Soiléiriú: Tús á chur le Féile Oireachtas na nOileán sa Bhealtaine

Is ón 1ú- 3ú Bealtaine a bheidh an fhéile nuabhunaithe seo ar siúl. Ba mhaith linn leithscéal a ghabháil as an míthuiscint faoi na dátaí

stair_ceantar_2_tobar

Cuirfear tús le Féile Oireachtas agus Cheardaíocht na nOileán ar an gcéad lá de Bhealtaine. I Leitir Mealláin i gCeantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara a bheidh sí ar siúl.

Féile nuabhunaithe í seo a mbeidh idir cheoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, léachtóirí, ceardaithe agus grúpaí siúlóide páirteach ann.

Siod é an chéad uair féile dá leithéid a bheith á reáchtáil i gCeantar na nOileán.

Tá sé i gceist ag lucht a heagraithe ócáid bhliantúil a dhéanamh aisti agus an smaoineamh atá acu faoi láthair ná an fhéile a chur ar siúl ar oileán ar leith chuile bhliain más féidir.

Is ag John Bhaba Jack Ó Conghaile ó Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna a bhí an bunsmaoineamh an chéad lá riamh agus bunaíodh fo-choiste den choiste oidhreachta le gabháil ag plé le Féile an Oireachtais. Tá ionadaithe as Comhar Chuigéal, Comhairle Ceantar na nOileán agus daoine áitiúla ar suim leo cúrsaí turasóireachta ar an gcoiste.

Ag caint di le Tuairisc.ie, dúirt Caitlín Nic Dhonncha, Rúnaí an Choiste, gur “chuir muid scéal amach ag na hoileáin uilig mórthimpeall an chósta faoin bhféile” agus go bhfuiil “fáilte roimh aon cheoltóirí, damhsóirí, amhránaithe agus ceardaithe a theacht chomh fada linn ar an deireadh seachtaine”.

Fuair an coiste urraíocht fiail flaithiúil ó ghnónna agus ó eagraíochtaí ar fud Chonamara agus mhínigh Nic Dhonncha go mbeadh sé deacair an fhéile a chur ar siúl dá n-uireasa.

Is san Ionad Pobail i Leitir Mealláin a bheas formhór na n-imeachtaí ar siúl (ceardaíocht, seisiúin, dinnéar agus léachtaí), agus is ar pháirc bheag an tséipéil i Leitir Mealláin a bheas imeachtaí spóirt agus caitheamh aimsire.

Is é an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha, a sheolfas an fhéile go hoifigiúil san Ionad Pobail ag 6.00 pm, Dé hAoine, an 1 Bealtaine.

Ina dhiaidh sin, labhróidh Ciarán Ó Fáthartha ar an líon mór cumadóirí, amhránaithe agus filí a rugadh is a tógadh i gCeantar na nOileán sa ‘Léacht ar na hOileáin’, a thabharfar ag 6.30 pm.

Tabharfaidh an t-iarchraoltóir agus an t-údar, Seosamh Ó Cuaig, caint uaidh ansin ar an scríbhneoir is mó cáil as Leitir Mealláin, Peadar Ó Direáin, a cailleadh ina fhear óg. Scríobh Ó Direáin na leabhair Scéalta Leitir Mealláin agus Scéalta na nOileán agus déanfaidh Seosamh scagadh ar na saothair sin agus ar shaol an duine féin.

Cuirfear ceardlanna ar siúl ar an Satharn, an 2 Bealtaine, a bhaineann le potaí gliomach agus déanamh bád agus tá fáilte roimh chách freastal orthu sin agus ar na ceardlanna uile.

Is féidir breis eolais a fháil faoin deireadh seachtaine ach glaoch ar Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar 091-551744 nó 087-4631601.

Fág freagra ar 'Soiléiriú: Tús á chur le Féile Oireachtas na nOileán sa Bhealtaine'