OIREACHTAS 2017: Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge – Déardaoin

An bhfuil tú ag triall ar Oireachtas 2017 i gCill Airne, nó an bhfuil tú ansin cheana féin? Beidh gach eolas gach lá faoi imeachtaí na féile ar Tuairisc.ie...

OIREACHTAS 2017: Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge – Déardaoin

9.00 p.m. – 4.00 p.m.

ÉISTEACHTAÍ
Arna eagrú ag Meangadh Fíbín

Tá tallann nua don scáileán á lorg ag Meangadh Fíbín le haghaidh sraith nua teilifíse a bheidh dírithe ar leanaí réamhscoile.
Más buachaill nó cailín tú atá idir 6-12 bliain d’aois ba bhreá leo dá ndéanfá éisteacht dóibh. Tar chomh fada le Seastán Meangadh Fíbín ag Aonach an Oireachtais chun tuilleadh eolais a fháil.
IONAD: An Seomra Glas (In aice le Seomra Mangerton), Óstán Gleneagle


10.00 a.m. – 6.00 p.m.

AN SEOMRA TEAGHLAIGH
Arna eagrú ag Glór na nGael
Sraith Imeachtaí do Pháistí – Ceol, Amhránaíocht agus Siamsaíocht, ag freastal ar gach aoisghrúpa
IONAD: Seomra Onóra, Leibhéal 1 san INEC


11.00 a.m.

COMÓRTAIS 9, 10, 11, 12
Aithriseoireacht (Aoisghrúpaí: Faoi 9; 9 – 12; & 12 – 15) & Dreas Cainte (15 – 18)
IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle


11.00 a.m.

COMÓRTAIS 13, 14 & 15
Scéalaíocht (Aoisghrúpaí: 9 – 12; 12 – 15 & 15 – 18)
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle


11.00 a.m.

COMÓRTAS 16
Agallamh Beirte (Faoi 12)
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle


11.00 a.m.

COMÓRTAS 18
Agallamh Beirte (15 – 18)
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon


11.00 a.m.

MAIDIN CHAIFE
Arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
IONAD: Beár, Óstán Brehon


12.00 p.m.

SEOLADH OIFIGIÚIL: ‘Aonach an Oireachtais’
le hUachtarán an Oireachtais 2017, Seán Ó Muimhneacháin
Cur in aithne na ngnólachtaí, na n-eagraíochtaí agus na bhforas a bhfuil seastáin acu ag an Aonach.
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC


12.00 p.m.

COMÓRTAIS 19, 20, 21
Lúibíní (Aoisghrúpaí: Faoi 12, 12 – 15 & 15-18)
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon


12.10 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘An Saol ó Dheas’
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle


1.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Nuacht a hAon’
IONAD: An Ródaí, RTÉ Raidió na Gaeltachta


2.00 p.m.

COMÓRTAIS 28 & 29
BEO ÓN OIREACHTAS ar Facebook an Oireachtais agus TG4
Agallamh Beirte & Sceitse
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle


3.00 p.m.

SEOLADH LEABHAR
‘Scéalta as Tír Chonaill: Cnuasach a Cúig’ curtha in eagar ag Micheál Mac Giolla Easbuic & ‘Condaí Phroinnseais Mac Cuinneagáin agus Ceolta Fheilinn’, le Pádraig Mac Sheáin atá curtha in eagar ag Micheál Mac Giolla Easbuic.
Arna fhoilsiú ag Coiscéim
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC


4.00 p.m.

SEOLADH LEABHAIR / SRAITH TEILIFÍSE
Seolfaidh Cló Iar-Chonnacht agus Cúla4 sraith nua cartún Horrid Henry / Dónall Dána agus cúig theideal nua sa tsraith leabhar den ainm céanna.
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC


5.00 p.m.

SEISIÚN EOLAIS FHORAS NA GAEILGE
Tabharfar léargas faoi na scéimeanna éagsúla atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC


5.40 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht RTÉ
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle


6.00 p.m.

CEARDLANN
Arna eagrú ag Gréasán na Meán
IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle


6.00 p.m.

COMÓRTAS 25
Dreas Cainte (Daoine Fásta)
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle


7.00 p.m.

COMÓRTAS 40: Sean-Nós na bhFear
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta & Facebook an Oireachtais agus TG4
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle


7.00 p.m.

GRÉASÁNÚ GASTA
Fáiltiú fíona d’úinéirí na seastáin uile in Aonach an Oireachtais.
Deis iontach a bheidh ann d’eagraíochtaí, gnólachtaí, Ranna Stáit agus soláthraithe seirbhísí aithne a chur ar a chéile agus teagmhálaithe nua a chruthú!
IONAD: Aonach an Oireachtais, INEC


7.00 p.m.

DRÁMA Stiofán an Déagóir
Arna léiriú ag Splódar

Sleachta as ‘A Portrait of the Artist as a Young Man’. Cur síos ceolmhar ar eachtraí áirithe i saol Joyce nuair a bhí sé ina dhéagóir, ina measc, eachtra na striapaí óige; é féin agus a athair i gCorcaigh; an tseanmóir ar ifreann agus a chaidreamh le hEmma, a chéad ghrá.
Eoin Ó Dubhghaill agus Fionnuala Flaherty atá i mbun na rólanna éagsúla.
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon


7.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht TG4
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle


7.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Blas, BBC Gaeilge
Á chur i láthair ag Conall Ó Máirtín.
IONAD: ‘An Nead’, Óstán Gleneagle


9.00 p.m.

DRÁMA Glórtha ón Ghorta
Arna Léiriú ag An Taibhdhearc

Sleachta as dráma le Cathal Póirtéir.
‘Amharclann na Fianaise’, scéalta pobail agus daoine faoi chos á n-insint le mothú agus le héifeacht. Mórscéal láidir is ea é, a léirítear trí mheán na haisteoireachta, an cheoil agus amhráin na linne, bunaithe ar chuimhní cinn na ndaoine faoin nGorta Mór.
Leis na hamhráin ‘Na Prataí Dubha’ agus ‘Na Fataí Bána’.

Ceol: Éamonn Ó Broithe, píobaire.
Cliar: Diarmuid de Faoite, Áine Ní Droighneáin, Mairéad Dinny agus Eoghan Ó Riada.
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon


9.30 p.m.

CEOLCHOIRM: COMÓRADH AR FHÉILE OIREACHTAIS 1987 i nDaingean Uí Chúis
Ceolchoirm speisialta a dhéanfaidh ceiliúradh ar Oireachtas na Samhna a bhí ar siúl i nDaingean Uí Chúis tríocha (30) bliain ó shin. Léireoidh iomaitheoirí, iar-iomaitheoirí agus Cairde Oireachtais an chuid is fearr d’oidhreacht teanga agus cheoil Chorca Dhuibhne.
Oíche thar oícheanta a bheidh ann.
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle

Fág freagra ar 'OIREACHTAS 2017: Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge – Déardaoin'