Oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta le bualadh leis an Taoiseach inniu

Tá ócáid á heagrú i dTithe an Rialtais inniu chun ‘aitheantas’ a thabhairt dóibh siúd atá ceaptha  ina n-oifigigh pleanála teanga atá ceaptha go n-uige seo

Oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta le bualadh leis an Taoiseach inniu

Beidh oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta ag triall ar Thithe an Rialtais tráthnóna chun bualadh leis an Taoiseach Leo Varadkar.

Tá an ócáid á heagrú chun “aitheantas” a thabhairt do na hoifigigh pleanála teanga atá ceaptha go n-uige seo sa Ghaeltacht chun feidhm a thabhairt do na pleananna teanga sna ceantair éagsúla Ghaeltachta a bhfuil pleananna á gcur i gcrích.

I láthair ag an ócáid chomh maith beidh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, Príomhfheidhmeannach agus cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn agus Pól Ó Gallchóir, agus Príomhfheidhmeannach agus cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh agus Anna Ní Ghallachair.

Faoi acht na Gaeltachta 2012 a tugadh isteach an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Faoin gcóras sin tá oifigigh pleanála teanga le ceapadh sna 26 limistéar pleanála teanga a socraíodh faoin reachtaíocht. Tá plean teanga ceadaithe i 16 limistéar pleanála teanga go dtí seo agus tús curtha le feidhmiú fhormhór na bpleananna sin. 13 oifigeach pleanála teanga atá fostaithe cheana féin agus dúirt Aire Stáit na Gaeltachta le déanaí go bhféadfadh go mbeadh 50 oifigeach pleanála teanga ann, idir oifigigh agus oifigigh chúnta, ach a mbeadh na pleananna go léir aontaithe sa Ghaeltacht agus sna háiteanna lasmuigh di atá áirithe mar bhailte seirbhíse agus mar líonraí Gaeilge.

“Faoin bpróiseas, tá an deis á tabhairt do phobal na Gaeltachta, do phobail i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge, chun a bheith rannpháirteach in ullmhú agus i bhfeidhmiú pleananna ar bhonn áitiúil le cúnamh leanúnach an Stáit. Ní hamháin go bhfuil an próiseas seo ag dul a giniúint tairbhe shuntasach don Ghaeilge sna ceantair lena mbaineann sé, ach cruthófar deiseanna breise fostaíochta sa Ghaeltacht chomh maith,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Bhain neart conspóide leis an bpróiseas pleanála teanga ó fógraíodh é.

Shiúil an freasúra go léir amach as an Dáil nuair a bhí an bille faoinar tugadh an próiseas isteach á plé toisc nár ghlac an rialtas ag an am le hoiread is ceann amháin de na céadta leasuithe a bhí molta acu ar an reachtaíocht.

Dúradh chomh maith ag an am agus ó shin gurbh amhlaidh go raibh ualach shábháil na teanga sa Ghaeltacht á chur ar an bpobal agus gurbh amhlaidh go raibh lucht an státchórais ag glanadh a lámha ar an gcúram.

Bhí conspóid leis ann nuair a tosaíodh ar bhunú an chórais cúpla bliain ó shin agus cuid de na grúpaí deonacha pleanála teanga a d’ullmhaigh na pleananna teanga míshásta faoin maoiniú a bhí á chur ar fáil lena bhfeidhmiú.

Deir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, atá freagrach as stiúradh an chórais, go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le cur i gcrích an phróisis le tamall de bhlianta anuas.

Fág freagra ar 'Oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta le bualadh leis an Taoiseach inniu'

  • Mairéad

    Abraigí leis go bhfuil na naíscoileanna Gaeltachta fágtha in áit na leathphingine agus go dteastaíonn breis fóirne agus scileanna faoi leith d’ardchaighdeán chun na páistí go bhfuil Gaeilge acu ó dhúchais a chosaint ó bhrú an Bhéarla ina dtimpeall.
    Tá naíscoileanna Bhéarla na hÉireann i dfrioblóid agus is deacair baill fóirne a choinneáil de bharr pháigh íseal agus is deacair dóibh plé le maindiríní Tüsla.
    Is deacra i bhfad cás na naíscoileanna Gaeltachta.