Olltoghchán roimh Nollaig curtha as an áireamh ag an Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ag cruinniú d’airí rialtais Fhine Gael ar maidin nach mbeadh aon toghchán ann i mbliana

Olltoghchán roimh Nollaig curtha as an áireamh ag an Taoiseach

Tá olltoghchán roimh Nollaig curtha as an áireamh ag an Taoiseach Leo Varadkar.

Dúirt an Taoiseach ag cruinniú d’airí rialtais Fhine Gael ar maidin nach mbeadh aon toghchán ann i mbliana.

Threisigh athuair ar an gcaint faoi olltoghchán i bhfianaise an scéil go mbeidh toghchán sa Bhreatain ar an 12 Nollaig agus sáinn an Bhreatimeachta curtha ar an méar fhada dá réir.

Tá brú á chur le tamall ar an Taoiseach ag daoine áirithe ina pháirtí toghchán luath a ghairm tráth a bhfuil Fine Gael dulta chun cinn sna pobalbhreitheanna agus an tuairim ann gur buntáiste dóibh a ról san idirbheartaíocht Bhreatimeachta.

Dúirt an Taoiseach cheana gur cheart gur i mí na Bealtaine seo chugainn a bheadh an chéad olltoghchán eile.

Tá Rialtas mionlaigh Fhine Gael ag brath ar thacaíocht Fhianna Fail le fanacht i gcumhacht trí mhargadh soláthair agus muiníne idir na páirtithe.

Fágann cinneadh an Taoisigh go mbeidh ceithre cinn d’fhothoghcháin á reáchtáil.

Eascraíonn na fothoghcháin as folúntais Dála de bharr teachtaí Dála a bheith tofa anois ina mbaill de Pharlaimint na hEorpa.

Ní mór fothoghchán a reáchtáil laistigh de shé mhí ón uair go dtagann folúntas Dála chun cinn.

Fág freagra ar 'Olltoghchán roimh Nollaig curtha as an áireamh ag an Taoiseach'