Olltoghchán 2016: Níor tharla ‘crith talún’ ar bith i nGaillimh Thiar

Crith talún a bhí ina cheannlíne ar nuachtán inné ar alt a bhain le toradh an Olltoghcháin. Ach, is beag athrú polaitiúil atá tagtha ar thoghcheantar Ghaillimh Thiar /Mhaigh Eo Theas sa toghchán seo le hais mar a bhí cúig bliana ó shin. Ag dul go bun an údair tá dhá shuíochan ag Fine Gael […]

A lucht tacaiochta ag ceiliúradh.
Éamon Ó Cuív agus a lucht tacaiochta ag ceiliúradh.

Crith talún a bhí ina cheannlíne ar nuachtán inné ar alt a bhain le toradh an Olltoghcháin. Ach, is beag athrú polaitiúil atá tagtha ar thoghcheantar Ghaillimh Thiar /Mhaigh Eo Theas sa toghchán seo le hais mar a bhí cúig bliana ó shin.

Ag dul go bun an údair tá dhá shuíochan ag Fine Gael – ceann sa gcathair agus ceann taobh amuigh den chathair; tá suíochán amháin ag Fianna Fáil agus tá dhá shuíochán ag Neamhspleáigh. ‘

Sé an t-aon athrú mór atá ansin ná gur duine de na Neamhspleáigh sin í Catherine Connolly (iar-bhall de pháirtí an Lucht Oibre) atá istigh anois sa suíochán a bhí ag Derek Nolan as an Lucht Oibre le cúig bliana. ‘Sé Noel Grealish (iar-bhall den Pháirtí Daonlathach) an Neamhspleách eile, fear atá ansin go láidir ó 2002.

Tá athrú pearsanra amháin i bhFine Gael: tá Hildegard Naughton, atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, istigh in áit a comhghleacaí sa bpáirtí sin, Brian Walsh, a d’eirigh as a shuíochán Dála ar chúinsí sláinte, le gairid. ‘Sé Seán Kyne an Teachta Dála eile de chuid Fhine Gael, mar a bhí ó 2011 i leith.

Ar ndóigh, sé Éamon Ó Cuív an Teachta Dála atá ag Fianna Fáil, suíochán atá aige le 24 bliain.

Ó thaobh na gcéadatán vótaí i gcomórtas le 2011, bhí titim 6% ar Fhine Gael; méadú 3.5% ag Fianna Fáil agus méadú 3.5% ar Shinn Féin. Laghdaigh vóta an Chomhaontais Ghlais de bheagán, síos go dtí 2.47% an iarraidh seo.

Bhí 23.7% ag iarrthóirí neamhspleácha i nGaillimh Thiar i 2011 agus bhí sin ardaithe go dtí 26% an iarraidh seo. (Níl na Daonlathaigh Shóisialta ná Rénua áiríthe ansin mar chuid den phobal polaiteoirí neamhspleácha).

Ó thaobh na n-iarrthóirí láidre neamhspleácha, bhí ardú de 0.5% ar vóta Noel Grealish seachas mar a bhí sé cúig bliana ó shin agus oiread na fríde d’ardú freisin ar vóta Catherine Connolly.

Tá an éacht a rinne Fine Gael agus dhá shuíochán buaite acu ar 24% den vóta – is ionann dhá cuóta i nGaillimh Thiar/Mhaigh Eo Theas agus 33% den vóta a caitear – ar cheann de scéalta móra an toghcháin.

Bhí cuid de dhream Fhianna Fáil, ag rá go mbeadh siadsan san iomaíocht go láidir do dhá shuíochán dá mbeadh ‘bainistiú’ déanta ar na vótaí. Ní mór a bheith buille réadúil faoi seo. ‘Sí fírinne an scéil ná gur 0.89 de chuóta a bhí ag Éamon Ó Cuív, an t-iarrthóir ba láidre a bhí acu ar an gcéad chomhaireamh agus nár toghadh é go dtí an 9ú comhaireamh. Ní hé go raibh vóta ard as cuimse aige.

Chaithfeadh an t-ádh a bheith ort le dhá shuíochán a bhuachtáil i nGaillimh Thiar ar 24% den bhóta; bhí cuid dó sin ar Fhine Gael agus fuair siad aistriúchán sách láidir freisin ón Lucht Oibre mar go raibh an ceangal rialtais ann le cúig bliana.

Bhí scéal Shinn Féin ar cheann eile de na scéalta móra eile agus tharla an rud a bhí á thuar; ní raibh fáil ag Trevor Ó Clochartaigh ar na haistriúcháin. Na hiarrthóirí a bhí á gcur as an áireamh istigh i nGaillimh bhí an lear ba throime dá gcuid vótaí ag titim ar iarrthóirí na cathrach. Theastaigh tuairim is 7,000 vóta ón gClochartach ar an gcéad chomhaireamh agus ní raibh sin ann – 5,755 a bhí aige.

Tá ceist ann anois faoin dearcadh a bheidh ag Sinn Féin ar shuíochán Seanaid  a choinneaíl do Trevor Ó Clochartaigh ó tharla nar thugadar leo an suíochán Dála seo, fiú agus gur thug fear na Ceathrún Rua iarracht mhór faoi.

Beidh ceisteanna ann freisin faoin Seanadóir Fidelma Healy-Eames, iarbhall d’Fhine Gael a bhí neamhspleách an iarraidh seo. Bhí vóta sise íslíthe thar cuimse agus beidh uirthi smaoineamh a dhéanamh faoina bhfuil in ann di i nGaillimh Thiar/Maigh Eo Theas. Tá an rud céanna amhlaidh i gcás Derek Nolan as an Lucht Oibre; chaill sé leath na vótaí a bhí aige cheana agus chaill sé an suíochán.

Ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfadh sé go bhfuil cúrsa maith sa bpolaitíocht amach roimh Niall Ó Tuathail a fuair vóta breá don Pháirtí Sóisialach – 3,455- sa gcéad thoghchán aigesan. Ta an chosúlacht ar an bhfear óg seo go bhfuil togha mianach polaiteora ann.

Ba spéisiúil – agus ba bhrónach ar bhealach eile – Ó Tuathail óg ag tosú amach dó agus Bobby Molloy, ‘Rí’ polaitíochta i nGaillimh Thiar ar feadh blianta fada, a fheiceáil í bhfoisceacht cúpla troigh dá chéile san ionad comhairimh inné. Tá Bobby anois níos moille ar a chois agus é éiríthe beagán dearmadach freisin. Ach ba dheas an rud é go raibh an ‘Rí’, a bhí ar bharr an chomhairimh chomh minic sin san aimsir a caitheadh, in ann a theacht chuig an ionad ar feadh tamaillín agus bhí fáilte mhór roimhe.

Fág freagra ar 'Olltoghchán 2016: Níor tharla ‘crith talún’ ar bith i nGaillimh Thiar'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ceist a éiríonn as an dtoghchán i nGaillimh. An raibh tionchar ag Pobalbhreith TG4 ar an toradh, nuair ba léir go bhféadfadh na suíocháin ag dul ag Clochartaigh sa gCeathrú Rua, O Mahoney i mBaile an Róba, Ó Cuív i gCor na Móna, Kyne i Maigh Chuilinn agus Catherine Connolly ón gcathair. Baineadh creathadh as lucht tacaíochta Noel Grealish nuair a chonaic siad go bhféadfadh sé a shuíochán a chailliúnt. Taobh istidh de Fhine Gael thosaigh feachtas in aghaidh O Mahoney nuair ba léir go bhféadfadh sé suíochán a thógáil. Dhéarfainn gur chaill O Mahoney suíochán dá bharr agus seans gur chaill Clochartaigh suíochán chomh maith. Grealish agus Naughton an bheirt ar cheart a bheith buíoch do TG4, as an pobalbhreith a dhéanamh.

  • Máirtín Ó Catháin

    Thiocfainn lear cuid mhaith ansin, a Dhonncha. Nil dabht ar bith ach gur thug an pobalbhreith spreagadh do Noel Grealish agus a lucht tacaíochta. Scéilín faoi dhuine de lucht ceanbhasála Noel a chuala mé: tugadh dó figiúirí na pobalbhreithe, bhreathnaigh sé go feargach orthu agus dúirt: “Beidh an pobalbhreith sin ina pháipéar leithris Dé Sathairn seo chugainn!”