Oíche mhór anocht ag peileadóirí Laochra Loch Lao agus iad ag imirt a gcéad chluiche sraithe riamh

Agus foireann na mban ar bharr an tábla i Roinn 3, rachaidh fir an chumainn lán-Ghaeilge i mBéal Feirste chun páirce i Sraith Aontroma den chéad uair riamh anocht

Oíche mhór anocht ag peileadóirí Laochra Loch Lao agus iad ag imirt a gcéad chluiche sraithe riamh

Foireann Laochra Loch Lao. Pictiúr: LaochraLochLao/Twitter.com

Is beag duine a chuirfeadh mórán spéise i gcluiche lár na seachtaine i Roinn 3 na sraithe peile in Aontroim, ach oíche mhór a bheidh inti do chumann Laochra Loch Lao anocht agus foireann peile na bhfear ag imirt a gcéad chluiche oifigiúil i gcomórtais an chontae.

Is ag 7.15i.n. a thabharfaidh na Laochra aghaidh ar Naomh Maolmhaodhóg ar pháirc Choláiste Feirste.

Cé go bhfuil an cumann lán-Ghaeilge ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta ó 2006, imreoidh siad cluiche sa tsraith peile ina gcontae féin den chéad uair anocht tar éis dóibh an cumann a bhunú go hoifigiúil.

Agus é ag labhairt le Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana, dúirt Seán Ó hEacháin, imreoir agus ball de choiste Laochra Loch Lao, go raibh obair ar siúl le cúpla bliain anuas chun cumann buan a bhunú ach gur ag deireadh mhí Eanáir a fuair siad cead ó bhord CLG Aontroma páirt a ghlacadh i gcomórtais sraithe agus chraoibhe an chontae.

“Bhí cúpla cruinniú poiblí againn nuair a labhair muid leis na Gaeil a bhí anseo i mBéal Feirste, le daoine a bhí ag plé le Cumann Lúthchleas Gael, agus le daoine nach raibh aon bhaint acu le CLG ach a raibh suim acu ann. Is próiseas é seo atá ar bun le bliain nó dhó agus le cúpla mí anuas tá rudaí ag bláthú,” a mhínigh Ó hEacháin ag an am.

Idir fhoireann na bhfear agus fhoireann na mban, tá suas le ceithre scór imreoir ag traenáil leis an gcumann cheana féin agus tá siad tosaithe ag traenáil imreoirí faoi aois chomh maith.

“Cé go bhfuil neart oibre ann ag iarraidh rudaí a eagrú, ó thaobh na himeartha de, tá an chuma ar an scéal go bhfuil muid láidir,” a dúirt Ó hEacháin.

Tá ag éirí go hiontach le mná an chumainn sa tsraith go dtí seo. Tá Laochra Loch Lao ar bharr an tábla i Roinn 3 faoi láthair tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Chollainn agus ar Naomh Pádraig le cúpla seachtain anuas.

Fágann sin nach bhfuil cluiche sraithe caillte riamh ag an gcumann agus brú anois ar fhoireann na bhfear cur le gaiscí na mban.

Beidh deis ag na mná an tríú cluiche as a chéile a bhuachan an deireadh seachtaine seo nuair a chasfaidh siad ar Chumann Phádraig Sáirséil Dé Domhnaigh.                                        

Fág freagra ar 'Oíche mhór anocht ag peileadóirí Laochra Loch Lao agus iad ag imirt a gcéad chluiche sraithe riamh'