O’Mahony agus Henshaw ainmnithe don chluiche in aghaidh na Breataine Bige

Gortaíodh Caelan Doris agus Garry Ringrose sa gcluiche inar bhuaigh Éire ar Albain Dé Sathairn seo caite agus is iad Peter O’Mahony agus Robbie Henshaw a thiocfaidh isteach ina n-áit.

O’Mahony agus Henshaw ainmnithe don chluiche in aghaidh na Breataine Bige

Bundee Aki agus Robbie Henshaw. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Tá dhá athrú déanta ag Andy Farrell ar fhoireann rugbaí na hÉireann don chluiche i gcoinne na Breataine Bige i gCraobh na Sé Náisiún Dé Sathairn.

Gortaíodh Caelan Doris agus Garry Ringrose sa gcluiche inar bhuaigh Éire ar Albain Dé Sathairn seo caite agus, mar a tharla sa chluiche sin, is iad Peter O’Mahony agus Robbie Henshaw atá le teacht ina n-ionad.

Bhain gortú cloiginn do Doris luath sa chluiche in aghaidh na hAlban agus é ag imirt den chéad uair d’Éirinn. Bhí ar Ringrose an pháirc a fhágáil ag leath ama agus a ordóg gortaithe. Meastar nach mbeidh sé ar fáil arís go mbeidh an cluiche in aghaidh Shasana thart ag deireadh na míosa.

Níl aon athrú eile déanta ag Farrell ón bhfoireann a bhuaigh ar Albain Dé Sathairn, agus an scór 19-12.

Gortaíodh Tadhg Furlong agus Dave Kilcoyne an deireadh seachtaine seo caite chomh maith ach tá an bheirt tagtha chucu féin don chluiche in aghaidh na Breataine Bige i mBaile Átha Cliath. Is sa líne thosaigh a bheidh Furlong arís agus Kilcoyne ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Lá mór a bheidh ann do dhuine d’ionadaithe na foirne agus deis tugtha do Max Deegan a chéad chluiche a imirt d’Éirinn. Is sa líne chúil a imríonn fear Chúige Laighean.

Tá Keith Earls roghnaithe i measc na n-ionadaithe arís. Bhí seisean gortaithe don chluiche chéad bhabhta in aghaidh na hAlban.

Foireann na hÉireann:

15. Jordan Larmour
14. Andrew Conway
13. Robbie Henshaw
12. Bundee Aki
11. Jacob Stockdale
10. Johnny Sexton (captaen)
9. Conor Murray

1. Cian Healy
2. Rob Herring
3. Tadhg Furlong
4. Iain Henderson
5. James Ryan
6. Peter O’Mahony
7. Josh van der Flier
8. CJ Stander

Ionadaithe:

16. Ronan Kelleher
17. Dave Kilcoyne
18. Andrew Porter
19. Devin Toner
20. Max Deegan
21. John Cooney
22. Ross Byrne
23. Keith Earls

Fág freagra ar 'O’Mahony agus Henshaw ainmnithe don chluiche in aghaidh na Breataine Bige'