agus go raibh seisear eile tar éis bháis de dheasca an Covid-19.

7,056 cás atá deimhnithe i dTuaisceart Éireann le seacht lá anuas.

Tá 261 duine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil ó thuaidh den teorainn agus tá 29 duine díobh in aonad dianchúraim.

78,213 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 27,220 cás ó thuaidh den teorainn agus 50,993 cás ó dheas di.

2,467 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 615 duine ó thuaidh agus 1,852 ó dheas.

Tá an Rialtas ar tí srianta Leibhéal 5 a fhógairt le scaipeadh an Covid-19 a cheansú sa tír.

Tráthnóna a fhógrófar an dara tréimhse dianghlasála agus beidh na srianta i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine, go dtí deireadh na míosa seo chugainn.

Ceaptar go gcuirfear srianta taistil i bhfeidhm agus nach mbeidh cead ag daoine taisteal níos faide ná cúig chiliméadar óna dteach, seachas i gcás eisceachtaí ar leith.

Tuairiscítear go gcoinneofar na scoileanna agus na hionaid cúram leanaí oscailte agus meastar go mbeidh cead craobhchomórtais CLG a imirt.

Faoi shrianta Leibhéal 4 agus Leibhéal 5 caithfidh gach siopa agus gnó nach bhfuil riachtanach dúnadh.

Bhí caint ann chomh maith go dtabharfaí isteach córas grúpa nó cuasnóige lena chinntiú nach bhfágfar daoine scoite ón saol agus ón gcomhluadar le linn na dianghlasála. Bhí córas dá leithéid i bhfeidhm sa Nua-Shéalainn faoina gcomhairfeadh teaghlach daoine eile mar chuid dá gcuasnóg nó dá dteaghlach féin – cúramóirí nó daoine a bhí ina gcónaí astu féin.

D’iarr NPHET ar an Rialtas Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine. Creidtear go raibh imní ar chuid den Rialtas faoin mbail a d’fhágfadh srianta dá leithéid ar eacnamaíocht na tíre.

Measadh go gcuirfí an tír uilig faoi shrianta Leibhéal 4 agus roinnt srianta breise curtha leo, ach de réir na dtuairiscí is déanaí is Leibhéal 5 atá á bplé ag na hairí rialtais tráthnóna.

Faoi Leibhéal 5 bheadh cead ag tithe tábhairne, caiféanna agus bialanna fanacht oscailte más féidir leo seirbhís beir leat a chur ar fáil ach murab ionann agus Leibhéal 4, ní bheadh cead boird a chur ar fáil taobh amuigh do chúig dhuine dhéag.

Bíodh sé ina Leibhéal 4 nó 5, ní bheidh cead ag daoine cuairt a thabhairt ar dhaoine eile ina dtithe ná ina ngairdín agus ní bheidh aon teacht le chéile sóisialta ceadaithe.

Faoi shrianta Leibhéal 5 ní cheadaítear aon imeacht sóisialta a eagrú laistigh ná lasmuigh.

Faoi leibhéal 5, dhúnfaí ionaid aclaíochta agus fóillíochta agus linnte snámha agus bheadh cosc ar thraenáil spóirt. Faoi Leibhéal 4 bheadh cead traenáil a dhéanamh lasmuigh ach gan aon teagmháil fhisiciúil idir imreoirí agus iad roinnte ina ngrúpaí 15.

Ní bheidh cead aon chluichí ná imeachtaí spóirt a imirt ach meastar go bhféadfadh go ndéanfar eisceacht i gcás na scothspórt, amhail CLG.

Tharlódh dá réir go bhféadfaí tús a chur leis an comórtais iománaíochta agus pheile an tseachtain seo chugainn.

Faoi leibhéal 4 agus 5, ní cheadaítear ag bainis ach seisear agus 25 ag sochraid.

Tá an PUP, an íocaíocht speisialta do dhaoine atá as obair de dheasca na paindéime, le hardú go dtí €350 arís do dhaoine a bhí ag tuilleamh €400 nó níos mó.

Idir an dá linn, tá an tAire Tithíochta chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun an cosc ar dhíshealbhú a thabhairt ar ais fad a bheidh srianta ar an róthaisteal i bhfeidhm.

Údar buartha ag an Rialtas agus srianta á bplé acu an t-ardú a tháinig ar ghlaonna ó dhaoine a bhí ag fulaingt de bharr foréigean baile agus an laghdú a tháinig ar ghlaonna faoi pháistí a raibh imní faoina sábháilteacht le linn na chéad tréimhse dianghlasála.

 

Fág freagra ar 'Os cionn 1,000 cás eile den choróinvíreas fógartha agus srianta Leibhéal 5 le teacht'