ÓMÓS: Fathach athbheochan Gaeilge Mhanann ar lár

D’fhoghlaim Brian Stowell Gaeilge Mhanann nuair a bhí sé ar dhuine de ghrúpa a thaistil an t-oileán sna 1950idí chun cainteoirí dúchais deireanacha na teanga a thaifeadadh

ÓMÓS: Fathach athbheochan Gaeilge Mhanann ar lár

Tá fathach athbheochan Gaeilge Mhanann ar lár agus an teagascóir, scríbhneoir, ceoltóir agus craoltóir Brian Stowell ar shlí na fírinne.

Aithnítear go raibh Stowell, a bhí 82 bliain d’aois, i measc na ndaoine ba thábhachtaí in athbheochan teanga ar mheas UNESCO í ina teanga ‘mharbh’ sna 1990idí.

Dúirt Uachtarán an Tinvaal, tionól Oileán Mhanann, Steve Rodan, go raibh “laoch de chuid an oileáin ar lár” agus dúirt Culture Vannin, fondúireacht oidhreachta Mhanann, nach raibh “a shárú” ann maidir le teagasc na Manainnise.

Bhí sé ina chainteoir líofa Gaeilge chomh maith agus d’aistrigh sé cúrsaí Gaeilge go Manainnis, an teanga ar thug sé cuid mhór dá shaol á teagasc agus á cur chun cinn.

Dúradh i ráiteas ó Culture Vannin gur sna míonna agus sna blianta atá amach romhainn is fearr a thuigfí cé chomh mór is atá Oileán Mhanann faoi chomaoin ag Stowell.

D’fhoghlaim Stowell Gaeilge Mhanann nuair a bhí sé ar dhuine de ghrúpa a thaistil an t-oileán sna 1950idí chun cainteoirí dúchais deireanacha na teanga a thaifeadadh.

Sa bhliain 2008 bronnadh air an gradam Reih Bleeaney Vanannan, an gradam is mó i saol chultúr an oileáin agus in 2010 bronnadh Onóir Tinvaal, an gradam is airde dá bhfuil ag an bparlaimint, ar Stowell as a shaothar ar son shaol, chultúr agus teanga an oileáin.

Sa ráiteas a d’eisigh Culture Vannin, príomheagraíocht oidhreachta Oileán Mhannain, dúradh go raibh Brian Stowell ar dhuine de bheagán daoine a d’fhéadfaí “seoid náisiúnta” a thabhairt air.

Céimí de chuid Ollscoil Liverpool ab ea Stowell agus nuair a d’fhág sé an ollscoil sin in 1958 d’oibrigh sé mar fhisiceoir núicléach agus léachtóir i Sasana.

D’fhill sé ar Oileán Mhanann a dhúchais i 1991 nuair a ceapadh mar an chéad Oifigeach Manainnise ag an Rialtas agus thug sé tríocha bliain ag teagasc agus ag cur chun cinn na teanga.

In 2006 foilsíodh úrscéal leis dar teideal Dunveryssyn yn Tooder-Folley (Dúnmharuithe na Vaimpíre), an chéad úrscéal fada riamh sa teanga. Roimhe sin, foilsíodh a shaothar Contoyrtyssyn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn, a aistriúchán ar Alice’s Adventures in Wonderland agus Reks Carlo ayns Mannin

a aistriúchán ar Réics Carló in Oileán Mhanann le Cathal Ó Sándair.

Craoltóir aitheanta ab ea é leis agus bhí sé ina chomhláithreoir ar feadh 20 bliain ar Moghrey Jedoonee, clár maidin Dé Domhnaigh ar Raidió Mhanann.

Bhí baint mhór aige leis an gComhdháil Cheilteach agus suim mhór aige in oidhreacht chomónta na dteangacha Ceilteacha.

Bhí sé lárnach sa scannán faisnéise Na Scanáin (Ny Scannaneyn), scannán a rinne Bob Quinn do RTÉ faoi stair agus cultúr Mhanann.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: Fathach athbheochan Gaeilge Mhanann ar lár'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Is méala mór dúinne – lucht an Chomhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta – bás Brian Stowell le déanaí. Eisean a spreag muintir Mhannin chun an teanga a athbheochaint agus a chaomhnú. Fathach go deimhin – Mannanán Mac Lir na Gaeilge sa Mhannin. Bhí Gaeilge na hÉireann ar a dtoil aige agus is mó tacadh agus comhairle a thug sé ag na Comhdhálacha Cheilteach thar na blianta. Solas síoraí dá anam uasal Mhannanach Gaelach. Áine Ni Fhiannusa, Uachtarán Idirnáisiúnta ar an Comhdháil Cheilteach

  • Micheál Mac Aonghusa

    Chas mé le Brian óg Stowell taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin 1966. Cheana féin bhí sé chun tosaigh i gcur chun cinn na Manannaise. Creidim gurbh é Brian an cranntaca ba mhó leis an teanga sin riamh. Marach eisean agus dornán daoine eile dá ghlúin bheadh sí caillte ar fad. Bhí sé an-eolasach ar chúrsaí na hÉireann agus bhí Gaeilge na tíre seo ar a thoil aige. Nuair a bhí sé ina leachtóir fisice i Learpholl bhíodh sé ag múineadh Gaelge na hÉireann do dhaoine fásta ansin. Bhí Gaeilge na hAlban, Breatnais agus Fraincis aige chomh maith. Ar feadh na mblianta eisean a scríobhadh an t-alt Manannaise in Carn, iris an Chonartha Cheiltigh agus bhí sé ina uachtarán tráth ar an gComdháil Cheilteach. Fear uasal fial a bhí ann, fial le fuinneamh, le ham, le comhairle.

  • Niall Comer

    Thar ceann Chonradh na Gaeilge, gabhaim comhbhrón ar fad le muintir Mhanann ar bhás Bhriain. Bhí Brian páirteach in athbheochan an Chonartha i Learpholl sna 199oí agus ina chathaoirleach ar Chraobh Sheáin Uí Dhonnabháin ( Craobh Learphoill) ó 4/10/1990 go tús 1992. Síntiúsóir dílis de chuid An tUltach a bhí ann chomh maith agus ba mhinic é i mbun comhfhreagrais faoin iris. Suaimhneas síoraí.
    Niall Comer (Uachtarán Chonradh na Gaeilge)