Ómós léirithe ag lucht na scannán Gaeilge do Tom Collins, atá ar shlí na fírinne

Faoi dhó a roghnaíodh scannán Gaeilge de chuid Tom Collins, a bhásaigh an tseachtain seo, mar iontráil na hÉireann do na gradaim Oscar

Ómós léirithe ag lucht na scannán Gaeilge do Tom Collins, atá ar shlí na fírinne

Tá ómós léirithe ag lucht na scannánaíochta agus na teilifíse Gaeilge do Tom Collins, an ceannródaí in iomaire na scannán in Éirinn as Doire, atá imithe ar shlí na fírinne.

Roghnaíodh saothar Gaeilge le Tom Collins faoi dhó mar iontráil na hÉireann don ghradam Oscar don Scannán Is Fearr i dTeanga Iasachta– Kings in 2008 agus An Bronntanas in 2015. 

Athchóiriú ar an dráma stáitse Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy a bhí i Kings, an chéad mhórscannán Gaeilge ó cheárta TG4. D’inis sé scéal bhuíon fear ó Chonamara ar chruaigh an saol orthu nuair a chuaigh siad ar imirce go Sasana sna 1970idí. Scéinséir comhaimseartha a bhí faoi anáil scannáin noir na dtíortha Lochlannacha a bhí in An Bronntanas.

I measc na scannán eile a bhí aige a thuill go leor gradam bhí a leagan beochana de An Béal Bocht le Myles na gCopaleen.

Bhí baint mhór aige chomh maith le ceann de na heachtraí is tábhachtaí i scéal na teilifíse agus na scannánaíochta Gaeilge – an craoladh bradach teilifíse as Ros Muc i 1987 a chuir dlús leis an bhfeachtas ar son bhunú stáisiún teilifíse Gaeilge. Tháinig Tom Collins an bóthar fada ó Dhoire lena cheamara chun cabhrú le craoladh mídhleathach Mheitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta. 

“Is cuimhin liom gur tháinig Tommy ó Dhoire le seancheamara,” a deir Bob Quinn a bhí lárnach san eachtra chéanna. “Chuir sé go mór leis an ócáid…Píosa craic a bhí ann dáiríre, ach d’oibrigh sé. Thóg sé deich mbliana, ach bunaíodh TG4 ar deireadh. D’oibrigh Tommy linn ar an urlár. Rinne muid clár gearr. Ba rud siombalach a bhí ann. Is cuimhin liom casadh le Charlie Haughey agus mé ag caitheamh t-léine le ‘Teilifís na Gaeltachta’ scríofa uirthi. ‘Beidh sé ann!’ a dúirt sé liom.”

Deir Bob Quinn, a rinne an chéad fhadscannán Gaeilge, Poitín, go raibh “acmhainn iontach ghrinn” ag Tom Collins, go ndearna sé scannáin “iontacha” agus gur fear é a raibh tuiscint mhór aige ar thionscal na scannán. 

“Cailliúint mhór atá ann don scannánaíocht,” a deir Bob Quinn.

Deir Colm Bairéad, duine d’oidhrí Quinn agus Collins agus stiúrthóir agus scríbhneoir an scannáin An Cailín Ciúin, gur “ceannródaí” é Tom Collins a réitigh an bealach don bhorradh atá faoi scannáin Ghaeilge faoi láthair.

“Fear ann féin ab ea é, a thaispeáin dúinn le Kings (2007) go raibh sé ar ár gcumas fadscannáin Gaeilge ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur faoi bhráid an tsaoil. Is mór an chailliúint é dá mhuintir agus dóibh siúd gurb ansa leo ealaín na scannán sa tír seo,” arsa Colm Bairéad.

Dúradh i ráiteas ó TG4 go raibh “fís agus cruthaitheacht” ag Tom Collins “a thug aitheantas don scannánaíocht Ghaeilge go hidirnáisiúnta agus a thug lucht féachana nua i dtreo na teanga”.

“Fear lán de samhlaíocht agus misneach a bhí i Tommy,” a dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe An Bronntanas. “Ní raibh faitíos air triail a bhaint as seánraí nua. Thuig sé gur theastaigh scéalta comhaimseartha trí mheán na Gaeilge le lucht féachana óg agus nua a mhealladh.” 

Dúirt iarcheannasaí coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, gur fear é Tom Collins “nár stop ag obair”.

“Bhí Tom lán de smaointe, fear an-chruthaitheach ar fad ab ea é. Bhí an-tuiscint aige ar an scéalaíocht agus bhí bua aige cóiriú snasta a dhéanamh ar leabhair agus ar shaothair daoine eile. Bhí an-súil aige, déantóir scannán den scoth a bhí ann.”

“Bhí muid an-ghar,” a deir Micheál Ó Meallaigh. “Agus bhí muid i gcónaí ag spochadh as a chéile.”

Ba é Ó Meallaigh a choimisiúnaigh Kings agus deir sé go raibh “scoth na n-aisteoirí ann agus ardchaighdeán drámaíochta” in ainneoin nach raibh ach airgead sách beag acu lena dhéanamh. 

Cé go raibh Tom Collins tinn le cúpla bliain anuas, deir Ó Meallaigh go raibh ‘misneach dochreidte’ ag an bhfear.

“An mhí seo caite, bhí sé ag caint liom faoi fhadscannán a dhéanamh de An Béal Bocht,” ar sé. “Dhá mhí ó shin, bhí sé ag caint ar PhD a dhéanamh nuair a bheadh sé ina shláinte arís. Dhá mhí ó shin freisin, rinne sé cóiriú ar script bunaithe ar leabhar Seamus Deane, Reading in the Dark. Ansin rinne sé athscríobh arís air chun é a shimpliú.”

“Duine thar a bheith cruthaitheach a bhí ann agus scríbhneoir den scoth. Bhí sé in ann scéal maith a insint go simplí, go hintuigthe, le snas. Fear uasal a bhí ann.”

Bhí baint ag Tom Collins le 13 scannán ar fad, bíodh sin mar stiúrthóir, léiritheoir nó scríbhneoir.  

Ba mar léiritheoir a d’oibrigh sé ar an gcéad scannán a raibh baint aige leis, an dráma Hush-a-Bye Baby, a thuill ardmholadh nuair a tháinig sé amach i 1988. I nDoire a dhúchais agus i nDún na nGall a rinneadh go leor dá scannáin agus scannáin fhaisnéise, ag áireamh Hush-a-Bye Baby, Bogwoman, Dead Long Enough, Teenage Kicks -The Undertones, Penance agus The Boys of St Columb’s. 

Chuir go leor dá shaothar ainm Dhoire in airde agus thug sé léargas nua do dhaoine ar a áit dúchais agus an stair achrannach a bhain léi.

Agus bás a hathar á fhógairt aici dúirt a iníon Eibh O’Brien-Collins “gur mhair sé saol a bhí iontach go deo agus lán eachtraí”.

Dúirt sí gur “fear céile, athair, seanathair, cara, uncail, scannánóir, grianghrafadóir agus rógaire lán diabhlaíochta é”. 

Fág freagra ar 'Ómós léirithe ag lucht na scannán Gaeilge do Tom Collins, atá ar shlí na fírinne'

  • Seán Mag Leannáin

    Ní fhaca mé seo go dtí inniu (11 Lúnasa). Tom Collins, fear a rinne obair mhór ar son na scannánaíochta Gaeilge, ar shlí na fírinne. Léargas aige anois ar rúin na síoraíochta.