Óráid fhíorspéisiúil tugtha ag Ursula von der Leyen agus leagan breá Gaeilge ar fáil

Toisc an cogadh san Úcráin bhí tábhacht thar an ngnáth ag baint le hAitheasc ar Staid an Aontais 2022

Óráid fhíorspéisiúil tugtha ag Ursula von der Leyen agus leagan breá Gaeilge ar fáil

Thug Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh Ursula von der Leyen a hAitheasc ar Staid an Aontais 2022 le déanaí.  Tá an tAitheasc bliantúil seo ar cheann de na ráitis is tábhachtaí a thagann ó cheannaireacht pholaitiúil an Aontais gach bliain.  Toisc an cogadh san Úcráin bhí tábhacht thar an ngnáth ag baint le hóráid na bliana seo agus, mar a tharla, bhí sé chomh maith lena rabhthas ag súil.

Is óráid fíorspéisiúil í gan aon agó.  Tugann sí léargas dúinn ar a bhfuil ag dó na geirbe ag ceannairí polaitiúla an Aontais i láthair na huaire.  Tugann an óráid léargas dúinn freisin ar an tábhacht, i bhfocail von der Leyen, ‘ár leasanna agus ár luachanna a chur chun cinn sa domhan’.  Ní nach ionadh, i mbliana thug Uachtarán an Choimisiúin tús áite don chogadh san Úcráin.

Bhí Céadbhean na hÚcráine, Ólena Zelenska (bean chéile an Uachtaráin Volodymyr Zelensky), i láthair i bParlaimint na hEorpa don ócáid.  Ag tús a hóráide, dúirt von der Leyen gurb é seo an chéad uair riamh ar phléigh an Pharlaimint Staid an Aontais nuair a bhí cogadh faoi lán seoil ar thalamh na hEorpa.  ‘An t-uathlathas i gcoinne an daonlathais’ atá i gcroílár an chogaidh, dar léi.

Mar aon leis an Rúis, áfach, is léir go bhfuil cúrsaí sa tSín freisin ag déanamh imní do lucht ceannais an Aontais. Dhírigh an tUachtarán go háirithe ar an mhonaplacht, geall leis, atá ag na Sínigh i dtionscal na mianraí tearcithreacha [rare earths]. Tá tábhacht chriticiúil ag baint leis na hábhair seo, dar le von der Leyen. Deir sí go mbeidh litiam agus na mianraí tearcithreacha níos tábhachtaí ná ola agus gás roimh i bhfad agus go dtiocfaidh méadú faoi chúig ar an éileamh a bheidh ar mhianraí tearcithreacha faoin mbliain 2030. Toisc an tábhacht a bhaineann leo fógraíonn an tUachtarán tionscnamh nua chun dul i ngleic leis an gceist: Ionstraim an Aontais um Amhábhair Chriticiúla.

Is iontach an rud é go raibh an óráid seo le fáil i nGaeilge comhuaineach leis an mbunleagan, a bhí i mBéarla den chuid is mó. Ait go leor dealraíonn sé go bhfuil tús áite ag an mBéarla i gcónaí san Aontas Eorpach, cé go bhfuil an Ríocht Aontaithe bailithe leo as. Tréaslaím leis na haistritheoirí a chuir an áis seo ar fáil dúinn. Rinne siad jab sármhaith. Tá rithim agus líofacht ag dul tríthi mar óráid agus is fiú í a léamh ina hiomlán inár dteanga féin.

Seo a leanas na príomhphointí a sheas amach domsa sa téacs:

“Ní hamháin gur cogadh é seo atá an Rúis a fhearadh i gcoinne na hÚcráine.  Is cogadh é i gcoinne ár bhfuinnimh, i gcoinne ár ngeilleagair, i gcoinne ár luachanna agus i gcoinne ár dtodhchaí…An t-uathlathas i gcoinne an daonlathais.”

“Is cuma cibé acu a labhróimid faoi shliseanna réaltachta fíorúla nó cealla le haghaidh grianphainéal, is iad na hamhábhair an rud is tábhachtaí a spreagfaidh an t-aistriú chuig geilleagar digiteach inbhuanaithe. Beidh litiam agus na mianraí tearcithreacha níos tábhachtaí ná ola agus gás roimh i bhfad. Agus is maith an comhartha é sin!  Léirítear leis sin a thapúla is atá dul chun cinn an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.”

“Is é an t-aon fhadhb atá ann go fóill go bhfuil smacht ag aon tír amháin ar an margadh uile beagnach. Ní mór dúinn spleáchas a sheachaint, amhail an spleáchas ar ola agus ar ghás.”

“Cabhraíonn comhpháirtíochtaí nua linn, ní hamháin chun an geilleagar a threisiú ach chun ár leasanna agus ár luachanna a chur chun cinn sa domhan.”

“Ach soláthairtí a chinntiú, níl ann ach an chéad chéim. Tá próiseáil na miotal sin chomh ríthábhachtach céanna.

“An tráth seo inniu, tá smacht ag an tSín ar thionscal próiseála an domhain. Déantar beagnach 90% de na mianraí tearcithreacha agus 60% de litiam a phróiseáil sa tSín.”

“Aithneoimid tionscadail straitéiseacha ar fud an tslabhra soláthair, idir eastóscadh agus scagadh, agus idir phróiseáil agus athchúrsáil. Agus cuirfimid le cúlchistí straitéiseacha nuair atá an soláthar i mbaol. Dá réir sin, tá mé ag fógairt inniu Ionstraim an Aontais um Amhábhair Chriticiúla.”

“Óir an bealach i dtreo daonlathais láidre agus an bealach i dtreo an Aontais, is ionann iad.”

“Muintir na mBalcán Thiar, na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia, is mian liom é seo a chur in iúl daoibh: Is cuid dár dteaghlach sibh, tá sé i ndán daoibh a bheith mar chuid den Aontas, agus ní iomlán an tAontas seo againne gan sibh!”

Fág freagra ar 'Óráid fhíorspéisiúil tugtha ag Ursula von der Leyen agus leagan breá Gaeilge ar fáil'

  • Antóin

    Ní fheadar an bhfuil mianraí tearcithreacha san Úcráin!