Oireachtas Chois Fharraige le seoladh Dé hAoine

Leanfaidh an fhéile, atá á reáchtáil mar chomóradh ar Oireachtas na Gaeilge a reáchtáladh i gCois Fharraige i 1976, ar aghaidh go dtí an Domhnach 25 Meán Fómhair

Oireachtas Chois Fharraige le seoladh Dé hAoine

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le hOireachtas Chois Fharraige, féile chomórtha ar Oireachtas na Gaeilge 1976 a reáchtáladh i gCois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe.

Osclófar an fhéile go hoifigiúil in oifig Oireachtas na Gaeilge i gCasla nuair a nochtfaidh Pádraig Breathnach taispeántas ealaíne ansin mar chuid den Oíche Chultúir a bheidh ar siúl ar fud na tíre Dé hAoine.

Beidh Oireachtas Chois Fharraige ar siúl ón Aoine 16 Meán Fómhair go dtí an Domhnach 25 Meán Fómhair agus beidh ceol, drámaíocht, filíocht, damhsa agus neart imeachtaí eile ar siúl in ionaid éagsúla timpeall an cheantair le linn na féile.

Beidh “seó ilmheánach” ó pheann Joe Steve Uí Neachtain á chur ar stáitse i Seanscoil Sailearna in Indreabhán Dé Domhnaigh beag seo. Scríobh Ó Neachtain an seó le “comóradh a dhéanamh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige” leathchéad bliain ó shin agus ar Éirí Amach na Cásca céad bliain ó shin.

“Taispeántas físe agus aisteoireachta beo atá i gceist againn a chur i láthair an phobail leis an léiriú seo. Sa gcéad leath cuirfear cuid de ghaolta na laochra a throid i 1916 atá ina gcónaí i gCois Fharraige in aithne don phobal le comóradh a dhéanamh ar an éacht a rinne a sinsir san Éirí Amach.

“Beidh an dara leath den seó dírithe ar 1966, caoga bliain tar éis an Éirí Amach, nuair a bunaíodh Cumann Forbartha Chois Fharraige. Déanann muid iarracht léargas a thabhairt ar éifeacht a gcuid oibre agus na buaicphointí ar féidir le pobal muiníneach a bhaint amach nuair a oibríonn siad as lámha a chéile,” a dúirt Ó Neachtain.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl le linn na féile, beidh seisiúin cheoil i dtithe tábhairne éagsúla, comórtas liteartha do scoileanna sa cheantar, ‘Ceolchoirm na nÓg’, ‘Mac Piarais i bPictiúir’ agus go leor imeachtaí eile nach iad. Beidh an ealaín a bheidh ar taispeáint ag an bhféile ar díol ann.

Is féidir ticéad féile a cheannach ar €30 a thabharfaidh saorchead isteach do na himeachtaí ar fad nó is féidir íoc ag an doras ag gach imeacht.

Is grúpa deonach atá ag eagrú Oireachtas Chois Fharraige faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sheol an Cumann Forbartha litir amach le deireanas ag iarraidh ar an bpobal, ar eagraíochtaí teanga agus ar ghnólachtaí áitiúla airgead a dheonú don fhéile.

Dúradh sa litir go bhfuil a bheannacht tugtha ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge Liam Ó Maolaodha d’Oireachtas Chois Fharraige 2016 agus nach bhfuil an fhéile i gConamara in iomaíocht le hOireachtas na Samhna.

Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú chun aitheantas a thabhairt don “tacaíocht ar leith a thugann muintir Chonamara agus Chois Fharraige don Oireachtas, cibé áit a mbíonn sé ar bun”.

Tá tuilleadh eolais faoi chlár na féile ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Oireachtas Chois Fharraige le seoladh Dé hAoine'