Oidhreacht na dTrioblóidí – níl sé rómhall le stop a chur le drochbhille

Tá gach páirtí polaitíochta in Éirinn, thuaidh agus theas, gach grúpa íobartach agus eagraíochtaí cearta i gcian is i gcóngar dubh dóite in aghaidh an bhille Oidhreachta agus Athmhuintearais

Oidhreacht na dTrioblóidí – níl sé rómhall le stop a chur le drochbhille

Liz Truss

An cheist nach féidir a scuabadh ar shiúl. Tá feachtais ag dul i neart ó lá go lá in éadan an bhille ó rialtas Boris Johnson chun stop a chur le fiosrú nó cúiseamh i dtaca le Trioblóidí Thuaisceart Éireann. An bhfuil seans go ndéanfaidh an t-athrú ar chomhdhéanamh rialtas na dTóraithe difríocht – má mhaireann an chomh-aireacht reatha? An dteastaíonn achrann faoi riar na córa a chur as a riocht ó rialtas atá ag snámh in aghaidh easa cheana féin?

An féidir a chur ina luí ar an bPríomh-Aire Truss agus an fhoireann nua in Oifig Thuaisceart Éireann nach bhfuil sé rómhall le cúlú ón éagóir.

Tá gach páirtí polaitíochta in Éirinn, thuaidh agus theas, gach grúpa íobartach agus eagraíochtaí cearta i gcian is i gcóngar dubh dóite in aghaidh an bhille Oidhreachta agus Athmhuintearais atá le bheith ar sceideal Theach na dTiarnaí am éigin an téarma seo. Thug iarStátrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis an chluas bhodhar don bhfreasúra sin go léir agus bhí sé féin agus an Príomh-Aire Boris Johnson diongbháilte go gcuirfí bac ar fhiosrú agus cúiseamh iarshaighdiúirí. Ó bhí díolúine á bronnadh acu ar iar-fhórsaí cosanta ní raibh an dara rogha acu ach an maithiúnas ginearálta a cheadú do na paraimíleataigh freisin.

Go bunúsach, chuirfeadh an bille deireadh le fiosruithe, le cúisimh, le cásanna sibhialta agus le hionchoisní fiú amháin. Druidim dhoirse na córa in aghaidh na n-íobartach is ea é, dar leis an réalta scannán aitheanta de bhunadh Bhéal Feirste, Ciarán Hinds.

Mar chuid d’fheachtas Amnesty in éadan an phlean sheol an t-aisteoir litir oscailte chuig an bPríomh-Aire Liz Truss ag tathant uirthi an bille conspóideach a chaitheamh i dtraipisí. Nuair a sheol sé an bille sa Pharlaimint mhaígh Brandon Lewis go gcuirfeadh sé clabhsúr ar fáil do theaghlaigh agus faoiseamh. A mhalairt atá fíor, a dúirt Hinds ina litir, cheilfeadh sé gach seans ar an gceart orthu.

Ta feachtas Amnesty agus litir Chiarán Hinds ag teacht le héilimh na gluaiseachta ‘Fírinne agus an Chóir’ a eagraíonn imeachtaí in éadan an bhille go minic. Ina measc tá íobartaigh a d’fhulaing de bharr foréigean an IRA, UDA, UVF agus fórsaí stáit; ionadaithe ó theaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú, gaolta leis na mairbh i sléacht Birmingham, muintir na hÓmaí agus go leor eile díobh sin a gceilfeadh an reachtaíocht orthu an ceart atá dlite dóibh.

Díol suntais ab ea a laghad airde a thug Brandon Lewis ar dhearcadh rialtas na hÉireann maidir leis an gceist chráite seo. Cé gur dhúirt sé tráth tar éis cruinniú leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go mbeadh an dá rialtas ag dul i gcomhairle le chéile, níor éist sé. Níor chuir sé ar an eolas iad sular dréachtaíodh an bille, comhartha sóirt ar an bhfuarú sa chaidreamh Angla-Éireannach le linn a thréimhse mar Státrúnaí.

Ó tá Lewis imithe as post an Tuaiscirt agus foireann nua Chris Heaton-Harris agus Steve Baker ag iarraidh an caidreamh Angla-Éireannach a fheabhsú is cosúil gur thapaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dheis maidir leis an mbille oidhreachta agus athmhuintearais. Nuair a bhuail Coveney agus an tAire Helen McEntee le Heaton-Harris agus Baker ag an gComhdháil Idir-Rialtais i Londain. ‘Neamhbhalbh’ a bhí an teachtaireacht faoin mbille a dúradh; giorraisc seans, ach maíodh go raibh an plé dearfach, tairbheach.

D’aontaigh an dá rialtas go ndéanfadh grúpa d’fheidhmeannaigh ón dá thaobh mionscrúdú ar an mbille féachaint cé na leasuithe is féidir a dhéanamh. I bhfírinne, tá bunphrionsabail an bhille chomh lochtach sin gur deacair a shamhlú conas a cheartódh leasú ar bith é.

An lá céanna a dtáinig na hairí le chéile i Londain rialaigh breitheamh san Ardchúirt i mBéal Feirste gur sháraigh na póilíní a ndualgais faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an duine nuair a theip orthu fiosrú éifeachtach a dhéanamh ar ionsaí lámhaigh i dteach tábhairne i ndeisceart an Dúin 30 bliain ó shin. An UVF a bhí freagrach. Maraíodh fear agus gortaíodh triúr eile. Fuair cuid de na gearánaithe bás sular eisíodh an breithiúnas, cor a ghéaraigh pian na marthanóirí agus a ndiongbháilteacht go bhfuil fiosrú riachtanach. Ní hiontas go ndéanann faillí mar sin creimeadh ar mhuinín an phobail i riar na córa. Is measa go mór an dochar a dhéanfadh sé áfach go mbeadh bac oifigiúil ag an stát ar gach bealach chun cúirte mar atá leagtha amach sa bhille oidhreachta.

Fág freagra ar 'Oidhreacht na dTrioblóidí – níl sé rómhall le stop a chur le drochbhille'