Olé! Olé! Olltoghchán?

Níl polaiteoirí na Spáinne ábalta teacht ar chomhréiteach rialtais ach oiread, ach tá ábhar machnaimh do gach Teachta Dála i bpobalbhreitheanna na tíre sin

D’fhógair Rí Felipe na Spáinne Dé Máirt gur léir nach raibh sé ar chumas páirtí ar bith rialtas nó comhrialtas nua a bhunú. Chuir sé in iúl go soiléir go bhfógródh sé Dé Máirt seo chugainn dáta i gcomhair olltoghcháin eile.

Tá cainteanna idirpháirtí ar bun i Maidrid ó vótáil muintir na Spáinne in olltoghchán ceithre mhí ó shin ar 20 Nollaig, ach d’inis an rí an fhírinne lom. Ní toil chomhréitigh ach a mhalairt atá á léiriú ó shin i leith ag ceannairí na bpáirtithe ó d’fhill siad ar pharlaimint na tíre, an Cortes Generales, ceithre mhí ó shin.

Níl sé curtha as an áireamh go hiomlán ag na tarbh-throdaithe ar an gclaí i Maidrid go bhféadfaí teacht ar chomhréiteach gan choinne roimh an Máirt. Ach dúirt ceannairí an dá pháirtí is mó, an t-iarPhríomh-Aire Mariano Rajoy agus an ceannaire Sóisialach Pedro Sánchez, leis an Rí Dé Luain nach raibh sé ar a gcumas tacaíocht a fháil ó mhóramh sa Pharlaimint.

Bhí an Rí Felipe sa chathaoir le linn trí bhabhta cainteanna idir na páirtithe a reáchtáladh ó thús na bliana, ach tá an bhearna eatarthu chomh mór anois agus a bhí i dtosach báire. Chuir ceannaire gach páirtí an milleán ar na páirtithe eile, ar ndóigh.

Mar a rinne Enda Kenny tar éis an olltoghcháin abhus, mhol Rajoy mór-chomhrialtas idir a pháirtí féin, na Sóisialaithe agus an páirtí liobrálach Ciudadanos (Saoránaigh). Chinnteodh teacht le chéile dá leithéid rialtas láidir seasmhach, dar leis, a bheadh ábalta aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna móra na Spáinne – an ráta dífhostaíochta (21 faoin gcéad) ina measc.

Agus mar atá ráite arís agus arís eile ag Micheál Martin abhus, tá sé ráite ag Sánchez freisin nár toghadh é chun an páirtí a bhí i mbun rialtais go dtí seo, an Partido Popular, a choinneáil i gcumhacht. D’fhógair sé ó thús nach mbunódh sé rialtas ach oiread a bheadh ag brath ar thacaíocht pháirtithe ar mian leo an bonn a bhaint d’aontacht na Spáinne.

Cuireann Rajoy an milleán ar na Sóisialaithe nach raibh siad toilteanach teacht ar chomhréiteach leis. Cuireann Sánchez an milleán ar pháirtí nua na heite clé, Podemos (Is Féidir Linn) toisc gur dhiúltaigh siad baint ná páirt a bheith acu le rialtas a mbeadh na Sóisialaithe i gceannas air.

Ní hionann cás na hÉireann agus cás na Spáinne ar go leor bealaí. Ach is léir san dá thír nach bhfuil móramh ann atá muiníneach (mar a bhíodh ar feadh i bhfad) as móramh éigin parlaiminte.

Ní fios agus an colún seo á scríobh an mbeidh Fine Gael agus Fianna Fáil ábalta margadh a dhéanamh lena chéile, cé gur cosúil go bhfuil siad ag teannadh le comhréiteach.

Mar sin féin, tá ábhar machnaimh do gach Teachta Dála i bpobalbhreitheanna na Spáinne. Tá na páirtithe i Maidrid (a) ag caint lena chéile agus (b) ag caitheamh anuas ar a chéile le ceithre mhí. Ní léir aon chlaonadh mór sna pobalbhreitheanna go dtiocfaidh athrú suntasach ar bhallraíocht na bpáirtithe sa pharlaimint san olltoghchán atá rompu anois.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Olé! Olé! Olltoghchán?'