Orainne a bhí gliondar croí nuair a fógraíodh go mbeadh craobh iomána againn

Siar ar dtús linn go dtí an 19 Deireadh Fómhair, an lá ar fhógair an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfí srianta dianghlasála Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát...

Orainne a bhí gliondar croí nuair a fógraíodh go mbeadh craobh iomána againn

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Inniu agus Dé Sathairn seo chugainn, caithfidh mé súil siar ar imeachtaí na craoibhe idirchontae iomána, craobh a chríochnaigh le taispeántas iontach ó fhoireann Luimnigh.

Siar ar dtús linn go dtí Dé Luain an 19 Deireadh Fómhair 2020, an lá a d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfí srianta dianghlasála Leibhéal 5 i bhfeidhm sa stát le scaipeadh an Covid-19 a cheansú.

Dúirt sé, áfach, go mbeadh cead craobhchomórtais CLG a imirt. Nach orainn a bhí an gliondar croí.

Bhí mórán díospóireachta sna meáin, d’aontaigh daoine áirithe leis an gcinneadh agus bhí daoine eile ar mhalairt tuairime, ach thosaigh na cluichí iomána leis an gcoimhlint idir Laois agus Baile Átha Cliath. I gcluiche nach raibh thar mholadh beirte sheas Dónal Burke Átha Cliath amach do na buaiteoirí agus 1-16 i ndiaidh a ainm.

An lá ina dhiaidh ba ó Tony Kelly a tháinig sé chúilín déag de chúilíní do chontae an Chláir ach bhí rith an ráis le Luimneach sa dara leath agus bhí trí dhosaen cúilíní faighte acu faoin am a chríochnaigh an cluiche.

Tony Kelly. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Domhnach ina dhiaidh sin agus aimsir uafásach i bPáirc Uí Chaoimh bhí an bua ag Luimneach ar Thiobraid Árann, 3-23 acu i gcoinne 2-17. Sa dara leath san thaispeánadar don dara Domhnach i ndiaidh a chéile gur acu a bhí an painéal is cumasaí sa tír.

Sa chluiche leathcheannais eile i gCúige Mumhan bhí níos mó spioraid agus dúil sa bhua ag Port Láirge i gcoinne Chorcaí. Bhí na Déise thar barr ó thosach deireadh agus an bua tuillte go maith acu.

Ar an Satharn bhí cuma na maitheasa ar an nGaillimh in aghaidh Loch Garman, go háirithe sa dara leath. Bhíodar ar fheabhas ar fud na páirce ach sheas Fintan Burke, Brian Concannon agus Conor Whelan amach i dtaispeántas a thug mórán suntas dó.

An tráthnóna céanna bhí cúig chúl idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg ag leath ama sa chluiche idir Cill Chainnigh agus Áth Cliath. Dar ndóigh bhí cnoc le dreapadh ag imreoirí na hardchathrach sa dara leath agus iad ag imirt mar a bheidís á stiúradh ag an seanfhocal ‘i ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin’. Bhí siad ar comhscór agus am cúitimh gortaithe ann, ach sa 74ú nóiméad ba é lánchúlaí Chill Chainnigh Huw Lawlor a scóráil cúilín an bhua do na Cait.

Colin Fennelly (Cill Chainnigh) agusJames Madden (Áth Cliath). Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

An Luan, an dara lá de mhí na Samhna, thugamar cluas éisteachta do Morning Ireland ar RTE Radio 1 agus an tarraingt á déanamh do na cluichí cáilithe agus an seans deireanach do na foirne a chaillfeadh.

Sa chéad chluiche cáilithe, bhí an t-ádh ar na Cláirínigh teacht slán as a gcluiche le Laois le farasbarr cúilín amháin. Sa dara cluiche bhí Corcaigh go mór in uachtar i gcoinne Átha Cliath.

An Luan ina dhiaidh sin, bhí cluas leis an raidió arís againn agus an chéad tarraingt eile á déanamh. Bheadh an Clár agus Loch Garman le chéile agus an bheirt bhainisteoirí, beirt Chláiríneach, Davy FitzGerald agus Brian Lohan, in adharca a chéile.

Ach sa gcluiche féin, ba é Tony Kelly (arís) a thuill na ceannlínte agus 1-15 ar chlár na scór aige i mbua iontach an Chláir.

Sa chluiche eile an lá sin bhí piardaí móra na Mumhan Tiobraid Árann agus Corcaigh in aghaidh a chéile. Agus gaoth agus báisteach i bPáirc na nGael i Luimneach bhí cath go dtí an deireadh ann nuair a scóráil Jake Morris cúl a thug an bua do Thiobraid Árannaigh.

Jake Morris. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Níos déanaí an tráthnóna sin, bhí cluiche ceannais Laighean ar siúl agus an Ghaillimh mar rogha na n-údar i gcoinne Chill Chainnigh. Go dtí an cheathrú deireanach bhí gach cuma ar an scéal gurb orthusan a mbronnfaí Corn Bob O’Keefe. Ach le cabhair dhá chúl ó na seanfhondúirí Richie Hogan agus TJ Reid laghdaíodh an bhearna go dtí aon chúilín amháin.

Faoi dheireadh na himeartha bhí na Cait dhá chúilín chun tosaigh agus thug leo an corn luachmhar den dara huair is seachtó.

An lá ina dhiaidh sin, bhí cluiche ceannais na Mumhan thar a bheith taitneamhach againn. Chuir Port Láirge mórán ceisteanna ar sheaimpíní an chúige Luimneach agus bhí an ceathrú dheireanach gar do bheith caite faoin am go raibh solas éigin idir na foirne. Bhí Luimneach ina seaimpíní don dara bliain as a chéile, an chéad uair a rinneadar an gaisce áirithe sin ó 1981. Thug mise suntas faoi leith do thaispeántas imreoir amháin de chuid na nDésie, Stephen Bennett. Bhí sé thar barr leis na pocanna saora (0-9) agus scóráil se trí chúilín ón imirt freisin.

Ach ba le Luimneach an lá agus an corn cé go raibh laigí áirithe ina dtaispeántas a thug údar misnigh do Phort Láirge agus d’fhoirne eile.

Féachfaimid ar ar tharla ina dhiaidh sin an tseachtain seo chugainn.

 

Fág freagra ar 'Orainne a bhí gliondar croí nuair a fógraíodh go mbeadh craobh iomána againn'