Oidhreacht Obama: Yes We Can? B’fhíor dó go pointe, ach aireoimid uainn a dhóchas, a dhínit agus a ionracas

‘Yes we can. Yes we did. Yes we can,’ a dúirt Barack Obama aréir agus slán á fhágáil leis an uachtaránacht aige. Aontaíonn ár gcolúnaí leis – go pointe

Oidhreacht Obama: Yes We Can? B’fhíor dó go pointe, ach aireoimid uainn a dhóchas, a dhínit agus a ionracas

Ba thráthúil gur i gcathair Chicago a d’fhág Barack Obama, an chéad uachtarán den chine gorm a toghadh ar na Stáit Aontaithe, slán leis an bpobal aréir. Ní hamháin toisc go raibh dlúthbhaint aige leis an gcathair sin ina shaol polaitiúl sular toghadh ina uachtarán den chéad uair é thiar sa bhliain 2008, ach toisc go bhfuil an chathair ghaofar sin cois locha ar cheann de na háiteanna is measa i Meiriceá ó thaobh na mórfhaidhbe sin nár éirigh le Obama í a réiteach: an deighilt idir ciníocha na tíre.

Leathbhliain ó shin, chonaic mé agus mhothaigh mé an deighilt sin mé féin nuair a chaith mé cúpla lá i gcathair Chicago, i bhfoisceacht scread asail  d’ionad comhdhála McCormick Place mar ar thug Obama a aitheasc deireanach uaidh aréir. D’fhan mé in óstán saor ar imeall Bronzeville, ceantar inar daoine gorma iad os cionn 70% den phobal agus ina bhfuil dath donn ar 20% gcéad eile. Gach maidin, ba mé an t-aon duine geal ar bhus uimhir a 29 isteach go lár na cathrach. Ar an mbus sin, agus in áiteanna eile in Chicago, agus ina dhiaidh sin in áiteanna eile sa tír (go háirithe i gcathair Washington D.C.), chonacthas dom gur leithne an deighilt idir gorm agus geal sna Stáit Aontaithe ná mar a bhí an uair dheireanach roimhe sin ar thug mé cuairt ar an tír – sa bhliain 2006, nuair a bhí George W. Bush fós i gcumhacht.

An paradacsa is mó a bhaineann le huachtaránacht Barack Obama, dar liom, ná gur i ndonas a chuaigh an teannas idir na ciníocha agus é i gcumhacht; gur ghá leithéid Black Lives Matter a bhunú agus duine gorm sa Teach Bán.

An míniú a thabharfainn féin (agus go leor tráchtairí eile) ar an bparadacsa sin ná seo: chuir sé a oiread faitís ar chuid de phobal geal Mheiriceá duine gorm a fheiceáil i gceannas orthu gur músclaíodh fuath agus faisisteachas. Toghadh Donald Trump an toradh.

‘Is féidir linn’ an mana a bhí ag Barack Obama nuair a toghadh den chéad uair é. Thiar in 2008, bhí mórchuid daoine i Meiriceá agus ar fud an domhain dóchasach go n-éireodh leis go leor a chur i gcrích. Is cinnte gur éirigh leis dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na gcearta daonna de: cuireadh deireadh leis an riail ‘Don’t ask, don’t tell’ a chuir bac ar dhaoine LGBT sna fórsaí armtha, mar shampla. Tugadh an pósadh comhghnéis isteach. Tugadh isteach freisin córas sláinte nua, nó ‘Obamacare’, a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go mbeidh fáil níos éasca ag an bpobal (agus go háirithe ag an ísealaicme) ar chúram sláinte.

Go hidirnáisiúnta, tháinig feabhas mór ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Cúba agus síníodh conradh leis an Iaráin faoi chlár núicléach na tíre sin. Maraíodh Osama Bin Laden; tarraingíodh siar trúpaí comhraic na Stát Aontaithe as an Iaráic. Ar an láimh eile, tháinig ISIS chun cinn, ghabh an Rúis cuid den Úcráin agus leanann cogadh sa tSiria ar aghaidh.

Ag breathnú ar a aitheasc deireanach aréir, ní fhéadfadh duine ach meas a bheith aige ar Barack Obama mar chainteoir. Cé nár chuir sé fiacail ann agus an staid ina bhfuil na Stáit tar éis toghadh Trump á p lé aige, ba threise an dóchas ina chuid cainte ná an chloíteacht.

‘Is minic a dtugtar dhá chéim chun tosaigh agus céim amháin siar’, a dúirt sé, ‘ach léiríonn an stair gur i bhfeabhas a théann cúrsaí sa deireadh.’

Cá bhfios nach dtabharfaidh muintir Mheiriceá céim chun tosaigh arís as seo go ceann ceithre bliana, nuair a thiocfaidh deireadh le céad thréimhse uachtaránachta Trump?

Cá bhfios nach bhfillfidh Barack Obama ar an Teach Bán sa bhliain 2020? Ní mar uachtarán, ach mar First Husband?

Cá bhfios, go deimhin?

Ach is cinnte go mothóidh an colúnaí seo uaidh go mór dóchas, dínit agus ionracas mhuintir Obama sna blianta atá romhainn.

Fág freagra ar 'Oidhreacht Obama: Yes We Can? B’fhíor dó go pointe, ach aireoimid uainn a dhóchas, a dhínit agus a ionracas'

  • MacAnRí

    Alt an deas ar fad…mar a deirtear ní chífidh muid a leithéid arís…. Is trua, ach tír anois gan dóchas mar gheall leis an amadán Trump agus a ghiolc…fuathaitheoir ban , fuathaitheoir moslamach..srl. Gan dabht, bítear go leor ag clamhsán fá dtaobh Obama go háirithe an cuir chuige ó thaobh ISIS agus an cogadh cathartha I tSiria … ach fán go bhfeicimid an phraiseach a déanfaidh Trump leis an chumacht atá ina ghreim anois !!

  • Gabriel Rosenstock

    Chuimhníos ar dhán a scríobh Pravin Nair, as Mumbai:

    Tá aisling agam . . .
    Pravin Nair

    Ba mhaith le Obama margaí na hIndia
    A oscailt ‘le fórsa’ a scréach an cheannlíne.
    ‘Le fórsa’, dhá fhocal dheasa,
    Ar nós claibín a oscailt
    Ar phróca milseán is lámha a thumadh ann.
    Ní ghéillfeadh an claibín, ná na margaí
    As a stuaim féin ar ndóigh,
    Is léir go mbeadh gá le fórsa sa dá chás sin.

    Is é an fórsa mórbhrionglóid fhliuch Mheiriceá.
    Tú féin a bhrú le fórsa ar na margaí,
    Tú féin a bhrú le fórsa ar náisiúin,
    Raghfá áit ar bith le hAerfhórsa a hAon.

    Cinnte osclófar margaí le fórsa
    Agus déanfaidh Obama briseadh tríd,
    A bhall fearga impiriúil go domhain iontu.

    Idir an dá linn
    Dúisíodh go luath
    Páistí na dílleachtlainne
    Agus iad go léir in ord is in eagar
    Chun fáilte a chur roimh Bhean an Uachtaráin.
    Páistí an Tríú Domhan
    Ag bualadh le First Lady
    An chéad domhain!

    Baineann Michelle Obama
    A cuid cuarán di
    Chun spraoi leis na páistí.

    Shyama atá seacht mbliana d’aois
    As sráidbhaile
    Óna siúlann sí na mílte go minic,
    Cosnochta, ag triall ar uisce.
    Is maith a thuig sí a luach ó aois an-óg.
    Ní uisce atáim á rá ach coisbheart cóir.
    Féachann sí go tnúthánach ar chuaráin Michelle:
    ‘A Dhia, deonaigh go ndéanfaidh sí dearmad orthu!’

    Idir an dá linn, giolla an tae
    Sa bhothán atá ar aghaidh an aerfoirt amach
    Feiceann sé loingeas an uachtaráin is ar sé:
    ‘Tá súil agam go ndéanfaidh Obama rud éigin ar fónamh’

    Aigne shaonta neamhoilte, arsa mise liom féin,
    Aigne is gá a oscailt le fórsa.

  • Pól Réamonn

    Ní raibh Obama cinntitheach go leor nuair a bhí formhór aige sa tSeanaid agus san Comhdháil ag tús a chéad téarma in oifig..

    Ní bheidh Trump chomh dóbartaíl.