Oiread na fríde eatarthu agus Gaillimh agus Ard Mhacha sa tóir ar Sam

Tá an dá fhoireann ag iarraidh deireadh a chur le bearna breis is 20 bliain ón uair dheireanach gur éirigh leo Craobh Shinsir Peile na hÉireann a thabhairt leo

Oiread na fríde eatarthu agus Gaillimh agus Ard Mhacha sa tóir ar Sam

Seo chugainn cluiche mór peile na bliana agus coimhlint chrua, géar, dhothuartha romhainn. Agus muid d’uireasa na mboc mór, is é seo an dara cluiche ceannais le dosaen bliain anuas nach raibh Áth Cliath nó Ciarraí páirteach ann agus tá deis iontach ag Ard Mhacha agus Gaillimh craobh a thabhairt leo den chéad uair le breis is scór bliain.

Tá an lucht tacaíochta sa dá chontae muiníneach go maith agus údar acu.

I nGaillimh, tá súil ann go dtabharfar an fhorbairt atá déanta ag an bhfoireann faoi cheannas Phádraic Joyce chun críche agus go mbeidh toradh leis an obair uile. Bhí na Gaillimhigh sa chluiche ceannais dhá bhliain ó shin agus cé nár éirigh leo i gcoinne Chiarraí an lá sin, meastar go mbeidh taithí ríluachmhar faighte acu ar an lá mór. Ní amháin gur imir Gaillimh sa chluiche ceannais sin ach d’imir siad go maith ann. Beidh brú ollmhór ar na himreoirí go fóill, beidh a fhios acu go bhféadfadh nach dtiocfaidh deis mar seo arís, ach ar a laghad beidh a fhios ag an bhformhór acu go bhfuil an cheist áirithe sin freagartha cheana.

Údar dóchais dóibh a bheidh sna taispeántais atá tugtha acu i gcoinne Ard Mhacha le trí bliana anuas freisin. Dhá bhliain ó shin, bhí Gaillimh sé phointe chun tosaigh ar Ard Mhacha agus an 70 nóiméad caite ach scaoil dhá bhotún na hUltaigh ar ais sa chluiche. Bhí na Gaillimhigh arís chun tosaigh théis beagnach uair an chloig imeartha sa chluiche idir na foirne anuraidh, fiú agus cic éirice curtha amú acu, ach thug Ard Mhacha an ceann sin leo le pointe. Ansin, níos luaithe i mbliana, bhí Gaillimh go mór i gceannas théis 50 nóiméad den chluiche eatarthu i Sligeach ach chuir botún eile tús le teacht aniar Ard Mhacha agus na foirne críochnaithe cothrom sa deireadh.

Ní chuirfidh Ard Mhacha aon fhaitíos ar na Gaillimhigh mar sin ach, agus seans go bhfuil sé seo tugtha faoi deara agaibh, tá ábhar misnigh sna cluichí sin d’fhoireann Kieran McGeeney freisin. Ní hamháin nach raibh Gaillimh in ann Ard Mhacha a chur de dhroim sheoil in aon cheann de na cluichí sin ach bhí teacht aniar Ard Mhacha ag tarlú níos luaithe agus níos luaithe.

Tá na fir ionaid ag Gaillimh feabhsaithe ó bhí siad i gcluiche ceannais go deireanach in 2022 ach tá imreoirí taca Ard Mhacha chomh maith céanna agus b’fhéidir níos fearr. Cinnte níl aon duine de chumas Stefan Campbell ar bhinse na Gaillimhe. Tabharfar Campbell chun páirce agus thart ar 25 nóiméad fágtha ar an nDomhnach agus tá sé nach mór cinnte go n-aimseoidh sé scór. Bhí Jarly Óg Burns, mac an Uachtaráin, ar fheabhas ar fad nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chiarraí agus d’fhéadfadh Jason Duffy, Aidan Nugent agus Oisín O’Neill rian a fhágáil ar an gcluiche.

Athrú amháin atá déanta ar chaon taobh ó na cluichí leathcheannais, Tá Connaire Mackin tagtha isteach i gcosaint Ard Mhacha. Meastar gur Barry McCambridge a bheidh ag marcáil Shane Walsh tar éis dó David Clfford a choinneáil ciúin cúpla seachtain ó shin agus d’fhéadfadh Aaron McKay a bheith ag leanúint Damien Comer agus súil ag na Gaillimhigh go ndéanfaidh an choicís bhreise maitheas do Comer agus é ag teacht chuige féin ó ghortú.

Tá an rud céanna fíor faoi captaen na foirne, Seán Kelly, atá ainmnithe i lár na páirce. Níor imir sé ar chor ar bith i gcoinne Dhún na nGall ach b’fhéidir go mbraitheann Pádraic Joyce gur fearr é a chaitheamh isteach ón tús sa chluiche ceannais agus má bhíonn air Kelly a bhaint amach luath, bíodh sin.

Tá déanta go maith ag Céin D’Arcy in áit an Cheallaigh le cúpla cluiche anuas agus fathach eile é i lár na páirce ag Gaillimh. Bhain Gaillimh an-tairbhe as na ciceanna amach fada i gcoinne Dhún na nGall agus beifear ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh arís inniu ach bhí an-lá ag beirt Ard Mhacha i lár na páirce, Niall Grimley agus Ben Crealey, i gcoinne Chiarraí.

Fear eile a sheas an fód nuair ba ghá sa chluiche leathcheannais ná Rian O’Neill agus má éiríonn leis-sean agus Conor Turbitt, a bhí ar fheabhas d’Ard Mhacha go dtí seo, dul i bhfeidhm ar an gcluiche, tabharfaidh sé deis i bhfad níos fearr dóibh an cluiche seo a bhuachan. Gach seans gur ar Johnny McGrath a bheidh an cúram coinneáil le Turbitt ach níl sé chomh soiléir cé a bheidh ag marcáil O’Neill. D’fhéadfadh Seán Fitzgerald dul i ngleic leis gar don chúl ach b’fhearr b’fhéidir Liam Silke a chur á leanúint nuair a théann O’Neill ag spaisteoireacht.

Agus na foirne chomh cothrom sin, d’fhéadfadh gur botún nó cinneadh réiteora a shocróidh an mbeidh Corn Mhig Uidhir ag dul siar nó ó thuaidh anocht. Tá cúpla cic amach gearr sciobtha ag Conor Turbitt i gcluichí go dtí seo, sa chluiche i gcoinne na Gaillimhe ina measc, agus b’fhearr dóibh an liathróid a choinneáil amach uaidh.

Am breise a bhí ag teastáil chun na foirne a scaradh sa chluiche ceannais iomána an tseachtain seo caite agus tharlódh go mbeadh sé sin agus tuilleadh ag teastáil chun buaiteoir a fháil sa cheann seo.

Fág freagra ar 'Oiread na fríde eatarthu agus Gaillimh agus Ard Mhacha sa tóir ar Sam'