Cur chuige nua molta chun mionteangacha atá i mbaol a shábháil

Deir eolaithe in Ollscoil McGill i Québec gur chóir an cur chuige céanna a úsáid i gcás teangacha atá i mbaol a mbáis agus a úsáidtear san éiceolaíocht

Cur chuige nua molta chun mionteangacha atá i mbaol a shábháil

Tá molta ag eolaithe in Ollscoil McGill i Québec go gcuirfí an cur chuige céanna i bhfeidhm le teangacha atá i mbaol a mbáis a shábháil agus a chuirtear i bhfeidhm san éiceolaíocht.

Dúirt Jonathon Davies, ollamh le bitheolaíocht san ollscoil, go bhféadfaí “crainn teanga” a chruthú ar mhúnla na “gcrann speiceas” a úsáidtear san éiceolaíocht le speicis a bhfuil gaol gairid acu le chéile a aithint.

“De bharr na gcrainn mhóra speiceas seo, a bhfuil go leor samplaí iontu, tá athrú tagtha ar an tuiscint atá againn ar an tionchar a bhíonn ag an mbeatha ar an éabhlóid agus ar na tosaíochtaí a bhaineann le caomhnú na bithéagsúlachta.

“Tá an deis chéanna ann i gcás chaomhnú teangacha chun crainn chuimsitheacha teanga a chruthú, agus bhainfeadh teangeolaithe, antraipeolaithe agus staraithe leas astu freisin,” a dúirt sé.

Dúirt Max Farrell, atá i mbun PhD faoi stiúir Davies i láthair na huaire, gur gá a bheith “cúramach” faoi na gnéithe de chaomhnú teangacha a ndíreofaí aird orthu mar gheall ar a sciobtha is atá teangacha ag fáil bháis ar fud an domhain.

“Dá aonaraí an teanga sa “chrann teaghlaigh” is ea is mó atá eolas uathúil le fáil inti agus is mó a chuireann sí le héagsúlacht teangacha,” a dúirt sé.

Mar chuid dá dtaighde rinne Farrell agus a chomhghleacaí Nicolas Perrault, ó Ollscoil Oxford, rangú ar 350 teanga a labhraítear ar oileáin ar fud Oirdheisceart na hÁise agus an Aigéin Chiúin.

Úsáideadh eolas a bailíodh faoi na céadta teanga Astrainéiseach seo beagnach deich mbliana ó shin in Ollscoil Aukland, chomh maith le heolas atá ar Ethnologue, bunachar 7,000 teanga ar líne, leis an “gcrann teanga” seo a chruthú.

Thug na heolaithe grád maidir le “uathúlacht éabhlóideach” (ED) agus “baol domhanda” (GE) le scór ‘EDGE’ a chumadh, mar a dhéantar sa chaomhnú bitheolaíoch.

Ba í an Chabhláinis an teanga ba mhó pointí, teanga an-uathúil a labhraítí sa Téaváin tráth ach atá nach mór marbh anois. Meastar gur sa Téaváin a labhraítí teangacha Astrainéiseacha an chéad lá riamh. Ba iad an Tainimbilis, an Uaireapainis agus an tSeingseingis na teangacha eile ab airde pointí, mionteangacha a labhraítear in Oileáin Sholomón agus sa Nua-Ghuine Phapua.

Maíonn lucht na hollscoile go bhféadfaí an baol go gcaillfí teangacha san am atá le teacht a laghdú trí “chrainn teanga” a chruthú agus díriú go sonrach ar na fadhbanna is mó atá ag cur isteach ar mhionteangacha atá i mbaol.

“Tá teanga ag croí an phobail agus an chultúir, nuair a chailltear teanga, cailltear léargas ar leith ar stair an chine daonna agus ar éabhlóid na teanga féin. Is caillteanas don daonnacht, don léann agus don eolaíocht bás teanga,” a dúirt Perrault.

Fág freagra ar 'Cur chuige nua molta chun mionteangacha atá i mbaol a shábháil'