Oíche ghealaí fhiaphoc an bhéaloidis agus na turrainge anaifiolachtaí

Tháinig críoch tobann le saoire aon oíche ar gcolúnaí agus a cairde

Oíche ghealaí fhiaphoc an bhéaloidis agus na turrainge anaifiolachtaí

Sheas muid, an triúr againn, ag céimeanna an óstáin is muid ag fanacht ar shíob ón bhFear Faire Oíche. Chonaic mé  Audi ag teacht aníos an bóithrín agus siúl faoi.

Bhí muid ar shaoire oíche amháin in óstán, mise agus mo bheirt chairde. Ní raibh uainn ach dinnéar agus cúpla deoch agus gan aon pháistí a bheith in éineacht linn. D’airigh mé aisteach agus mídhílis.

Tharraing an carr isteach os comhair an óstáin agus gach aon scréach ag na rothaí. D’éirigh sé amach as an gcarr agus d’oscail na doirse le flosc.

‘Léim isteach!’ a dúirt sé.

Chuala mé rac-cheol na n-ochtóidí ag teacht go tréan as córas steirió an chairr.

More than a feeling (more than a feeling). When I hear that song they used to play (more than feeling). And I begin dreaming (more than a feeling)…

‘Féadfaidh tusa suí chun tosaigh,’ a dúirt mo chairde liom agus iad ag deifriú i dtreo an tsuíocháin chúil.

‘Togha,’ a dúirt mé, agus shuigh mé isteach sa gcarr agus thosaigh ag déanamh staidéir ar an raidió chun go gcasfainn síos an ceol sula dtiocfadh sé ar ais chun muid a thabhairt chomh fada leis an tseirbhís dochtúra oíche.

Shuigh sé isteach sa gcarr arís. ‘Breathnaigh ar an ngealach sin,’ a dúirt sé is a chloigeann á shíneadh chun tosaigh aige chun breathnú suas ar an ngealach trí fhuinneog tosaigh an chairr.

Shín mé amach mo chloigeann is bhreathnaigh suas, le teann béasa, is dóigh. Chonaic mé an ghealach lán agus í ag lonrú i ndúghorm na spéire

‘Ok, seo linn!’ a d’fhógair sé agus caitheadh siar ar dhroim an tsuíocháin arís mé ag luas an chairr ag tarraingt amach. ‘Meas tú an seafóid a bhí orm suí isteach sa gcarr seo ar chor ar bith?’ a dúirt liom féin.

Ach ní raibh an dara rogha agam, dáiríre.

Bhí frithghníomhú ailléirgeach ag teacht ar mo chara agus bhí faitíos orainn go dtiocfadh turraing anaifiolachtach uirthi.

Ar dtús, thug sí faoi deara léasanna beaga dearga ar a rosta. “An bhfuil tú cinnte dearfa nach iad na míoltóga is cúis leo?’ a d’fhiafraigh mé di agus dóchas i mo ghlór. Bhí cúinne deas faighte againn sa bpub áitiúil is bhí siad tagtha ‘anuas as na cnoic’ chun amhrán agus ceol a chasadh.

‘Tá mé cinnte,’ a dúirt sí agus tharraing suas a muinchille agus chonaic mé brat léasanna ar a craiceann ag imeacht suas chomh fada lena guaillí agus iad ag déanamh ar a muineál.

‘Ó!’ a dúirt mé. ‘Seans gur fearr dúinn dul chuig an dochtúir.’

Go gairid ina dhiaidh sin agus muid ag imeacht agus siúl fúinn ar na bóithre dorcha cúnga, thosaigh mé ag cuimhneamh go mb’fhéidir gurbh í an turraing anaifiolachtach an fhadhb ba lú a bhí againn.

‘Is dócha go bhfuil tú ag ceapadh go bhfuil mé  beagáinín craiceáilte ag tiomáint,’ a dúirt an Fear Faire Oíche, ‘ach ná bíodh aon fhaitíos ort, tá cleachtadh maith agam ar na bóithre seo.’

Bhreathnaigh mé amach an fhuinneog is chonaic fiaphoc ar a shodar trasna an mhóinéir, loinnir an airgid ar a dhroim faoi sholas bán na gealaí. Bhí sé cosúil le hainmhí sí ón mbéaloideas. Rinne mé iontas ar chomhartha maith nó droch-chomhartha a bhí ann.

Fág freagra ar 'Oíche ghealaí fhiaphoc an bhéaloidis agus na turrainge anaifiolachtaí'