Oireann sé do dhaoine áirithe ligean orthu gur thosaigh an doirteadh fola ar an 7 Deireadh Fómhair

Ach ní bheadh an stát Iosraelach mar atá sé inniu gan sléachtanna i gcoinne sibhialtach Palaistíneach atá thar a bheith cosúil le heachtraí an 7 Deireadh Fómhair.

Oireann sé do dhaoine áirithe ligean orthu gur thosaigh an doirteadh fola ar an 7 Deireadh Fómhair

‘Mharaigh an chéad tonn de na concairí tuairim is 80 Arabach (fir), mná agus páistí. An tslí ar mharaigh siad na páistí ná gur bhris siad a gcloigne le bataí. Ní raibh teach gan daoine marbha.’ B’in a cur síos a rinne ball den pháirtí Síónach Mapam ar an sléacht a rinne fórsaí Iosraelacha ar an phobal Palaistíneach i sráidbhaile Dawayima i mí Dheireadh Fómhair 1948. ‘Sh’ (b’fhéidir Shabtai) Kaplan ab ainm do bhall an pháirtí.

Fuair sé an t-eolas ó shaighdiúir Iosraelach a bhí ar an láthair. Seo tuilleadh den chuntas: ‘D’ordaigh ceannaire amháin do sapaire beirt seanbhan a chur isteach i dtigh áirithe… agus é a phléascadh… Dhiúltaigh an sapaire… D’ordaigh an ceannaire dá chuid fear na seanmhná a chur isteach sa teach agus rinneadh an drochghníomh. Bhí saighdiúir amháin ag maíomh gur éignigh sé bean agus ansin gur lámhach sé í. Cuireadh iachall ar bhean amháin, agus a báibín nua-bheirthe ina baclainn aici, an clós inar ith na saighdiúirí a mbéile a ghlanadh. D’oibrigh sí ar feadh lá nó dhó. I ndeireadh na dála lámhach siad í féin agus a báibín.’

Tá cuntais eile ar an sléacht seo ó fhoinsí Iosraelacha, Arabacha, Meiriceánacha agus na Náisiún Aontaithe. Scríobh an saighdiúir Iosraelach Avraham Vared ina chuimhní cinn gur lámhachadh Palaistínigh ina dtithe, sna caolsráideanna agus ar na fánaí máguaird agus iad ag teitheadh: ‘Nuair a chuamar suas ar na díonta chonaiceamar na hArabaigh ag rith thart sna caolsráideanna thíos fúinn. Scaoileamar leo… Ónár suíomh ard chonaiceamar an machaire ollmhór ag síneadh soir uainn… agus bhí an machaire clúdaithe leis na mílte Arabach ag teitheadh…. Thosaigh na meaisínghunnaí ag oibriú agus rinneadh slad as an teitheadh.’

Níor cuireadh pionós ar éinne riamh faoin sléacht.

Déantar an argóint uaireanta go bhfuil difríocht mhorálta mhór idir Iosrael ag marú sibhialtaigh Phalaistíneacha i nGaza agus sléacht Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair. Deirtear gurbh í an aidhm a bhí ag Hamas ná sibhialtaigh a mharú ach go ndéanann Iosrael a dhícheall gan sibhialtaigh a mharú. Tá argóintí fíochmhara ann ar son agus i gcoinne na tuairime sin.

Ach fágaimis é sin i leataobh faoi láthair agus cuirimis an cheist seo: An féidir le héinne a mhíniú cén difríocht mhorálta atá idir na sléachtanna a rinneadh ar Phalaistínigh le linn bhunú Iosrael, agus an sléacht barbartha a rinne Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair?

Seo roinnt samplaí eile ó cháipéisí i gcartlann Iosrael faoi shléachtanna eile a tharla in áiteanna eile ag an am céanna le sléacht Dawayima. Ag sráidbhaile Saliha phléasc na saighdiúirí foirgneamh – seans gur mosc a bhí ann – agus maraíodh idir 60 agus 94 duine a bhí ar foscadh ann. Ag Safsaf dhúnmharaigh na saighdiúirí idir 50 agus 70 sibhialtach agus príosúnaigh chogaidh agus dhumpáil siad a gcorpáin i dtobar. Ag Hule lámhachadh thart fá thrí dhosaen príosúnach cogaidh agus sibhialtach agus ansin leagadh teach os a gcionn, á marú, mura raibh siad marbh cheana féin. Agus mar sin de agus mar sin de…

Thóg mé na samplaí seo ar fad ón leabhar The Birth of the Palestinian Refugee Problem Revisited (Cambridge University Press) leis an staraí Iosraelach Benny Morris.

Rinne Iosrael sléachtanna eile ar shibhialtaigh agus/nó príosúnaigh i rith na mblianta. Mar shampla, maraíodh tuairim is 275 i sléacht Khan Yunis i nGaza i 1956 agus 111 duine eile i sléacht Rafah go luath ina dhiaidh sin.

Ach is é sléacht Sabra agus Shatilla i 1982 a rinne comhghuaillithe ‘Críostaí’ Iosrael sa Liobáin, na Falangaigh, le cead agus cabhair fhórsaí Iosrael an ceann is barbartha acu ar fad. Ar an 16 Meán Fómhair 1982 thimpeallaigh airm Iosrael ceantar Sabra i mBeirut agus an campa teifeach Shatilla. Ansin scaoil siad na Falangaigh isteach sa champa. Níl a fhios ag éinne cé mhéad duine a maraíodh mar gur éirigh leis na Falangaigh an fhianaise a cheilt. De réir meastachán Iosrael maraíodh idir 700-800 duine. Deir an Corrán Dearg gur maraíodh 2,000. De réir meastacháin eile bhí líon na marbh chomh hard le 3,500. Fuair airm Iosrael tuairiscí faoin sléacht le linn an dá lá a raibh sé ag tarlú ach níor ghníomhaigh siad chun é a stopadh.

D’éirigh leis an iriseoir agus an taidhleoir ón Iorua Gunnar Flakstad, rochtain a fháil ar an gcampa tar éis an tsléachta. Bhíothas tar éis fir óga a choilleadh agus craiceann a gcinn a bhaint díobh agus bhí an chros Chríostaí gearrtha ar chuid acu. Scríobh an t-iriseoir Meiriceánach Janet Lee Stevens:

‘Chonaic mé mná marbh ina dtithe agus a sciortaí suas thar a gcoim agus a ngéaga scartha; na dosaein d’fhir óga a lámhachadh tar éis dóibh a bheith líneáilte suas i gcoinne falla caolsráide; páistí lena scornach gearrtha, bean thorrach agus a bolg gearrtha ar oscailt, a súile fós lánoscailte, a haghaidh dóite agus clúdaithe le spuaiceanna, í balbh le sceimhle; báibíní agus tachráin gan áireamh agus iad sáite nó stróicthe óna céile agus iad caite ar charnáin bhruscair.’

Níor cuireadh pionós riamh ar shaighdiúir Falangach nó Iosraelach ar bith faoin sléacht.

Bhí sléacht Hamas ar shibhialtaigh Iosraelacha ar an 7 Deireadh Fómhair barbartha, brúidiúil, do-chosanta. Mhúscail sé faitíos stairiúil na nGiúdach faoin uileloscadh agus faoi phograim stairiúla.

Ach ní bheadh an stát Iosraelach mar atá sé anois gan sléachtanna i gcoinne sibhialtach Palaistíneach atá thar a bheith cosúil le heachtraí an 7 Deireadh Fómhair.

Chuir siad go mór leis an sceimhle a bhí orthu roimh na fórsaí Síónacha/Iosraelacha, spreag siad i bhfad níos mó acu le teitheadh, agus dar ndóigh níor lig na hIosraelaigh dóibh filleadh abhaile aina dhiaidh sin. Ní hiad fórsaí Iosrael a mharaigh na teifigh i Sabra agus Shatilla ach is iad a lig dó tarlú agus a chinntigh nach raibh aon tslí éalaithe ag na híospartaigh.

B’fhéidir go n-oireann sé do dhaoine áirithe ligean orthu gur thosaigh an doirteadh fola ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ach ní mar sin a fheictear cúrsaí do na Palaistínigh, fiú iad siúd nach cuid de lucht tacaíochta Hamas iad.

An dtógfá orthu é?

Fág freagra ar 'Oireann sé do dhaoine áirithe ligean orthu gur thosaigh an doirteadh fola ar an 7 Deireadh Fómhair'

  • Éibhear

    “Bhí sléacht Hamas ar shibhialtaigh Iosraelacha ar an 7 Deireadh Fómhair barbartha, brúidiúil, do-chosanta.” Níl ach ceist amháin agam; cén fáth nach bhfuil aon aidiachtaí in úsáid agat in aghaidh na sléachtanna eile?

  • Criostóir Ó Floinn

    Is fíor gur tharla sé roinnt uaireanta go ndearna na hIosraelaigh slad ar shibialtaigh Phalaistíneacha (ceann eile nár luaigh tú is ea Deir Yassin) – tá aird tarraingthe ag staraithe Iosraelacha ar nós Benny Morris ar na sléachtanna úd agus níl an pobal Iosraelach bródúil astu. Ach ar an iomlán, rud neamhchoitianta a bhí ann don IDF slad ar shibhialtaigh. Léiriú air sin is ea líon na bPalaistíneach a d’fhan in Iosrael tar éis chogadh 1948 – dá mbeadh eagla a gcraicinn orthu roimh bhrúidiúlacht an stáit Iosraelaigh, ní fhanfadh an oireadh sin in Iosrael acgus ní bheadh 2 mhilliún Arabach fágtha sa tír sa lá atá inniu ann.

    Ar an láimh eile, ní rud neamhchoitianta a bhí ann do na hArabaigh slad a dhéanamh ar na Giúdaigh i gcaitheamh na mblianta sa Phalaistín/Iosrael (féach ar shléachtanna Hebron, Kfar Etzion, ospidéal Hadassah agus sléacht Safad in 1929 gan ach cúpla ceann a lua). Go deimhin, dá mbuafadh na hArabaigh an cogadh in 1948, is beag seans go mbeadh Giúdach ar bith fágtha i stát Arabach a bhunófaí ina dhiaidh sin. Is é a dúirt an ‘tArd-Mhuftaí’ Amin al-Husseini (arbh é ceannaire na bPalaistíneach ag an am é) dá ‘bhráithre Moslamacha’ le linn chogadh 1948: ‘maraigh na Giúdaigh. Maraigh iad go léir’. Ní raibh sé i gceist aige go dtiocfadh Giúdach ar bith slán sa stát nuabhunaithe Arabach. Dála an scéil, bhí an tArd-Mhuftaí (duine a chomhoibrigh leis na Naitsithe) ina laoch ag Yasser Arafat ina dhiaidh sin agus tá sé fós ina laoch ag go leor Palaistíneach sa lá atá inniu ann.

  • Mise Áine

    Aidiachtaí? Ar léigh tú tuairisc Fhachtna thuas ina iomláine? Táim den bharúil nach raibh gá le haidiachtaí, mar is léir (domsa, pé scéal é) go dtaispeánann an méid a roinn sé linn go raibh agus go bhfuil gníomhartha ‘barbartha, brúidiúil do-chosanta’ ann ón tús.

  • Seán Mac an Rí

    Tharla eachtraí uafáis i stair gach tíre ar domhan, nach mór, go háirithe i gcogaí na saoirse agus i gcogaí cathartha. Gan ach sampla amháin a lua, meastar gur mharaigh póilíní na Fraince thart ar 200 léirsitheoir Ailgéarach i bPáras in 1961 le linn dóibh a bheith ag léirsiú i gcoinne mhodhanna brúidiúla an airm Fhrancaigh san Ailgéir. Ach ní chiallaíonn sin go bhfuil sé de cheart ag sliocht na ndaoine sin a ndíoltas a bhaint amach sá lá atá inniu ann. Mar shampla, ar cheart dúinn é a mhaitheamh d’Ailgéaraigh an lae inniu má dhéanann siad sléacht ar Fhrancaigh? Nó gur cheart dúinn an ‘comhthéacs stairiúil’ a thuiscint? Ní dóigh liom. Dá bhrí sin, ná déanaimis leithscéalta do Hamas. Deir tú gur sléacht ‘barbartha, brúidiúil, do-chosanta’ a bhí in 7 Deireadh Fómhair, ach déanann tú plé ar an gcomhthéacs stairiúil san alt amhail is go bhfuil tú ag tabhairt leithscéalta do na Palaistínigh a rinne ceiliúradh ar an sléácht.

  • Criostóir Ó Floinn

    Tá an ceart ag Seán Mac an Rí thuas – meastar gur maraíodh 400,000 sibhialtach le linn Chogadh na hAilgéire agus is iomaí uafás agus coir chogaidh a rinne na Francaigh i gcoinne an phobail Ailgéirigh. An bhfágann sin go bhfuil cead a gcinn ag na hAilgéirigh díoltas a bhaint amach ar na Francaigh sa lá atá inniu ann trí mheán an fhoiréigin agus na sceimhlitheoireachta? Ní déarfadh éinne a leithéid. Cén fáth a ndéanaimid leithscéalta do Hamas, mar sin?

    Is go rí-annamh a rinne grúpa míleata de chuid stát Iosrael ionsaí ar shibhialtaigh d’aon ghnó (liostaigh Fachtna roinnt den bheagán samplaí dá leithéid). Ó thaobh an chogaidh i nGaza faoi láthair, is é fírinne an scéil go gcuireann Hamas iad féin i bhfolach i measc na sibhialtach agus go mbaineann siad úsáid as sibhialtaigh mar sciath cosanta. In ainneoin go dtugann an IDF an iliomad foláireamh do na sibhialtaigh, is minic a chuireann Hamas cosc orthu imeacht ó na háiteanna ar spriocanna iad. Ansin bíonn cinntí crua le déanamh ag an IDF – teastaíonn uathu fáil réidh le Hamas ach bás na sibhialtach a íoslaghdú ar ndóigh. Bíonn an fhadhb chéanna ann i ngach cogadh, nach mór, go háirithe i gceantair uirbeacha.

    Faraor, is é sprioc na ngrúpaí sceimhlitheoireachta ar nós Hamas an oiread Giúdach a mharú agus is féidir leo. Dar leo og bhfuil siad ag fanacht dílis don ‘chogadh naofa’ a d’fhógair an tArd-Mhuftaí i gcoinne na nGiúdach.

  • Seán De Bláca

    An t-údar: Bhí sléacht Hamas barbartha brúdiúil dochosanta
    Lucht a cháinte: Tá sé ag déanamh leithscéalta ar son Hamas!
    Lucht a cháinte faoi shléachtanna Iosrael: Sea ach tharla siad tamall fada ó shin. Tarlaíonn na rudaí seo sa stair an dtuigeann tú? Níor tharla sé go minic. Bhí cogadh saoirse ar siúl. Bhí cogadh cathartha ar siúl. Níl siad bródúil astu. Rinne dream eile in áit eile sléacht níos measa.
    An rud nach ndeir siad faoi shléachtanna Iosrael: Bhí siad barbartha brúidiúil dochosanta.

  • Éibhear

    Aidiachtaí? Cinnte, bhí tuairisc Fhachtna léite agam ina iomláine. Níl i mbarúil ach tuairim. Muna raibh gá le haidiachtaí cén fáth go raibh aidiachtaí curtha síos in aon chor?

    Léiríonn úsáid ‘barbartha, brúidiúil, do-chosanta’, agus é ina úsáid do thaobh amháin den uafás, dearcadh claonta; i bhfios nó gan fhios. Tarlaíonn sé sin nuair atá taobh amháin in ann bolscaireacht a craobhscaoileadh go rialta ar na meáin.