Tuairiscítear go raibh ceann de na gigeanna ba mhó ag na Wolfe Tones ag an Electric Picnic le deireanas, tuairisc a spreag uafás is alltacht i measc na n-uaisle siosmaideacha a mbíonn déistin orthu faoi aon rud a mholann an chogaíocht ar son na saoirse, go stairiúil nó riamh.
Go deimhin ar feadh na mblianta fada den streachailt ó thuaidh bhí cosc ag RTÉ ar amhráin nó eile a bhain lenár stair réabhlóideach, is nuair a chloiseann na huaisle inniu focail ar nós ‘Ooh Aa, Up the Ra’, cailleann siad an cloigeann.
Ar ndóigh chríochnaigh na Wolfe Tones an ghig leis an amhrán cáiliúil úd, ‘Celtic Symphony’.
Mar a tharlaíonn, ní amhrán molta don IRA atá ann – nó níorbh ea nuair a cumadh é. Is amhrán faoi lucht leanúna Cheiltigh Ghlaschú, agus an graifítí ar an mballa taobh le Parthas (mar a thugann lucht leanúna Celtic ar a bpáirc imeartha).
Ach tá ciall eile leis anois – rud é a deir nach gá leithscéal a ghabháil faoin troid a dhein an tIRA in aghaidh na Breataine.
Ar ndóigh ní bheadh stát faoi leith ar bith againn, saorstát, poblacht nó eile, murach go raibh fir is mná óga ann a bhí sásta dul i muinín an ghunna le saoirse a bhaint amach ó Shasana.
Agus thug sampla Chogadh na Saoirse spreagadh gan dabht do chuid mhaith náisiúnaithe ó thuaidh dul i muinín an ghunna is an bhuama le deireadh a chur leis an gcos ar bolg a d’fhulaing siad. Sin é an fáth gur chuir na huaisle bac ar amhráin reibiliúnacha.
Bhí mise orthu siúd nár cheap gurbh é sin an bealach ab fhearr le dul chun cinn a dhéanamh. Chuir buamáil fhánach ar na sráideanna nó i mbialanna is ionaid shóisialta eile uafás is alltacht orm, is cheap mé gur chuir a leithéid siar an lá go mbainfí saoirse amach.
Ach thuig mé i gcónaí go raibh misneach as cuimse acu siúd a throid, is gur throid siad toisc nach riabh siad sásta glacadh leis an éagóir.
Ábhar mór dóchais mar sin a bhí i gcinneadh na Sealadach stop a chur leis an bhfeachtas armtha, ach tiontú ar an streachailt pholaitiúil.
Ach nuair a chanann daoine óga ‘Ooh Aah Up the Ra’ tá siad ag fógairt go dtuigeann siad fáth na troda, is gur sprioc bhailí é athaontú na hÉireann agus stát fíor-neamhspleách a bheith againn.
Is cuid den stair í an streachailt armtha. Agus má tá bealach níos fearr ann le troid in aghaidh an chos ar bolg, ní ábhar náire an troid. Ábhar aiféala nó aithreachais b’fhéidir, ach ní ábhar náire.
Is nuair a fhógraíonn Aontachtóirí a n-uafás faoin scéal, tá siadsan, is a lucht tacaíochta sa mbunaíocht ó dheas, ag iarraidh a thabhairt le fios nach raibh sé ceart cur i gcoinne an chos ar bholg ar bhealach ar bith.
Nach ait nach mbíonn an t-uafás céanna ar na huaisle ó dheas nuair a dhéanann na páirtithe Aontachta ionsaí ar an nGaeilge, nuair a cháineann siad póilíní a ghlac páirt i gceiliúradh Ard Mhacha sa gcluiche ceannais peile, nó nuair a dhiúltaíonn siad aitheantas mar chomhshaoránaigh a thabhairt dá gcomharsana náisiúnacha?
Nach ait gur cuma go bhfuil Taobh an Bhogaigh i nDoire agus Iarthar Bhéal Feirste fós ar na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste in Éirinn ná sa Riocht Aontaithe.
Is cosúil gur ait an rud é don aos óg, agus iad ag canadh ‘Up the Ra’. Is cuid é den tuiscint atá acu go ndearnadh leatrom ar náisiúnaithe an Tuaiscirt is gur thacaigh bunaíocht an Deiscirt leis sin trína súile a dhúnadh agus daoine ó dheas a choinneáil dall ar an bhfírinne faoin Tuaisceart.
Ní ghlacfaidh náisiúnaithe an Tuaiscirt le stádas mar shaoránaigh den dara grád a thuilleadh, is ní cheapann aos óg an Deiscirt gur chóir dóibh glacadh leis ach an oiread.
Má chuireann sin déistin ar na huaisle, bíodh acu. Tá a nguth féin ag an aos óg, guth atá le clos sa scannán Kneecap – scannán eile ar ndóigh a chuireann déistin ar na huaisle.
Ag deireadh thiar ní féidir an streachailt ó thuaidh a thuiscint, nó céimeanna fiúntacha a thógáil i dtreo an athmhuintearais, má dhamnaíonn muid taobh amháin – taobh an náisiúnachais – den choimhlint, nó má dhéanann muid iarracht fuath is géire na coimhlinte a choinneáil beo, in iarracht buachan ar an IRA, rud nár éirigh leis na Sasanaigh a dhéanamh sa troid.
Sin é an fáth go bhfáiltím roimh thoil an aosa óig aghaidh a thabhairt ar an todhchaí agus gan a bheith gafa san am atá caite.
JP
Seachas an méid sin go léir (an stair ghabhlánach, thragóideach sin) is ceoltóirí breátha ar fad iad na Tones.
Tá an ceathrar acu sna 80idí anois ach iad fós go maith ábalta an dream óg a chur le haer agus le haoibhneas an tsaoil.
Nach iontach!
Éist le *’Garrán a’ Bhile’, mar shampla, nó ‘Óró sé do Bheatha Abhaile’, dhá amhrán a mhairfidh go brách na breithe.
Nár mhór an fhéachaint suas dár dteanga is dár gcultúr é dá dtosódh lucht leanta rugbaí, sacair, iomána is peile á gcanadh sin ag cluichí seachas
‘The Fields of Athenry’??
Níor ghá ach focail an amhráin a chur in airde ar scáileán.
Bhí siad á gcanadh in ard a gcinn is a ngutha ag an bPicnic!
* amhrán nach gcloistear ar RnG ná in aon áit eile ach chomh beag.