Oideachas lán-Ghaeilge a fuair mé ó mo chéad lá ar scoil agus nach mise atá buíoch

Agus í ag súil le bheith ina hiriseoir amach anseo, deir duine de dhaltaí na hArdteiste 2020 gur buntáiste mór di gur trí Ghaeilge a fuair sí a hoideachas go léir go dtí seo

Oideachas lán-Ghaeilge a fuair mé ó mo chéad lá ar scoil agus nach mise atá buíoch

Is duine de lucht Ardteiste 2020 mé agus i ndiaidh rí rá agus ruaille buaille na bliana ceapaim go bhfuil sé feiliúnach agus tráthúil dom labhairt faoi mo thaithí oideachais féin.

Cúpla seachtain ó shin fuair 60,000 mac léinn againn ár gcuid grád measta. Bhí mothúcháin éagsúla i measc na ndaltaí ach ar a laghad bhí lá na cinniúna sroichte againn. Mothaím féin beagáinín maoithneach ó shin. Ritheann sé liom, agus mé ag caitheamh súil siar ar mo shaol scoile, go raibh an t-ádh dearg liom deis a fháil mo chuid scolaíochta i gCeatharlach a dhéanamh trí Ghaeilge.

Táim fíorbhuíoch go raibh an deis agam freastal ar bhunscoil agus ar mheánscoil, scoileanna inar tugadh gach tacaíocht dom, ina raibh daoine cineálta liom, inar spreagadh agus a gríosaíodh mé í gcónaí.

Bhláthaigh mé faoi chúram na múinteoirí sa dá scoil agus chomh maith leis sin bhí an deis agam eolas níos fearr a chur ar an nGaeilge mar theanga labhartha. I mo bharúil féin, tá sé ríthábhachtach suim an aosa óig a spreagadh ina dteanga náisiúnta chomh luath ina saol agus is féidir, agus é sin a dhéanamh ar bhealach spraíúil taitneamhach. Cuireann sé seo le féiniúlacht an dalta agus tugann sé léirthuiscint níos doimhne dúinn ar ár gcultúr féin. Agus tá fianaise ann chomh maith a chruthaíonn go gcabhraíonn an tumoideachas trí Ghaeilge le foghlaim teangacha eile.

Ina theannta sin, bíonn marcanna bónais ar fáil do dhaltaí a dhéanann scrúdú na hArdteistiméireachta trí Ghaeilge, rud atá tuillte go maith acu dar liom.

Is éacht nach beag é staidéar a dhéanamh trí Ghaeilge ar ábhair ar nós na heolaíochta agus na staire. Tá daoine ann a bhíonn idir dhá chomhairle faoin tumoideachas ach seans gur dream iad nach dtuigeann an tábhacht a bhaineann leis an teanga. Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais, ‘Tír gan teanga, tír gan anam’. Is fíor i gcónaí é.

Ceapaim gur chóir níos mó airgid a infheistiú sa ghaeloideachas ar mhaithe le teanga agus cultúr na tíre seo a chur chun cinn. Tá sárobair á déanamh ag na múinteoirí díograiseacha ach caithfear a chinntiú go mbeidh go leor múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu ar fáil. Tá ganntanas díobh ann faoi láthair agus an teanga a bheidh thíos leis. Maidir le cúrsaí fostaíochta, tá deiseanna iontacha sna meáin Ghaeilge faoi láthair a bhuí le léithéidí RTÉ, TG4, Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta agus Tuairisc.ie. Tá súil agam féin staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht sa choláiste agus táim cinnte go mbeidh mo chuid Gaeilge ina buntáiste agus mé ag lorg post sna meáin Ghaeilge amach anseo.

Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt d’fhoireann Ghaelscoil Eoghain Uí Thuarisc agus Ghaelcholáiste Cheatharlach. Déanann siad gach iarracht an Ghaeilge a spreagadh i measc na ndaltaí agus beidh mé féin i gcónaí fíorbhuíoch díobh. Tá cuimhní áille agam ar mo laethanta scoile agus tá mo theanga dhúchais ar mo thoil agam, a bhuí leis an tumoideachas i nGaeilge. Ar aghaidh liom anois chuig an chéad chéim eile – aghaidh á tabhairt agam ar choláiste tríú leibhéal agus ar shaol na hiriseoireachta.

Tá sceitimíní orm cheana féin!

Fág freagra ar 'Oideachas lán-Ghaeilge a fuair mé ó mo chéad lá ar scoil agus nach mise atá buíoch'

  • Séamas Mac Coitir

    A chara.

    Cuireann an t-alt thuas le Róisín, áthas agus gliondar ar mo chroí. Tá sé scríofa i ndiaidh a cheile go paiteanta, agus tá súil agam go n-éireoidh léi go maith sa saol atá roimpi amach – a chonách sin uirthi!

    Is eiseamláir í d’óige na tíre, agus guím gach rath, séan agus rathúnas uirthi!