Is gearr ó fritheadh scannán san Iodáil a rinne Orson Welles agus a bhí imithe amú le fada an lá. “Too Much Johnson” an teideal atá air.
Ar ndóigh, bhí Orson Welles ar dhuine de na léiritheoirí scannán ab fhearr a bhí ariamh ann. Ceaptar nach bhfuil sárú an scannáin “Citizen Kane” le fáil.
Ní raibh sé ach chúig bhliana fichead d’aois nuair a rinne sé é sin.
Bhí eolas maith ag Welles ar Éirinn agus go mór mór ar Inis Oírr. Caitheadh go maith leis sa tír seo ach má caitheadh, is gránna an tuairisc a thug sé ar chuid de mhuintir na hÉireann in agallamh a rinne sé i Meiriceá blianta ina dhiaidh.
Thug sé cuntas aisteach go háithrid ar mhná Inis Oírr. Tiocfaidh mé chuige sin ar ball.
Ní raibh sé ach sé bliana déag d’aois nuair a tháinig sé go Gaillimh den long an SS Baltic i mí Lúnasa 1931. Bhuail sé isteach chuig an Taibhdhearc agus is cosúil gur casadh an t-aisteoir agus an léiritheoir Mícheál Mac Liammóir leis.
Dílleachta a bhí in Welles. Cailleadh a athair an bhliain roimhe sin agus cailleadh a mháthair sé bliana roimhe sin arís nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois.
Chaithfeadh sé go dtug Mac Liammóir tuairisc dhó faoi Phádraic Ó Conaire mar ba é an chéad rud eile gur theastaigh uaidh asal agus cáirrín a cheannacht le dhul ag taisteal ar fud Chonamara.
Dúirt sé féin go raibh sé ag siúl ar Shráid na gCeannaithe i nGaillimh nuair a casadh fear suntasach dhó, “portly, prosperous and distinguished”.
Shíl sé go gcaithfeadh sé gurbh é Fear Ceannais na nGardaí é, a dúirt sé.
Cé a bheadh ann ach deartháir Phádraic Uí Chonaire, Isaac.
Thug Isaac isteach go dtí Stór Mhic Dhonncha é gur cheannaigh sé carr asail ann. Gaol gar d’Isaac ab ea Máirtín Mór Mac Donncha. Amach leo ansin go dtí ráschúrsa Bhaile Bhriota mar a raibh campa den lucht siúil. Tar éis cuid mhór margála, cheannaigh sé asal uathu.
“Síóg” a thug sé ar an asal nó “Sheeog” mar a litrigh sé féin an t-ainm.
D’imigh leis ar fud Chonamara sa gcáirrín asail gur shroich sé an Clochán. Dhíol sé “Síóg” agus an cáirrín ansin. Ba é P.J. Joyce a dhíol dhó iad. Dúirt P.K. gur chosúil gur theastaigh an t-airgead go géar ón Meiriceánach óg faoin tráth sin.
Ar Inis Oírr a thug sé a aghaidh ar fhágáil Chonamara dhó. Tá mé ag teacht níos gaire anois do mhná spéiriúla an oileain (“A Chúnla, a chroí, ná tar níos gaire dhom…m’anam go dtiocfaidh, ‘deir Cúnla”).
Ach ar aghaidh linn beagáinín i dtosach go dtí an chuairt a thug sé ar Bhleá Cliath go gairid ina dhiaidh sin aríst.
Chaith sé seal an-ghearr ag staidéar i gColáiste na Tríonóide agus bhuail sé isteach ansin go dtí Mícheál Mac Liammóir agus go dtí Hilton Edwards gur iarr sé páirt i ndráma orthu. Fuair sé é agus chuaigh sé ar an stáitse in Amharclann an Gheata ar an 13ú lá de Dheireadh Fómhair 1931.
Ach céard faoi mhná breátha Inis Oírr, a deir tú?
San agallamh a rinne sé i Meiriceá blianta dár gcionn, dúirt sé gur éirigh thar cionn go deo leis ag plé le mná Inis Oírr.
“I could hardly draw a breath when I visited the Aran Islands, a dúirt sé. “And these great marvellous girls in their white petticoats, they’d grab me. Off the petticoats would go.”
Tháinig imní ar shagart faoi seo, a dúirt sé, agus bhagair sé go crosta air: “I had another confession this morning,” a dúirt an sagart, “when are you leaving?”
Nárbh iontach an Lothario é in aois a shé bliana déag!
Maidir le mná Inis Oírr a bheith chomh bog lena gcuid, ní chreidim focal de.
Páid Ó Donnchú
Níl a fhios agam, tá mná aisteach. Seans go raibh Orson ceart.