Oíche i gcuimhne ar Joe Steve Ó Neachtain le reáchtáil ar líne 

Tabharfaidh muintir, cairde agus comhghleacaithe Joe Steve léargas anocht ar an lorg a d’fhág sé ar litríocht na Gaeilge agus ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta

Oíche i gcuimhne ar Joe Steve Ó Neachtain le reáchtáil ar líne 

Reáchtálfar oíche ómóis anocht i gcuimhne ar Joe Steve Ó Neachtain, an scríbhneoir agus an t-aisteoir aitheanta a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh.

Tá an ócáid, a reáchtálfar ar líne, eagraithe ag An tOireachtas i gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

Tabharfaidh muintir, cairde agus comhghleacaithe Joe Steve léargas ar an lorg a d’fhág sé ar litríocht na Gaeilge agus ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tabharfaidh Uachtarán an Oireachtais, an tOllamh Gearóid Denvir óráid in ómós do Joe Steve agus labhróidh an t-aisteoir Josie Chóilí Óg Ó Cualáin ar an aithne a bhí aige féin air.

Beidh lúibíní, agallamh beirte, dánta agus amhrán ó gharchlann Joe Steve le cloisteáil agus cloisfear freisin mír as an ngearrscéal Aonaráin atá taifeadta ag a mhac, Páid Ó Neachtain. Bhuaigh Aonaráin le Joe Steve comórtas na ngearrscéalta ag an Oireachtas in 2019, an duais dheireanach a bhuaigh sé ag an Oireachtas, 50 bliain ó bhuaigh sé a chéad cheann i 1969.

Craolfar anocht míreanna ó Aisteoirí an Spidéil, ón dráma raidió Baile an Droichid agus caithfear siúl siar ar na blianta a chaith Joe Steve i Ros na Rún.

Beidh an clár le feiceáil ar Facebook an Oireachtais agus ar shuíomh gréasáin an Oireachtais ag 8.00 p.m.

Bhí Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge le hócáid in ómós do Joe Steve, a bhásaigh mí Eanáir 2020, a chur ar bun anuraidh ach cuireadh ar ceal í de bharr na paindéime.

Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal do Joe Steve. D’fhág sé lorg buan ar shaol na Gaeltachta agus ar litríocht na Gaeilge mar cheannródaí i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus mar scríbhneoir ildánach. 

Fág freagra ar 'Oíche i gcuimhne ar Joe Steve Ó Neachtain le reáchtáil ar líne '