OIREACHTAS 2017: Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge – Dé Céadaoin

An bhfuil tú ag triall ar Oireachtas 2017 i gCill Áirne, nó an bhfuil tú ann cheana féin? Beidh gach eolas gach lá faoi imeachtaí na féile ar Tuairisc.ie...

OIREACHTAS 2017: Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge – Dé Céadaoin

3.30 p.m.

SEOLADH OIFIGIÚIL NA FÉILE
Is é Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta & na nOileán Joe McHugh T.D. a seolfaidh an fhéile go hoifigiúil.

DUAISEANNA LITEARTHA AN OIREACHTAIS
Fógrófar torthaí shraith comórtas liteartha 2017.

AN GRADAM FOILSITHEOIREACHTA
Fógrófar buaiteoir GHRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN 2017 agus bronnfar duais de €3,000 ar an Teach Foilsitheoireachta & duais de €2,000 ar údar an tsaothair.

IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon


6.30 p.m.

SEOLADH LEABHAIR
‘Súil eile’ le Seán Tadhg Ó Gairbhí
Anailís bheoga, ghéarchúiseach ar scéal na teilifíse Gaeilge le breis agus fiche bliain anuas – bunaithe ar thaighde cuimsitheach an údair agus agallaimh leis na pearsanta a bhfuil na fíorscéalta acu faoi bhunú agus fhorbairt TG4!
IONAD: INEC


7.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht TG4
IONAD: INEC


8.00 p.m

ÓCÁID BHRONNTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS
BEO ÓN OIREACHTAS ar Facebook an Oireachtais agus TG4
Bronnfaidh Seán Ó Muimhneacháin, Uachtarán an Oireachtais 2017, Lóchrann an Oireachtais ar bhuaiteoirí Ghradaim Chumarsáide 2017.
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle


8.00 p.m.

COMÓRTAS ‘BEO’
Amhrán Nuachumtha Gaeilge
Comórtas do dhaoine óga
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle

Fág freagra ar 'OIREACHTAS 2017: Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge – Dé Céadaoin'