Óráid i dteanga na Mahaíceach tugtha i bparlaimint Quebec den chéad uair riamh

Cuireadh tús an tseachtain seo caite le ‘Mí na mBundúchasach’ i gCeanada. D’fhoghlaim an feisire Marc Miller ‘Kanien’kéha’ toisc gur ar thalamh traidisiúnta na Mahaíceach atá a thoghcheantar féin

Óráid i dteanga na Mahaíceach tugtha i bparlaimint Quebec den chéad uair riamh

Thug feisire parlaiminte óráid as Móháicis uaidh  i dTeach na dTeachtaí i Quebec i gCeanada, teanga dhúchais de chuid na tíre sin, le deireanas.

Ba í seo an chéad uair riamh a thug feisire óráid uaidh i bparlaimint Quebec sa Mhócháicis, teanga nach bhfuil ach ag níos lú ná 4,000 duine anois.

Tá spéis faoi leith ag an bhfeisire Marc Miller, ó Pháirtí an Lucht Oibre, i gceist mhionteangacha Cheanada, agus deir sé gur fhoghlaim sé an Mhóháicis mar chuid de ‘aistear pearsanta’ agus é ag tarraingt airde ar chás theangacha na mbundúchasach.

Cuireadh tús an tseachtain seo caite le ‘Mí na mBundúchasach’ i gCeanada. D’fhoghlaim Miller ‘Kanien’kéha’, mar a thugtar uirthi sa teanga féin, toisc gur ar thalamh traidisiúnta na Mahaíceach atá a thoghcheantar féin.

Dúirt sé gur bheartaigh sé teanga nua a fhoghlaim nuair a bhí sé ina chathaoirleach ar Chácas Quebec cúpla bliain ó shin agus é ag cur brú ar a chomhghleacaithe barr feabhais a chur ar a gcuid Fraincise.

I ndiaidh dó an óráid, a thabhairt dúirt Miller ar Facebook go raibh súil aige gur spreag a chuid cainte cúpla duine eile teanga dhúchais de chuid Cheanada a fhoghlaim freisin.

Chuir sé aistriúchán Béarla agus Fraincise den óráid ar fáil don pharlaimint i ndiaidh dó a óráid a thabhairt.

“Beannaím sibh atá bailithe anseo. Seasaim anseo le hómós a thabhairt don Mhócáicis agus le hómós a thabhairt dá muintir. Tugaimis ómós do Dhia as gach ar thug sé dúinn go mairfimis go síochánta.

“Tá bród orm a bheith i mo sheasamh anseo ag labhairt libh sa Mhócáicis. Tá súil agam go gcuirfidh sé lenár gcairdeas. Tá súil agam freisin go gcloisfimid an Mhócháicis i bhfad níos minice anseo agus go mbeidh níos mó Ceanadach sásta í a labhairt lena chéile. Beannaím thusa, a Cheann Chomhairle,” a dúirt sé.

In agallamh a thug sé don stáisiún teilifíse CBC, dúirt Miller go raibh sé ag súil go mbeadh lucht na scoile Mócháicise “in amhras” faoi dhuine dá chineál ag teacht isteach leis an teanga a fhoghlaim.

“Cheap mé go mbeidís ag gáire fúm agus go ndéarfadh siad ‘an ag magadh atá mo dhuine? Cé hé an t-amadán seo?’ ach a mhalairt a bhí fíor. Bhí siad thar a bheith dearfach faoi,” a dúirt sé.

Chuir cainteoirí Mócháicise i gCeanada fáilte roimh an óráid a tugadh ina dteanga féin i bparlaimint Quebec. Dúirt Akwiratékha’ Martin, teagascóir Mócháicise i scoil tumoideachais sa cheantar, gur “léiriú mór measa” a bhí in óráid Miller agus go raibh súil aige go spreagfaidh an óráid rialtas Chónaidhm Cheanada le níos mó tacaíochta a thabhairt do chláir a chuireann teangacha dúchais Cheanada chun cinn.

Ba í seo an chéad uair riamh a thug feisire óráid uaidh i bparlaimint Quebec sa Mhócháicis. An mhí seo caite, áfach, thug an feisire Robert-Falcon Ouellett óráid uaidh go huile agus go hiomlán sa Chraís, teanga na gCraíoch, treibh dhúchais eile i gCeanada. Labhair Ouellet faoin mbrúidiúlacht in aghaidh mná óga i gceantar na féarthalún i lár Cheanada.

Tá tuairim is 25,000 Mahaíceach i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá le chéile. Níl teanga a sinsear ach ag 15%, nó 3,750 duine, acu sin.

Fág freagra ar 'Óráid i dteanga na Mahaíceach tugtha i bparlaimint Quebec den chéad uair riamh'