O’Neill ag súil le feabhas céim ar chéim ach géarghá le bua anocht

Mura n-éiríonn le hÉirinn cluiche na hoíche anocht a bhuachan i gcoinne na Breataine Bige, beidh sé níos deacra orthu áit a bhaint amach ag EURO 2020

O’Neill ag súil le feabhas céim ar chéim ach géarghá le bua anocht

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

I ndiaidh an chluiche 0-0 in aghaidh na Danmhairge Dé Sathairn, chaithfeá a rá go bhfuil dul chun cinn déanta ag Éirinn. Bhí naoi gcúl géillte acu sa dá chluiche comórtais a d’imir siad roimhe sin agus ar a laghad níor tugadh stánáil eile dóibh i Staid Aviva.

Faraor, tá neart oibre fós le déanamh ag Martin O’Neill agus ag a chuid imreoirí. Cé gur bhain O’Neill úsáid as córas imeartha nua, 3-5-1-1, bhí an chuid eile dá chur chuige feicthe go minic cheana againn. Is amhlaidh a bhí Éire ag titim siar i mbun na cosanta i gcónaí, rud a d’fhág tréimhsí fada iad gan seilbh ar bith á fáil acu ar an liathróid.

D’admhaigh O’Neill i ndiaidh an chluiche go raibh sé ag iarraidh roinnt rudaí faoin stíl sin a athrú ach go dtógfaidh sé am. Shamhlófá, mar sin, nach dtiocfaidh mórán d’athrú ar an scéal agus Éire ag dul chun páirce arís in aghaidh na Breataine Bige anocht.

Ar a laghad ní bheidh teacht ag an mBreatain Bheag ar thriúr de na himreoirí is fearr a bhí acu nuair a thug siad greadadh d’Éirinn an mhí seo caite. Tá laoch na foirne, Gareth Bale, gortaithe, agus is amhlaidh an scéal ag Ethan Ampadu, a bhí ar fheabhas i lár na páirce sa chluiche sin a bhuaigh siad 4-1. Fógraíodh inné nach mbeidh teacht ag Ryan Giggs ach oiread ar Aaron Ramsey Arsenal.

Tá rudaí imithe in olcas do Giggs agus don Bhreatain Bheag ó bhuaigh siad an cluiche sin i gcoinne na hÉireann. Chailleadar 2-0 i gcoinne na Danmhairge mí Mheán Fómhair agus bhuaigh An Spáinn 4-1 orthu in Caerdydd oíche Déardaoin.

Fágann sin go bhfuil deis mhaith ag Éirinn i gcluiche na hoíche anocht ach caithfidh siad a bheith níos fearr ná a bhí siad in aghaidh na Danmhairge, go háirithe agus iad ag dul ar an ionsaí.

Seans gurb é fear mór Dhoire, Shane Duffy, an t-imreoir is mó a chuirfeadh imní ar chosantóirí an fhreasúra agus fad a bhíonn an cás amhlaidh, beidh Éire i gcónaí i dtaobh le ciceanna saora nó ciceanna cúinne chun deiseanna a chruthú.

Tá sé ríthábhachtach go mbuafadh Éire an cluiche seo mar, má theipeann orthu, beidh sé deacair orthu ísliú céime go Roinn 3 de Chomórtas Sraithe na Náisiún UEFA a sheachaint. Dá dtarlódh sé sin, beidh siad sa tríú pota don tarraingt do chluichí cáilithe EURO 2020 agus é níos deacra fós orthu áit a bhaint amach ag mórchomórtas na hEorpa.

Ní fhacamar aon taispeántas maith ó fhoireann na hÉireann ó mhí Deireadh Fómhair na bliana seo caite nuair a bhuail siad an Bhreatain Bheag 1-0 in Caerdydd.

Ba dheacair breathnú ar imirt na hÉireann an oíche sin ach imirt éifeachtach ab ea í. Tá gá le toradh den chineál céanna anocht.

Fág freagra ar 'O’Neill ag súil le feabhas céim ar chéim ach géarghá le bua anocht'