‘Onóir mhór í’ – duine as an nGaeltacht ceaptha ag Uachtarán ar an gComhairle Stáit den chéad uair riamh

Deir Seán Ó Cuirreáin, iarchoimisinéir teanga agus ball den Chomhairle Stáit nua, gur ‘iontach go deo’ go bhfuil Uachtarán ann a thuigeann ‘an leochaileacht agus an phráinn’ a bhaineann le cás na Gaeltachta agus na Gaeilge

‘Onóir mhór í’ –  duine as an nGaeltacht ceaptha ag Uachtarán ar an gComhairle Stáit den chéad uair riamh

Bhronn an tUachtarán Micheál Ó hUigínn inniu a mbarántais ceapacháin ar bhaill nua na Comhairle Stáit, ina measc an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin.

De réir taighde atá déanta ag Tuairisc.ie is é Seán Ó Cuirreáin an chéad duine ón nGaeltacht riamh a cheap aon Uachtarán ar an gComhairle Stáit.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Seán Ó Cuirreáin, arb as paróiste Ghort an Choirce i nDún na nGall ó dhúchas dó ach a bhfuil cónaí air i gCois Fharraige le blianta fada, gur “onóir agus pribhléid mhór dó” glacadh lena cheapachán ar an gComhairle Stáit.

“Is léir gur roghnaigh an tUachtarán daoine ar de phobail leochaileacha iad agus daoine atá gafa le ceisteanna agus cúiseanna a bhfuil práinn ar leith leo, cúrsaí athrú aeráide agus cúrsaí cearta sóisialta, mar shampla. Tá an leochaileacht agus an phráinn i gceist go mór i gcás na Gaeltachta agus na Gaeilge agus is iontach go deo go bhfuil Uachtarán againn a thuigeann é sin,” arsa Seán Ó Cuirreáin.

Iarchraoltóir agus iar-iriseoir é Ó Cuirreáin a bhí ina leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a ceapadh mar an chéad Choimisinéir Teanga riamh in Éirinn é in 2004. D’éirigh sé as an bpost sin sa bhliain 2014 mar agóid i gcoinne fhaillí an Stáit i leith na Gaeilge. Ba é a scríobh an leabhar Éagóir ar ar bunaíodh an fadscannán faisnéise Murdair Mhám Trasna, saothar a raibh baint mhór aige leis an bpardún iarbháis a thug an tUachtarán anuraidh do Mhaolra Seoighe ar crochadh san éagóir é as dúnmharuithe Mhám Trasna i 1882.

Is iad an seisear eile a ceapadh ar an gComhairle Stáit ná Cara Augustenborg, an t-eolaí timpeallachta; an feachtasóir agus tráchtaire Sinéad Burke, an bhean is cúis le ‘duine beag’ a bheith sa bhfoclóir Gaeilge; Sindy Joyce, an cosantóir cearta daonna agus scoláire; Maurice Malone, Príomhfheidmeannach Chumann Ghaeil Birmingham; Johnston McMaster, iarléachtóir agus saineolaí sa diagacht agus san eitic; agus Mary Murphy, léachtóir sa pholaitíocht in Ollscoil Mhá Nuad.

Is iad na daoine eile a bhíonn ar an gComhairle Stáit, an Taoiseach, an Tánaiste, an Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid, an Príomh-Bhreitheamh, an tArd-Aighne agus na hiaruachtaráin, na hiarthaoisigh agus na hiar-phríomhbhreithiúna a mhaireann beo.

Leagtar amach i mBunreacht na hÉireann go dtagann an Chomhairle Stáit le chéile le comhairle a chur ar Uachtarán na hÉireann nuair is gá.

Fág freagra ar '‘Onóir mhór í’ – duine as an nGaeltacht ceaptha ag Uachtarán ar an gComhairle Stáit den chéad uair riamh'