Tá ómós á léiriú don fhidléir aitheanta as Contae Liatroma, Ben Lennon, ó bhásaigh sé an tseachtain seo.
Bhí sé 98 bliain d’aois.
Rugadh Ben Lennon i gCoillte Clochair i gContae Liatroma sa bhliain 1928.
Bhí aithne ar an sárfhidléir i bhfad agus i ngearr mar cheoltóir agus bailitheoir ceoil agus go háirithe mar fhidléir a chothaigh stíl cheoil rithimiúil a cheantair féin ina chuid fidléireachta.
Bhí bailiúchán mór tiúineanna ag Ben Lennon óna chontae dúchais agus as Sligeach agus Fear Manach chomh maith. Bhí sé go mór faoi thionchar na bhfidléirí de chuid na gceantar sin a bhain cáil amach i Meiriceá ag tús an chéid seo caite, ina measc Michael Coleman, Paddy Killoran agus James Morrison.
Duine de theaghlach mór ceoil Ben Lennon; ba dheartháir é leis an fhidléir aitheanta Charlie Lennon, a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Chonamara, agus atá le cloisteáil ar go leor taifeadtaí ina theannta, agus is fidléir iomráiteach é a mhac Maurice, a bhí sa ghrúpa Stockton’s Wing.
Thaifead Ben Lennon go leor albam le linn a shaoil fhada, ina measc Rossinver Braes (2008) a taifead sé le fear an chonsairtín, Tony O’Connell, i Stiúideo Cuan, an stiúideo ceoil a bhíodh ag a dheartháir Charlie Lennon ar an Spidéal.
Bronnadh Gradam Saoil TG4 ar Ben Lennon in 2011, an bhliain chéanna ar foilsíodh an leabhar Ben Lennon: The Tailor’s Twist, faoi shaol agus saothar an fhidléara a scríobh Fintan Vallely.
Tá teachtaireachtaí á scaipeadh in ómós don cheoltóir mór le rá ó chualathas an droch-scéal.
Suaimhneas síoraí le Ben Lennon. Fear uasal agus fidiléir galánta le ceol chomh fíor leis an uisce. Thaifead muid ina theach leis féin agus a chuid cairde i Dog Big Dog Little ag tús mí Feabhra. Ba pribhléid a bhéith ina chomhluadar pic.twitter.com/WHnsoMje0R
— Ciarán Ó Maonaigh (@CMoonDL) March 30, 2020
Tá an ceoltóir traidisiúnta aitheanta Ben Lennon tar éis bháis.
Suaimhneas síoraí dó. pic.twitter.com/aMjIVBGuCN— TG4TV (@TG4TV) March 30, 2020
Fág freagra ar 'ÓMÓS: An fidléir iomráiteach as Contae Liatroma Ben Lennon ar lár'