ÓMÓS: Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2020…

Bhí fathach na Cré Duibhe Joe Steve Ó Neachtain, an staraí an tSiúr Margaret Mac Curtain agus an t- iar-aire Gaeltachta Tom O’Donnell i measc na nGael ar fhág a n-imeacht uainn pobal na teanga faoi bhrón in 2020

ÓMÓS: Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2020…

Bhí an scríbhneoir iomráiteach Joe Steve Ó Neachtain agus an staraí mór le rá Margaret Mac Curtain i measc na mórGhael a d’imigh ar shlí na fírinne in 2020. Mí Eanáir a bhásaigh Joe Steve, duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann.

D’fhág Joe Steve Ó Neachtain lorg buan ar shaol na Gaeltachta agus ar litríocht na Gaeilge mar cheannródaí i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus mar scríbhneoir ildánach.

Cuireadh aithne air chomh maith ar fud na tíre mar gheall ar a pháirt mar Pheadar Ó Conghaile ar Ros na Rún agus thug sé 21 bliain leis an sobaldráma Gaeltachta.

Mí Eanáir chomh maith a bhásaigh an mórscoláire Gaeilge agus eitnicheoleolaí ceannródaíoch Breandán Ó Madagáin.

Mí Dheireadh Fómhair a bhásaigh an tSiúr Margaret Mac Curtain, bean rialta in ord na nDoiminiceach, staraí, Gaeilgeoir, oideachasóir, cosantóir chearta an duine, feimineach agus scríbhneoir. Bhí sí 91 bliain.

San fhómhar chomh maith a bhásaigh Jimmí Chearra as Cois Fharraige, duine de sheanchaithe agus scéalaithe móra na hÉireann agus an t- iar-aire Gaeltachta Tom O’Donnell.

Bhí Tom O’Donnell, arb as Cill Mocheallóg i gcontae Luimnigh dó, ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave agus bhí sé ar dhuine de na hairí Gaeltachta ba mhó cáil agus stádas sa chéad seo caite.

Mí Mheán Fómhair a cailleadh an tAthair Pádraig Ó Murchú ón mBaile Loisce i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, údar an tsárleabhair Idir Dhá Shaol.

Ceannródaí cultúir ab ea Seán Stafford a cailleadh mí Lúnasa. D’fhág Stafford, a bhí 96 bliain d’aois, a lorg ar shaol na n-ealaíon agus na hamharclannaíochta Gaeilge, go háirithe ar An Taibhdhearc sa Ghaillimh.

Mí Aibreáin a bhásaigh an t-údar, ealaíontóir, cartagrafaí, cartúnaí agus cainteoir Gaeilge Tim Robinson in aois a 85 bliain de bharr an choróinvíris.

Bhí ainm in airde air as na trí leabhar neamhfhicsin a scríobh sé faoi Chonamara agus an dá leabhar a scríobh sé a bhí bunaithe ar a chuid taighde in Oileáin Árann.

In Yorkshire Shasana a rugadh Tim Robinson agus nuair a tháinig sé chun cónaithe in Éirinn thug sé faoi shiúl na gcos agus shiúil sé na mílte míle ciliméadar go ndearna mapaí d’Árainn, den Bhoirinn agus de Chonamara.

“ABC d’iontais na cruinne” a thug sé féin orthu.

Bhí Gaeil Bhéal Feirste faoi scáth mí Dheireadh Fómhair nuair a bhásaigh Aoife Ní Riain, gníomhaí Gaeilge agus ceoltóir a raibh baint lárnach aici le bunú na chéad mheánscoile Gaeilge sa chathair.

Sa chathair chéanna mí Aibreáin, sheas daoine sna doirse agus coinnle acu le hómós a léiriú do Fiontán Ó Bruadair, a bhásaigh go tobann in Oxford Shasana. Bhí sé ar dhuine den chéad ghlúin de chainteoirí Gaeilge a rugadh agus a tógadh ar Bhóthar Seoighe.

An mhí chéanna a cailleadh Tomás Ó Mearraí a bhunaigh Craobh Ucht-Uí-Néill Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus a chaith shaol ag obair go deonach chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn.

Bhí muintir Dhoire faoi bhrón i dtús na bliana nuair a bhásaigh Shauna Nic Somhairle, cúntóir ranga i nGaelscoil Léim an Mhadaidh agus Gaeilgeoir óg díograiseach.

Ar na Gaeil eile a d’imigh ar shlí na fírinne i mbliana bhí Seán Creaven iarbhall de Bord Údarás na Gaeltachta; Paddy Fitz, duine de laochra móra Chonamara; an bádóir aitheanta Pádraig Bailey; an t-iriseoir Tom Kelly; an cóitseálaí dornálaíochta as Conamara Colmán Ó Flatharta; Patsy Mac Suibhne, múinteoir agus scríbhneoir as Ard an Rátha; Gerald Whyte, iar-rúnaí de chuid Choiste Chiarraí CLG; an tOllamh Hildegard L. C. Tristram, scoláire mór de chuid an tSeanBhéarla agus na SeanGhaeilge; agus an ceoltóir, saor cloiche agus fear pobail as an gCeathrú Rua, Tomás de Bhailís.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2020…'