Olltoghchán ag teacht, ach cá bhfuil an eite chlé?

Tá chuile chosúlacht ar chúrsaí faoi láthair gur leagan éigin den socrú muiníne is soláthair a bheidh ann arís ach gurb iad Fianna Fáil a bheidh ar an stiúir

Olltoghchán ag teacht, ach cá bhfuil an eite chlé?

Mí Bealtaine na bliana seo chugainn an dáta is oiriúnaí le haghaidh olltoghcháin, dar leis an Taoiseach Leo Varadkar.

Ach cé gur labhair sé go muiníneach faoin scéal, caithfidh go bhfuil amhras mór air faoin toradh a bheadh ar a leithéid de thoghchán.

Go deimhin féin le breis is trí bliana anuas, ó Mhárta 2016, léirigh pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe go raibh Fine Gael go maith chun tosaigh ar Fhianna Fáil, cúig phointe ar an meán.

Ach sna toghcháin áitiúla ba iad Fianna Fáil a bhí sa chéad áit agus tá na pobalbhreitheanna ag dearbhú gurb iadsan atá chun tosaigh faoi láthair chomh maith.

Ar na figiúirí atá ann faoi láthair, ag Fianna Fáil a bheadh an bua in olltoghchán.  Ach ní hé sin le rá go mbeadh siad in ann móramh a bhaint amach sa Dáil le cabhair ó mhionpháirtithe ar nós na nGlasach is an Lucht Oibre.

Thart ar 5% de thacaíocht a bhíonn ag páirtí Bhrendan Howlin go rialta, agus in ainneoin chaint mhisniúil an pháirtí, beidh an t-ádh orthu má choinníonn siad an seachtar Teachtaí atá acu faoi láthair, ní áirím cur leo. Agus de réir na bpobalbhreitheanna tá an chuma air go bhfuil tacaíocht Chomhaontas Glas ag maolú.

Mar sin tá chuile chosúlacht air ag an tráth seo gur leagan éigin den socrú muiníne is soláthair a bheidh ann ach gurb iad Fianna Fáil a bheidh ar an stiúir.

Ach céard faoin eite chlé?

Tubaiste a bhí sna toghcháin áitiúla do na páirtithe ar an eite sin.  Níl aon chinnteacht ann go ndéanfaidís chomh dona céanna in olltoghchán, ach tá daoine den tuairim go gcaitheann na páirtithe sin, agus na cinn bheaga go háirithe, níos mó ama ag ionsaí a chéile seachas an córas atá i bhfeidhm a ionsaí.

Sea, is deacair a thuiscint cén fáth go mbeadh siad ag déanamh chomh dona sin i bhfianaise theip an rialtais is a lucht tacaíochta i bhFianna Fáil déileáil le  géarchéimeanna tithíochta is sláinte.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil daoine áirithe, roinnt gníomhaithe ceardchumainn ach go háirithe, ag moladh go seasfadh an dream ar an eite chlé le chéile ar ardán aontaithe.

Is é Dave Gibney, ó cheardchumann Mandate, is glóraí faoin bport sin ach cé go bhfuil Richard Boyd Barrett ó Phobal seachas Brabús ag cur fáilte roimh an éileamh, is cosúil go bhfuil a fháilte teoranta do pholasaí a pháirtí féin.

Tá fadhb mhór eile ann freisin, ar ndóigh: céard is brí le ‘clé’?

Dar leis na meáin, a bhíonn ag treorú ár dtuisceana agus an chuid is mó den díospóireacht, is páirtithe ar an eite chlé iad gach páirtí a ghlacann le ‘luachanna an daonlathais liobrálaigh’. Úsáidtear an focal ‘liobrálach’ amhail is gur ionann a bheith liobrálach agus a bheith den tuairim gur féidir leasú radacach a dhéanamh gan bunstruchtúr an chórais a athrú. Dar leis na daoine céanna is ionann a bheith ar an taobh clé agus a bheith ag iarraidh leasú a dhéanamh taobh istigh de chóras an rachmais mar atá faoi láthair againn.

Go stairiúil bhain an eite chlé leis na páirtithe sin a aithníonn aicmeachas an chórais is a labhraíonn ar son leas na haicme oibre – agus iad siúd faoin tuath arbh é a leas seasamh leo.

Bunaithe ar an sainmhíniú sin ní féidir bheith istigh a thabhairt do Chomhaontas Glas sa champa ‘clé’. Mar is páirtí rachmais é go hiomlán, ina phearsanra agus ina pholasaithe.

Mac baincéara is ea Éamon Ryan agus is oidhre ar phunann suntasach infheistíochtaí é Ciarán Cuffe a fuair sé óna thuisti is a sheantuistí. Ní shin le rá gur drochdhaoine iad ach is ar éigean go mbeadh aon tuiscint acu ar shaol na n-oibrithe. Na moltaí a chuireann siad ar aghaidh le déileáil le géarchéim na haeráide is moltaí iad a chuireann an t-ualach arís ar an aicme oibre faoi mar a dhéanann páirtithe eile an rachmais.

Sampla maith is ea an plean an cháin charbóin a chur ar ghnáthdhaoine seachas díriú níos mó ar na comhlachtaí móra, comhlachtaí aeir go háirithe.

Ar ndóigh ní hé chuile dhuine sa pháirtí a bhfuil an dearcadh sin acu ach is iadsan atá i gceannas. Caithfidh mé a rá go dtugann Saoirse McHugh, iarrthóir Chomhaontas Glas i Maigh Eo, ardú meanman dom nuair a chloisim ag caint í.

Ach tuigim freisin nach é a dearcadh-san a bheas chun tosaigh sa bpáirtí.

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre maíonn siadsan gur den eite chlé iad toisc gur bunaíodh ag comhdháil ceardchumainn iad os cionn céad bliain ó shin.

Ach nuair a bhí an páirtí i gcomhrialtas le Fine Gael an déine agus an ghéire a chleacht siad i gcás na haicme oibre. Deir siad go mbeadh cúrsaí níos measa ag an am murach go raibh siad féin sa rialtas, ach ní chreideann éinne a leithéid. 

Go deimhin tugann siad le fios go ndéanfaidís an rud céanna dá dtiocfadh sé chuige, ar mhaithe – mar dhea – le nach mbeadh rudaí níos measa. Níl aon iontaoibh ag an aicme oibre as an bpáirtí, agus ní bheidh go n-admhaíonn siad, ar a laghad, gur fheall siad ar an aicme oibre.

Ar deireadh thiar is faoi Shinn Féin atá sé tús a chur le cainteanna réadúla leis an eite chlé faoi chomhoibriú leo, ach is beag dá chomhartha a fheicimse faoi láthair.

Fág freagra ar 'Olltoghchán ag teacht, ach cá bhfuil an eite chlé?'