Oireachtas na Samhna seolta agus Gradam Réics Carlo bronnta i gCill Airne

Sheol Uachtarán an Oireachtais Ray Mac Mánais mórfhéile na nGael i gCill Airne tráthnóna agus bronnadh na duaiseanna i gComórtais Liteartha an Oireachtais

Oireachtas na Samhna seolta agus Gradam Réics Carlo bronnta i gCill Airne

Is í Áine Ní Ghlinn a bhuaigh Gradam Réics Carlo dá saothar Hata Zú Mhamó a d’fhoilsigh Cois Life i mbliana.

Bhronn Uachtarán an Oireachtais, Ray Mac Mánais, an duais ag seoladh oifigiúil Oireachtas na Samhna san Ionad INEC i gCill Airne tráthnóna. Bronnadh duaiseanna eile i gComórtais Liteartha an Oireachtais le linn na hócáide i réimsí éagsúla litríochta idir fhicsean, ghearrscéalaíocht, chumadóireacht amhrán agus filíocht.

Is ar Phádraic Breathnach a bronnadh an chéad duais sa chatagóir ficsin dá leabhar Dialann Mo Mháthar agus bronnadh an dara duais ar an scríbhneoir Conallach Michelle Nic Pháidín dá leabhar An tIriseoir.

“Tá an tOireachtas ag spreagadh saothair nua i nGaeilge ón gcéad lá riamh. Leanann na hiomaitheoirí, a ghlac páirt i gcomórtas liteartha na bliana seo, lorg scríbhneoirí móra na Gaeilge, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill agus a leithéidí. Tá na comórtais éagsúla ríthábhachtach i bhfás agus i bhforbairt na scríbhneoireachta Gaeilge,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Beidh an tOireachtas ar siúl in Óstán an Gleneagle i gCill Airne as seo go dtí Dé Domhnaigh agus déanfar ceiliúradh ar “oidhreacht chultúir, teanga agus ealaíne na hÉireann” ann.

Cuirfear tús amárach le comórtais scéalaíochta, amhránaíochta, damhsa, ceoil, lúibíní, agallamh beirte agus dreas cainte, chomh maith lena lán imeachtaí eile.

Beidh Ceolchoirm an Oireachtais ar siúl san oíche amárach agus is é Peadar Ó Riada a bheidh mar phríomhcheoltóir ag an ócáid agus píosa nuachumtha á chasadh aige, I gCuimhne Laochra, a choimisiúnaigh an tOireachtas mar chuid de chomóradh céad bliain 1916. Beidh Seán Ó Sé agus Cór Chúil Aodha i measc na gceoltóirí eile a bheidh ar an stáitse.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl as seo go ceann cúig lá beidh drámaí, díospóireachtaí, ceardlanna, seoltaí leabhair agus, ar ndóigh, Corn Uí Riada agus Steip.

Tá lucht an Oireachtais ag súil le tuairim is 12,000 duine ag an mórfhéile i gCill Airne i mbliana.

Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna seolta agus Gradam Réics Carlo bronnta i gCill Airne'