Oíche oidhreachta i Ráth Chairn, Sean-nós na Fearsaide i mBéal Feirste, Fiach Focal ag Féile Rua agus Gradam Raidió Fáilte i mBéal Feirste

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Oíche oidhreachta i Ráth Chairn, Sean-nós na Fearsaide i mBéal Feirste, Fiach Focal ag Féile Rua agus Gradam Raidió Fáilte i mBéal Feirste

CEOL

Pic: Seán Ó Mainnín

Oíche oidhreachta i Ráth Chairn

Cuirfear tráthnóna ceoil agus amhránaíochta ar an sean-nós ar bun in Ionad Oidhreachta Ráth Chairn tráthnóna Dé Sathairn an 22 Feabhra ag 8pm. Beidh buíon aíonna speisialta i láthair chomh maith le ceoltóirí áitiúla le ceol agus amhránaíocht a chur i láthair.

Is iad na hamhránaithe ar an sean-nós a bheidh ag gabháil fhoinn an oíche sin ná Bríd Ní Mhaolchiaráin, Colm Jimmy Ó Curraoin agus Caitríona Ní Ceannabháin. Beidh ceoltóirí na háite Éamonn Mac Donnchadha, Nollaig Ní Laoire agus tuilleadh nach iad, ag casadh ansin freisin. Caint, ceol agus cupán tae le fáil ag an ócáid seo atá á reáchtáil ag Comhaltas Ceoltóirí Thlachta i gcomhar le Coiste Oidhreachta Ráth Chairn.

 

Ceolchoirm ‘Immram’ Nuala Ní Dhomhnaill in Ollscoil Luimnigh

Beidh an cóiriú ceoil ‘Immram’ le Neil Ó Lochlainn á chur i láthair ag ceolchoirm san Irish World Academy in Ollscoil Luimnigh ar an Mháirt, an 4 Márta. Cóiriú ceoil aireagail é ‘Immram’ atá scríofa do ghrúpa beag ceoltóirí, aithriseoir agus amhránaí agus é bunaithe ar an tsraith dánta ‘Immram’ le Nuala Ní Dhomhnaill, a foilsíodh ina cnuasach filíochta Feis (1991). Rinne Paddy Bushe agus an Amergin Solstice Poetry Gathering coimisiúnú ar an gceol sa mbliain 2019.

Ceanglaíonn an cóiriú ceoil atá déanta ag Ó Lochlainn traidisiún an tsean-nóis leis an snagcheol agus le ceol aireagail comhaimseartha chun stíl nuálach ceoil a chumadh atá bunaithe ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Beidh Eithne Ní Chatháin ag canadh, Lucia Mac Partlin ar an bhfidil, Eilís Lavelle ar an gcláirseach agus Neil Ó Lochlainn ar an olldord agus an fheadóg mhór.

Tuilleadh eolais anseo.

BÉALOIDEAS

Ag cuimhneamh ar Amhrán Shéamuis Uí Chonchubhair

Tabharfaidh an Dr Deirdre Ní Chonghaile léacht dhátheangach i Músaem Litríochta Éireann (MoLI) ar an Luan an 17 Feabhra, i gcomhar leis an gCumann le Béaloideas Éireann, agus í ag caint faoin amhrán cáiliúil ó aimsir an drochshaoil, Amhrán Shéamuis Uí ChonchubhairSeanmóir Uí Chonchubhair, mar a thugtar air freisin.

Tabharfar léargas ar an saol in Árainn agus i gConamara i lár an naoú céad déag agus beidh Ní Chonghaile ag tógáil ar shaothar scoláirí éagsúla agus í ag díriú go háirithe ar chomhthéacs an amhráin.

Is scríbhneoir, ceoltóir, craoltóir, agus coimeádaí as Oileáin Árann í Dr Deirdre Ní Chonghaile. Ghnóthaigh a leabhar Collecting Music in the Aran Islands: A Century of History and Practice (Preas Ollscoile Wisconsin, 2021) ardmholadh ó léirmheastóirí agus duais Mhichíl Uí Dhurcáin do Leabhair ar Theanga agus ar Chultúr 2021 ó Chomhdháil Mheiriceá don Léann Éireannach.

Tá tuilleadh eolais anseo.

FÉILTE

Sean-nós na Fearsaide in Áras Mhic Reachtain

Beidh an fhéile ‘Sean-nós na Fearsaide’ ar bun in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste ón Déardaoin an 27 Feabhra go dtí an Satharn an 1 Márta agus iad ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód. Déantar traidisiún amhránaíochta an tsean-nóis a cheiliúradh agus a chur chun cinn ag an bhféile trí chomórtais amhránaíochta, ceol, ceardlanna agus imeachtaí sóisialta.

Tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ag obair i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge i mbliana arís agus mar chuid den chomhoibriú sin beidh cuid de bhuaiteoirí Oireachtas na Samhna 2024 i láthair don deireadh seachtaine. Ina measc beidh buaiteoir Chorn Uí Riada, Gearóidín Breathnach, buaiteoir Shean-nós na mBan, Orla Ní Fhinneadha, Buaiteoir Shean-Nós na bhFear, Domhnaill Ó Braonáin, agus go leor eile.

Tá tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil anseo.

 

Féile Rua ar an gCeathrú Rua

Cuireadh tús tráthnóna inné, Déardaoin, le Féile Rua i gceantar na Ceathrún Rua i gConamara agus leanfaidh an fhéile ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, an 16 Eanáir. Beidh dalladh imeachtaí ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine, ina measc ócáid Fiach Focal atá á heagrú ag Coiste Cultúir agus Oidhreachta na Ceathrún Rua i gcomhar le Pobal Rua. ‘Saortha báid na Ceathrún Rua: Cúrsaí bádóireachta agus farraige’ ábhar na cainte a bheidh á tabhairt ag na fir farraige Pat Mhichael Ó Cualáin agus Michael Staff Mac Donnacha. Faoi stiúir Mháire Feiritéar a bheidh an ócáid. Beidh an comhrá spéisiúil sin ar siúl i Halla Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge maidin Dé Sathairn an 15 Feabhra ag 11am.

Cuirfear craobhchomórtas amhránaíochta na féile, Stéibh 25, ar bun ag ceolchoirm na féile tráthnóna Dé Sathairn in An Crompán. Beidh beár ann an oíche sin agus beidh Fóidín Meara ag ceol i ndiaidh an chomórtais. Tá ticéid ar fáil ar Eventbrite agus i siopa Eurospar ar an gCeathrú Rua.

Beidh Ceiliúradh na nÓg ar bun sa gCrompán ar an Domhnach ag tosú ag meán lae, áit a mbeidh comórtais amhránaíochta, damhsa, scéalaíochta agus aithriseoireachta ar siúl do dhaoine óga.

Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.

Rang fhidil, Scoil Cheoil an Earraigh.
Pictiúr: Manuela Dei Grandi

Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne

Beidh Scoil Cheoil an Earraigh ar bun i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne ó Dé Máirt an 19 Feabhra go dtí an Domhnach an 23 Feabhra. Scoil cheoil thraidisiúnta í seo ina mbeidh ceardlanna ceoil, damhsa agus amhránaíochta chomh maith le ceolchoirmeacha agus seisiúin.

Tá tuilleadh eolais agus clár na scoile le fáil anseo.

 

Gradam Raidió Fáilte á bhronnadh ar Mháirín Hurndall

Beidh Gradam Raidió Fáilte 2025 á bhronnadh ar an gcraoltóir Máirín Hurndall in aitheantas ar a cuid oibre agus a díograis ar son phobal na Gaeilge. Tá aithne mhaith ar Mháirín as an obair a dhéanann sí mar thráchtaire agus mar chraoltóir le Raidió Fáilte, áit a bhfuil go leor cláracha éagsúla curtha i láthair aici i gcaitheamh na mblianta. Is ó chúlra Protastúnach agus Aontachtach í Hurndall agus déanann sí tráchtaireacht ar chúrsaí reatha, cultúir agus ealaíne ina ról mar chraoltóir. Is gníomhaí pobail í freisin a bhfuil baint aici le forbairt pobail agus le pobal na Gaeilge i mBéal Feirste.

Is í Máirín Ní Ghadhra, iriseoir agus craoltóir, a dhéanfaidh an bronnadh oifigiúil agus a labhróidh ag an ócáid. Seo í an dara bliain den ghradam seo ag Raidió Fáilte a bunaíodh anuraidh chun aitheantas a thabhairt do mhná atá ag obair go díograiseach ar son phobal na Gaeilge.

Bronnfar an gradam ag ócáid speisialta in Áras Raidió Fáilte i mBéal Feirste ar an Satharn, 15 Feabhra, idir 4:00 agus 6:00pm. Is í Caoimhe Ní Chathail a chuirfidh an ócáid i láthair, agus cuirfear fáilte roimh bhuaiteoir an ghradaim anuraidh, Máire Nic Fhionnachtaigh. Beidh ceol, bia agus sólaistí ar fáil ag an ócáid cheiliúrtha.

Ba í Máire Nic Fhionnachtaigh an chéad bhuaiteoir dar an ngradam seo agus bronnadh uirthi é Lá Fhéile Bríde 2024 as ucht na mblianta a chaith sí ag obair le Raidió Fáilte agus ar son phobal na Gaeilge i mBéal Feirste. D’éirigh sí as a post le déanaí tar éis breis agus fiche bliain ina bainisteoir airgeadais na heagraíochta.

Fág freagra ar 'Oíche oidhreachta i Ráth Chairn, Sean-nós na Fearsaide i mBéal Feirste, Fiach Focal ag Féile Rua agus Gradam Raidió Fáilte i mBéal Feirste'