Omicron níos dána in aghaidh vacsaíní ach is lú daoine a bhíonn go dona tinn leis – mórstaidéar

Cosaint 70% ó phrioc Pfizer do dhaoine a tholgann Omicron maidir lena gcoinneáil ón ospidéal, de réir mórstaidéar ón Afraic Theas

Omicron níos dána in aghaidh vacsaíní ach is lú daoine a bhíonn go dona tinn leis – mórstaidéar

Tugann dhá shnáthaid de vacsaín Covid Pfizer/BioNTech cosaint 70% do dhaoine a tholgann Omicron maidir lena gcoinneáil ón ospidéal, de réir mórstaidéar faoin Omicron a rinneadh san Afraic Theas.

De réir an staidéir seo, is cosúil nach mbíonn oiread daoine chomh tinn leis an Omicron i gcomparáid leis na cineálacha eile den víreas, ach nach bhfuil an vacsaín chomh héifeachtach i gcoinne an chineáil nua.

An comhlacht príobháideach árachas sláinte is mó san Afraic Theas a rinne an staidéar nua i gcomhar le Comhairle Taighde na hAfraice Theas.

Rinneadh scagadh ar 211,000 cás deimhnithe den ghalar idir an 15 Samhain agus an 7 Nollaig agus bhain 78,000 de na cásanna sin leis an gcineál Omicron.

I gcomparáid le tús na paindéime ba lú 29% an baol go gcaithfí duine a tholg an Omicron a chur san ospidéal.

Mar sin féin, ní raibh ach cosaint 33% le fáil ón tsnáthaid Pfizer i gcoinne ionfhabhtú Omicron.

Idir an dá linn, thug Pfizer le fios go bhfuil a bpiollaire frithvíreasach 89% éifeachtach i gcónaí ó thaobh daoine a choinneáil ón ospidéal agus ón mbás.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le hionaid vacsaíní inniu deis a thabhairt do dhaoine a fuair a dara snáthaid trí mhí ó shin an teanndáileog a fháil anois.

Tá uasdátú á dhéanamh ag an HSE ar a chóras IT faoi láthair mar gheall ar an gcomhairle is déanaí faoi dháileadh na teanndáileoige agus tá plean leasaithe vacsaínithe á chur i dtoll a chéile acu.

Deir an Taoiseach Micheál Martin go dteastaíonn “gach uile dhuine ar deic” sa bhfeachtas le vacsaín treisithe a chur ar fáil do phobal na tíre.

Dúirt Martin go raibh imní ‘dháiríre’ faoin gcineál Omicron den choróinvíreas agus dá bharr go raibh sé “fíorthábhachtach” go mbeadh níos mó dochtúirí teaghlaigh agus poitigéirí páirteach sa bhfeachtas dáilte vacsaíní.

“Teastaíonn gach uile dhuine ar bord uainn anois, gach uile dhuine ar deic ó thaobh an fheachtais teanndáileoige mar is cúis mhór imní an cineál Omicron agus is eol dúinn go dtugann an vacsaín treisithe an-chosaint,” a dúirt sé.

Is é an cineál Omicron den choróinvíreas atá ar 11% de na daoine a bhfuil an víreas deimhnithe orthu in Éirinn faoin tráth seo agus measann na saineolaithe gur ag ardú a bheidh cásanna Omicron sna seachtainí seo romhainn.

Meastar go mbeidh an Omicron ar an gcineál is tréine den ghalar i Sasana, san Eilvéis agus sa Danmhairg go luath.

Fógraíodh ar an Luan nach mbeadh ach fanacht trí mhí ar dhaoine feasta leis an teanndáileog a fháil mar go meastar go bhfuil sé práinneach dlús a chur leis an gclár vacsaínithe teanndáileoige.

Dúirt an Taoiseach gur a bhuíochas don athrú atá daoine a dhéanamh ar a n-iompar atá an líon daoine atá á gcur san ospidéal de bharr an víris agus an líon cásanna ag éirí níos seasmhaí.

Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in iúl go bhfuil dhá mhilliún dáileog de na vacsaíní mRNA, Pfizer agus Moderna, aici.

Aon duine atá 30 bliain nó os a chionn gheobhaidh sé dáileog threisithe amháin de vacsaín Pfizer nó Moderna agus na daoine ar fad atá faoi 29 bliain d’aois gheobhaidh siadsan snáthaid amháin den vacsaín Pfizer.

Tá an cineál Omicron den choróinvíreas deimhnithe i 60 tír ar fud na cruinne faoin tráth seo agus deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO)  gur contúirt “an-mhór” don domhan é. Tá roinnt fianaise ann go bhfuil ar chumas an chineáil seo an chosaint atá sna vacsaíní a sheachaint ach tá na sonraí ó thaighde cliniciúil teoranta go maith go fóill.

Tá taighdeoirí in Oxford a áitíonn nach bhfuil aon fhianaise fós ann go mbíonn an t-othar níos breoite leis an gcineál seo ná na cineálacha a bhí againn go dtí seo.

An tseachtain seo dúirt Pfizer agus BioNTech go dtabharfadh dhá shnáthaid dá vacsaín féin cosaint don duine ó dhrochghalar, toisc nach dóigh go mbeadh sócháin nó athruithe in ann freagairt nó frithghníomhú na dT-cheall a sheachaint.

Dúirt siad chomh maith go mbeadh leibhéal cosanta na n-antasubstaintí in aghaidh Omicron chomh maith tar éis na teanndáileoige agus a bhí an chéad dá shnáthaid in aghaidh an choróinvíris bhunaidh.

 

Fág freagra ar 'Omicron níos dána in aghaidh vacsaíní ach is lú daoine a bhíonn go dona tinn leis – mórstaidéar'

  • Antóin

    Tuilleadh eagla. An chaint seo ar fad faoi Omicron agus gan aon iomrá ar an tuairisc a d’eisigh Pfizer féin, in éadan a thola, faoi fhrithghníomhuithe troma díohalacha a tharla de dheasca na vacsaíne suas go dtí mí Feabhra 2021, sin thar thréimhse dhá mhí go leith.

    Tugadh an vacsaín do 42,086 othar. Fuair 1,223 acu bás théis dóibh an vacsaín a fháil. Tá 520 othar a tháinig chucu féin ach atá fós ag fulaingt de dheasca na vacsaíne agus bhí 11,361 othar nach raibh biseach orthu ag am foilsithe na tuairisce. Ná deintear dearúd gur sa chéad dá mhí go leith a tharla sé seo. Nach mór an t-údar imní é seo?

    Nach mór an t-údar imní an t-eolas a tugadh maidir le mná a bhí ag iompar linbh nuair a fuair siad an vacsaín. 274 bhean acu a fuair an vacsaín. Tuairiscíodh 75 fhrithghníomhú trom díobhálach; chaill roinnt acu an leanbh sa bhroinn agus rugadh leanaí eile marbh.

    Nach mór an t-údar imní an t-eolas a tugadh faoi linbh a bhí ar bhrollach a máithreacha.
    17 leanbh a d’fhulaing go hindíreach toisc go raibh an vacsaín sa bhainne cíche.

    Nach mór an t-údar imní é nach bhfuil aon duine sna meáin toilteanach an t-eolas seo a chíoradh nó fiú ceist a chur? Is ait liom i bhfianaise na fianaise sin go bhfuil dochtúirí agus eolaithe teilifíse agus tathant ar dhaoine dáileog i ndiaidh dáileoge den vacsaín a fháil agus í a thabhairt do pháistí. In ionad a bheith ag moilliú agus ag ceistiú is amhlaidh atá siad ag géarú ar luas.

    Agus gan smid as Fealltóirí Fáil, Fine gan Ghael, Na Giollaí Glasa. Ní haon iontas é sin ar ndó. Ní hiad atá i gceannas. Agus gan smid as an bhfreasúra nach freasúra é.