An Oifig um Sholáthar Rialtais ag treorú gur gá tairiscintí ar chonarthaí stáit a dhéanamh i mBéarla amháin

Tá teagmháil déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Oifig Um Sholáthar Rialtais faoi chosc a bheith ar úsáid na Gaeilge i dtairiscintí poiblí

An Oifig um Sholáthar Rialtais ag treorú gur gá tairiscintí ar chonarthaí stáit a dhéanamh i mBéarla amháin

Cuirtear in iúl do ranna stáit agus do chomhlachtaí poiblí i gcáipéisí de chuid na hOifige um Sholáthar Rialtais, atá faofa ag Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, gur gá tairiscintí ar chonarthaí stáit a dhéanamh i mBéarla amháin.

Tháinig an méid sin chun solais i ndiaidh do Tuairisc.ie scéal a fhoilsiú an tseachtain seo caite nár thug roinn Rialtais rogha ar bith do dhaoine cur isteach i nGaeilge ar thrí chonradh nua dá cuid.

Tá an Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag lorg tairiscintí do thrí chonradh seirbhísí monatóireachta meán, ar fiú €70,000 iad san iomlán, agus gan aon rogha tugtha acu do dhaoine iarratas a dhéanamh i nGaeilge.

Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi i scríbhinn ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.

Chuir Oifig an Choimisinéara Teanga an méid sin in iúl don Roinn an tseachtain seo caite.

“Is faoin saoránach atá sé an rogha teanga a dhéanamh. Tá an méid sin mínithe go soiléir don Roinn,” a dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc.ie.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie an Roinn faoin scéal, áfach, mhaígh siad arís an tseachtain seo nach raibh an reachtaíocht teanga á sárú acu.

Dúradh i ráiteas na Roinne go raibh na hiarratais ar thairiscintí acu ag cloí leis na teimpléid chaighdeánacha atá leagtha amach mar threoir dóibh ag an Oifig Um Sholáthar Rialtais agus go raibh na cáipéisí sin faofa ag Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit.

Dúradh go raibh dualgas ar an Roinn cloí le leagan amach na dteimpléad seo agus gur beag athrú is féidir leo a dhéanamh orthu.

Tá coinníoll Béarla i dteimpléid chaighdeánacha sin na Oifige Um Sholáthar Rialtais  féin, coinníoll a bheadh in aghaidh an dlí dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh teagmháil déanta acu leis an Oifig Um Sholáthar Rialtais faoi cheist an choinníll Bhéarla ar mhaithe “le haghaidh a thabhairt ar an gceist go córasach”. Táthar ag fanacht ar fhreagra ó Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit.

Mhaígh an Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí chomh maith nach dtagann ‘tairiscintí’ faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Maidir leis an maíomh sin, dúradh i ráiteas ó Oifig an Choimisinéara Teanga nach raibh aon dualgas ar an Roinn na doiciméid thairisceana féin a chur ar fáil i nGaeilge, ach nach féidir le haon chomhlacht poiblí a thagann faoin Acht “córas a bhunú a chuireann cosc ar chumarsáid i scríbhinn i dteanga oifigiúil de chuid na tíre”.

Fág freagra ar 'An Oifig um Sholáthar Rialtais ag treorú gur gá tairiscintí ar chonarthaí stáit a dhéanamh i mBéarla amháin'

  • AnRógaire

    Níl ach aon teanga oifigiúil (éigeanntach) amháin sa tír (i ndáiríre).