Oideachas imeasctha, móramh ina fhabhar ach ní hionann an sainmhíniú ag gach dream

Cé go gcreideann 79% den phobal gur cheart go mbeadh gach scoil imeasctha níl an múnla sin i gceist ach i 7.5% de scoileanna Thuaisceart Éireann 

Oideachas imeasctha, móramh ina fhabhar ach ní hionann an sainmhíniú ag gach dream

Tá an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina fhabhar. Tá réaltaí ar nós Liam Neeson agus Adrian Dunbar ar a shon. Níos tábhachtaí fós tá gnáthdhaoine á iarraidh. Tá seachtar as gach deichniúr i measc an phobail ina fhabhar, dar le pobalbhreith a rinne Lucid Talk le gairid.

Ach an í an fhís chéanna atá ag gach duine don oideachas imeasctha?

Trí bliana fichead ó shin tugadh tiomantas i gComhaontú Aoine an Chéasta do chur chun cinn an oideachais imeasctha ach, fós féin, tá an soláthar teoranta do 7.5% de scoileanna Thuaisceart Éireann. 

Mheas 64% de na daoine a ghlac páirt san suirbhé seo gurb iad na páirtithe polaitiúla faoi ndear an mhoill ar fhorbairt an chórais. Dúirt an líon céanna go raibh baint mhór ag na heaglaisí leis an easpa foráis.

Ba í eagraíocht an oideachais imeasctha, Ciste an Oideachais Imeasctha (IEF), a choimisiúnaigh suirbhé Lucid Talk agus is léir gur údar misnigh dóibh na torthaí tráth a bhfuil an Feidhmeannas in Stormont ag fáil faoi réir chun athbhreithniú neamhspleách ar an gcóras oideachais a sheoladh. Ba stuama an mhaise é do na polaiteoirí aird a thabhairt ar thuairimí an phobail, a dúirt an Bhanbharún May Blood, an gníomhaí pobail iomráiteach as ceantar na Seanchille i mBéal Feirste a bhfuil blianta caite aici mar chrann taca ag an oideachas imeasctha.

Gealladh athscrúdú ar sholáthar oideachais i réiteach athbhunaithe Stormont bliain go leith ó shin ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’. Maíodh sa cháipéis sin nach raibh an múnla traidisiúnta, an t-oideachas leithscartha ar bhonn creidimh, inmharthana; beartaíodh go scrúdófaí bunú aon chóras aontaithe amháin.

Díol suntais é go raibh 59% de lucht tacaíochta an DUP agus 72% de lucht leanta Shinn Féin den bharúil gur cheart go bhfaigheadh páistí ó na traidisiúin éagsúla scolaíocht le chéile. Níorbh é sin go beacht an cur chuige a d’aontaigh an DUP agus Sinn Féin tamall de bhlianta ó shin, áfach.

In ionad an mhúnla ar a bhfuil Coláiste an Lagáin, Hazelwood, agus 66 scoil nó coláiste eile bunaithe agus 25,000 dalta ag freastal orthu, chinn an DUP agus Sinn Féin gurbh fhearr leo comhchampais a bhunú. Is éard a bhí i gceist acu leis sin go mbeadh scoil Chaitliceach agus scoil stáit – scoil Phrotastúnach go bunúsach – ar aon láthair agus go bhfaigheadh daltaí ó cheann amháin teagasc sa gceann eile i roinnt teoranta d’ábhair ar leith. Ní hionann sin agus an t-oideachas imeasctha a mbíonn daltaí ó thraidisiúin dhifriúla ag freastal ar ranganna le chéile. 

Tá buntáistí suntasacha le baint as páistí i sochaí dheighilte a bheith ag meascadh le chéile, ag foghlaim faoin taobh eile. Fós féin, ní haon iontas é casadh le daoine óga, Caitlicigh nó Protastúnaigh, nár bhuail le duine ón gcúlra eile go dtí go raibh siad sna déaga. I gcomhluadar ina bhfuil gá le caoinfhulaingt agus athmhuintearas a chothú luíonn sé le réasún gur cheart teagmháil agus aithne a chothú i measc na n-óg. Sí an cheist conas é a dhéanamh.  

 Ní theastaíonn ó phoblachtánaithe nó náisiúnaithe áirithe a bheith taobh le córas stáit amháin toisc gur deineadh neamart ar chultúr agus stair na hÉireann sna scoileanna stáit ar feadh na mblianta tar éis na críochdheighilte. Ní mian le roinnt aontachtaithe agus Protastúnaigh a bheith ag brath ar chóras singil nach mbeadh éiteas láidir creidimh ann.

Beidh cur chuige na bpáirtithe suimiúil. Seans maith gur meascán a roghnófar. De réir na pobalbhreithe tá 79% den phobal den bharúil gur cheart go mbeadh gach scoil imeasctha, beag beann ar an gcóras bainistíochta. Sé a rogha go mbeadh idir pháistí, mhúinteoirí agus ghobharnóirí imeasctha ó thaobh cultúir agus creidimh.

Coinneofar súil ghéar ar na polaiteoirí féachaint an bhfuil siad in ann a bheith cruthaitheach agus dearfach. 

Ní maise orthu an phraiseach atá déanta acu den chóras aistrithe ón bhunscolaíocht chuig an dara leibhéal – ní mór dóibh cruthú níos fearr ar an gceist íogair seo. 

Fág freagra ar 'Oideachas imeasctha, móramh ina fhabhar ach ní hionann an sainmhíniú ag gach dream'