Ordú tugtha ag réiteoir sacair Spáinneach d’imreoirí gan Bascais a labhairt

Dúirt an réiteoir go gcuirfeadh sé aon imreoir a labhródh Bascais den pháirc i gcluiche a imríodh i dTír na mBascach

Ordú tugtha ag réiteoir sacair Spáinneach d’imreoirí gan Bascais a labhairt

Dúirt réiteoir sacair a bhí i bhfeighil ar chluiche a imríodh sa Spáinn go gcuirfeadh sé imreoirí den pháirc dá labhróidís aon Bhascais i rith an chluiche.

Tharla an eachtra ag an deireadh seachtaine i gcluiche sa chúigiú roinn idir Elgoibar agus Idiazabal. Imríodh an cluiche i gceantar Gipuzkoa i dTír na mBascach.

Líomhnaítear gur thug an réiteoir rabhadh do na himreoirí roimh an gcluiche go raibh sé chun aon imreoir a labhródh Bascais a chur den pháirc.

Tuairiscítear gur as deisceart na Spáinne don réiteoir agus, cé go bhfuil sé anois ag cur faoi i dTír na mBascach, nach bhfuil aon Bhascais aige.

Ghlac na himreoirí leis an ordú ag an am ach rinneadh gearán faoin réiteoir ina dhiaidh sin.

Dúirt Denis Itxaso, polaiteoir áitiúil nach féidir neamhaird a dhéanamh den eachtra agus d’iarr sé ar na húdaráis fiosrúchán a dhéanamh faoin scéal.

“Is iontach an uirlis í an spórt chun an Bhascais a chur chun cinn,” a dúirt Itxaso.

“Ní dhéanann na heachtraí seo ach drochmheas a chothú i leith na teanga agus na hoidhreachta. Is teanga oifigiúil í an Bhascais agus ní féidir neamhaird a dhéanamh de mheon an réiteora. Má dhéantar is amhlaidh a bheimis ag glacadh leis an dearcadh sin nuair ba chóir é a cháineadh.”

Tharla eachtra den chineál céanna sa tír seo bliain go leith ó shin. Rinne Na Piarsaigh, cumann CLG Ros Muc in iarthar na Gaillimhe, gearán le bord an chontae faoi réiteoir a dúirt siad a d’iarr ar bhall den chumann gan a bheith ag labhairt as Gaeilge leis an bhfoireann le linn cluiche.

Fág freagra ar 'Ordú tugtha ag réiteoir sacair Spáinneach d’imreoirí gan Bascais a labhairt'

  • Learraí

    An réiteoirí nó tíoránaigh aineolacha iad sin? Cá’il mórtss na n-imreoirí? Dá ndéarfadh réiteoir a leithéid liomsa déarfainn leis ‘bucáil’ leis in ainm phillíní an diabhail agus nára maith aige.

  • Pól Réamonn

    An bhfuil an Spáinn ag iarraidh d’aon ghnó a scoilt mar náisiún?