Oidhreacht na dTrioblóidí faoi chaibidil sa chúirt ach curtha ar an méar fhada i Stormont

Tá 56 cás conspóideach a bhaineann le bás 95 duine á scrúdú féachaint conas agus cathain is féidir fiosruithe cróinéara a dhéanamh orthu

_64163631_64160990
John Leckey, b’fhada é ag tabhairt foláirimh faoi easnamh foirne agus acmhainní agus, thar aon ní eile, faoin mhoill ar fhianaise

Sa chéad seisiún Tionóil aici ag freagairt ceisteanna mar Chéad Aire, dúirt Arlene Foster nach raibh seans ar bith go ndéanfaí socrú chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí roimh thoghchán na Bealtaine. Thairis sin, dúirt sí go raibh sé in am éirí as aislingí faoi mhaoiniú do sheanchásanna. Níor mhór do Rialtas na Breataine buiséad leithleach le haghaidh cásanna stairiúla a sholáthar don PSNI más ar na póilíní a bheidh an cúram fiosraithe, a dúirt sí.

Fad is a bhí sí ag caint, bhí athbhreithniú cúirte neamhghnách ar chásanna stairiúla oscailte sa chathair. Léiriú follasach é ar an bhfaillí sna híobartaigh le fada an lá.

Tá 56 cás conspóideach a bhaineann le bás 95 duine á scrúdú féachaint conas agus cathain is féidir fiosruithe cróinéara a dhéanamh orthu. Táthar ag fanacht le breis is dhá scór bliain ar ionchoisní i leath na gcásanna, sléacht Bhaile Uí Mhurchú agus eachtra eile in aice láimhe, i gCnoc an Tobair, an bhliain dár gcionn, 1972, nuair a mharaigh saighdiúirí cúigear.

Tá naoi gcás i dtaca leis na heachtraí ‘shoot to kill’ sna hochtóidí san áireamh freisin. Chomh maith leis na fórsaí slándála, bhí paraimíleataigh freagrach as roinnt de na dúnmharuithe agus líomhnaítear go raibh claonpháirtíocht ar bun idir fórsaí stáit agus paraimíleataigh i gcuid de na cásanna. Maítear go raibh baint ag rannpháirtíocht na bhfórsaí slándála leis an moill ar ionchoisní.

Dé Luain, ar threoir an Ard-Bhreithimh, cuireadh ceann le héisteachtaí chun na cásanna a scrúdú. Nuair a d’éirigh an cróinéara John Lecky as obair i mí na Samhna gan aon chomharba a bheith ceaptha, ghlac an tArd-Bhreitheamh, Sir Declan Morgan, ceannas ar an tseirbhís. B’fhada John Lecky ag tabhairt foláirimh faoi easnamh foirne agus acmhainní agus, thar aon ní, faoin moill ar fhianaise.

Chinn an Breitheamh Morgan nach raibh an tseirbhís oiriúnach don fheidhm. Ó tharla nach bhfuil ach 13 de na cásanna stairiúla curtha faoi bhráid coiste cróinéara le deich mbliana, d’ordaigh sé athbhreithniú faoi cheannas an Bhreithimh, Reginald Weir. Is é gnó an Bhreithimh Weir tuairisc a sholáthar don Ard-Bhreitheamh, a chaithfidh cinneadh a dhéanamh faoi conas ba cheart an obair a láimhseáil. Gheall sé go n-éistfear gach cás is féidir gan mhoill i ndiaidh an athbhreithnithe agus go ndéanfar socruithe faoi chlár ama don chuid eile.

Sular cuireadh tús leis na héisteachtaí, dúirt ionadaí ón PSNI go raibh ualach ollmhór oibre i gceist sna 56 cás, na milliúin cáipéis agus go mb’fhéidir go dtógfadh sé deich mbliana chun déileáil leo go léir. Go bunúsach, maíonn na póilíní gur aonad an-bheag atá ag plé leis an saothar agus – mar a dúirt an Chéad Aire Arlene Foster – gan buiséad speisialta, nach bhfuil sé d’acmhainn ag an PSNI an obair a dhéanamh níos tapúla.

Is ar an PSNI a chuir íobartaigh a chuaigh chun na cúirte an locht. Dúirt abhcóide thar ceann grúpa acu go raibh an PSNI ag tarraingt na gcos ar mhaithe lena réamhtheachtaithe san RUC a chosaint. Tugadh fianaise faoi ionchoisne a d’athbhunaigh John Lecky i 2007 ach nach raibh na comhaid curtha ar fáil dó ag an PSNI go fóill. Bhain an cás sin leis na heachtraí conspóideacha ‘shoot to kill’ in Ard Mhacha os cionn tríocha bliain ó shin agus tugadh le fios nach mbeadh na comhaid faoi réir do chúirt an chróinéara go dtí 2017.

Cásanna a bhain leis na fórsaí slándála amháin a cíoradh an chéad lá agus luigh sé le réasún gurb iad na póilíní agus an tArm an ceap milleáin. Bheadh deis níos deireanaí an locht a chur ar pharaimíleataigh, ach bhí sé soiléir go raibh ceisteanna le freagairt ag údaráis mhíleata agus póilíní. D’inis gaolta an deichniúir ar mharaigh paratrúpaigh ó Arm na Breataine iad i mBaile Uí Mhurchú go ndúirt an Roinn Cosanta nach raibh a fhios acu cérbh iad na saighdiúirí a bhí ar dualgas sa cheantar na laethanta sin. Anuas air sin, níl eolas ar bith curtha ar fáil ag na húdaráis mhíleata do mhuintir an chúigir a maraíodh i gCnoc an Tobair.

Beidh le feiceáil cé chomh maith agus a éireoidh leis an bPríomh-Bhreitheamh. Ar a laghad, is iarracht ionraic é chun fóint d’íobartaigh, nuair nach bhfuil súil lena leithéid de bheart ó na paraimíleataigh – an tIRA Sealadach, an INLA, an UDA/UFF, an UVF agus Red Hand Commando – ná ó na húdaráis atá freagrach as seirbhísí faisnéise na bpóilíní agus na saighdiúirí ach an oiread.

Fág freagra ar 'Oidhreacht na dTrioblóidí faoi chaibidil sa chúirt ach curtha ar an méar fhada i Stormont'