Beidh imeachtaí Gaeilge á reáchtáil sna ceantair Ghaeltachta, sna cathracha agus in áiteanna ar fud na tíre amárach don Oíche Chultúir.
Breis agus 120 imeacht Gaeilge atá cláraithe leis an Oíche Chultúir i mbliana agus sa Ghaeltacht a bheidh níos mó ná 30 de na himeachtaí sin á reáchtáil.
Is í seo an cúigiú bliain déag ag an Oíche Chultúir a bheith á reáchtáil ar fud na tíre agus tá clár speisialta á chur ar fáil ag Ealaín na Gaeltachta agus Oireachtas na Gaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Beidh Róisín Seoighe, an chéad Ambasadóir Gaeltachta don Oíche Chultúir i mbun ceoil Tigh Ghiblin ar an Spidéal i gConamara amárach agus Tadhg Mac Dhonnagáin agus ceoltóirí eile as an áit ina teannta.
Dúirt Róisín Seoighe gur “mór an onóir” di a bheith ina hambasadóir Gaeltachta don Oíche Chultúir i mbliana, an chéad bhliain ar ceapadh Ambasadóir Gaeltachta don ócáid.
“Mar ealaíontóir a rugadh sa nGaeltacht, is rud í an Ghaeilge a bhí agus atá i gcónaí mar chuid lárnach de mo shaol agus mo chuid ceoil. Tá grá mór agam don chultúir, don cheol agus an traidisiún Gaelach agus is iontach an rud é gur féidir liom na rudaí seo atá chomh tábhachtach domsa a cheiliúradh mar ambasadóir don Oíche Cultúir 2019,” a dúirt Róisín Seoighe.
I measc na n-imeachtaí spéisiúla Gaeilge a bheas ar siúl sna cathracha, beidh curacha agus seanbháid thraidisiúnta eile de chuid Bhádóirí an Cladaigh le feiceáil i gCuan na Gaillimhe ó thráthnóna agus taispeánfar An Saothraí, leagan Gaeilge den scannán beochana The Breadwinner faoi chailín óg atá ag fás aníos faoin Taliban san Afganastáin, sa Taibhdhearc i nGaillimh ag a 7pm.
Cuirfear fáilte roimh chách teacht agus cluas a thabhairt d’imreoirí aitheanta de chuid Chumann Lúthchleas Gael agus iad faoi agallamh i bPáirc an Chrócaigh óna 7pm – 9pm.
I gcathair Dhoire, beidh amhráin a bhaineann le Doire á gceol ag amhránaithe áitiúla in Amharclann an Guildhall ag ‘Macallaí ón Dair’ ó 6pm- 8pm.
Níl ach cúig chontae nach bhfuil aon imeacht Gaeilge fógartha iontu don oíche amárach – Cill Chainnigh, Longfort, Uíbh Fhailí, An Iarmhí agus An Clár.
Tá gach eolas faoi na imeachtaí ar fad a bheas ar siúl oíche amárach ar fáil ar shuíomh Oíche Chultúir.
Imeachtaí Gaeltachta na hOíche Chultúir
Dún na nGall
Úsáid na Súl
Taispeántas leis an ealaíontóir áitiúil Karol Mac Gairbheith ina mbeidh rogha den saothar is déanaí leis le feiceáil.
Leabharlann Phobal Ghaoth Dobhair, Áislann Ghaoth Dobhair ag 5in
Scéalta ón staid reatha
Scéalta lucht iarrtha tearmainn. Á gcur i láthair ag Stiúideo Thigh na Cúirte.
Gteic, Áislann Ghaoth Dobhair ag 7in
Ar an Ché le Clapsholas – Plein Eir
Tráthnóna péinteála amuigh faoin aer (ar an ché agus an trá) leis an ngrúpa péinteála Plein Eir.
Cé Mhachaire Rabhartaigh ag 7in
Is orainn atá an óige
Oíche oscailte an chlub óige, mar a mbeidh ceol, damhsa, agus scéalaíocht ar siúl.
Áislann Rann na Feirste ag 7-9.30in
Ceartlár an Cheoil
Tiocfaidh ceoltóirí óga as Conamara agus ceoltóirí ón Chrann Óg le chéile don Oíche Chultúir. Beidh seisiún ceoil ina dhiaidh óna 10pm le Harry Bradley, Paul O’Shaughnessy agus Séamus O’Kane.
Teach Hiúdaí Beag, Gaoth Dobhair ag 8pin
Cnoc & Cladach
Oíche airneáin ag a mbeidh amhránaithe, ceoltóirí, scéalaithe agus damhsóirí de bhunadh Thoraí agus Chloich Cheann Fhaola ag ceiliúradh an cheangail atá idir Toraigh agus an Fál Carrach
An tSeanbheairic, An Fál Carrach ag 8in
Glórthaí Uladh
Oíche amhránaíochta sa Mhuileann le fonnadóirí Chúige Uladh.
Muileann Chorr Chreagáin, Dún Fionnachaidh ag 8in
Gaillimh
Ceardlann cheoil ar an Spidéal
Ceol agus scéalta do pháistí i nGaeilge le Julian de Brún
Leabharlann an Spidéil ag 5in
Seisiún ceoil ar an Spidéal
Beidh Ambasadóir Oíche Chultúir na Gaeltachta Róisín Seoighe agus a cairde i mbun ceoil, amhránaíochta agus rince agus an Oíche Chultúir á ceiliúradh
Tigh Ghiblín, An Spidéal, Co na Gaillimhe ag 8in
Cór Chois Fharraige
Ceolchoirm le hamhránaithe Chois Fharraige
Seanscoil Sailearna, Indreabhán ag 4in
Fís-ealaíontóirí Chois Fharraige
Ceardlann chomhoibritheach bunaithe ar an gcladach leis na healaíontóirí Andrea Rossi agus Lelia Ní Chathmhaoil
An Cheardlann, An Spidéal ag 7in
Dráma nua le Fíbín
Léireofar Cóisir Tí, dráma nua le Philip Doherty, stiúrthóir ealaíne an chomhlachta, taobh amuigh dá gceannáras ar an Tulaigh i gCois Fharraige.
Ceannáras Fíbín ar an Tulaigh i gConamara ag 7:30in
Seisiún amhránaíochta
Oíche amhránaíochta ag Club Amhránaíochta na Ceathrún Rua.
An Chistin, An Cheathrú Rua 9.30-11.30in
Oíche cheoil agus scannáin á eagrú ag Áras Éanna
Taispeánfar an scannán Gaeltachta a rinneadh in Árainn, Man of Aran agus ceol beo nua-chumtha curtha leis ag na ceoltóirí Simon O’Reilly agus Alex Browne
Inis Oírr, Cuan na Gaillimhe ag 7.30in
Maigh Eo
Tút do Thrumpa Féin!
Beidh ceoltóirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí, damhsóirí agus aisteoirí in Áras Inis Gluaire agus iad ullamh chun deis a thabhairt don phobal uirlisí a thriail, céimeanna a fhoghlaim agus cur lena scileanna drámaíochta, scríbhneoireachta agus ealaíne.
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead ag 7in
Tuar Mhic Éadaigh
Scléip Tí Mháire
Beidh an banna ceoil as Conamara, Ceann Gólaim, i dTuar Mhic Éadaigh ag seisiún breá amhránaíochta agus damhsa agus ceoltóirí agus damhsóirí as an áit ina gcomhluadar.
Tí Mháire Luke, Tuar Mhic Éadaigh ag 8in
Oileán Acla
Turas Traid Bus
Tobthuras traid le ceoltóirí óga na háite.
Cuirfear tús leis an turas ag teach tábhairne an Compass, An Corrán, Acaill ag a 9in
Crónán na mBeach
Léacht agus taispeántas le Simon Ó Cróinín faoi cheird na beachaireachta i gcultúr na hÉireann ó ré Naomh Gobnait go dtí an lá inniu. I ndiaidh an léachta beidh seisiún ceoil sa gclub, An Bradán Feasa mar a mbeidh blaiseadh le fáil den mheá, fíon ársa na nGael agus é déanta as mil na Mí.
Leabharlann Ráth Chairn ag 8-9in
Ciarraí
Ealaín ar an bhFalla
San ardtráthnóna tiocfaidh daoine le chéile lasmuigh d’Óstán Benner ar an bPríomhshráid agus tabharfar chuig láthair sa Daingean iad mar a mbeidh ealaíontóirí Chorca Dhuibhne ag cur bailchríoch ar mhúrmhaisiú nua.
Hotel Benner, Daingean Uí Chúis ag 5.30in
Ceardlann Clódóireachta
Seo seans ag muintir an Daingin scileanna clódóireachta a fhoghlaim leis an ealaíontóir Deirdre McKenna
An Díseart, Sráid an Doirín, Daingean Uí Chúis, ag 4in
Filíocht fhísiúil
Oíche filíochta agus scannánaíochta le Maria Ní Mhurchú agus George Jackson
An Díseart, Sráid an Doirín, Daingean Uí Chúis ag 6in
Ealaín na hAeráide
Taispeántas de chomharthaí lámhdhéanta a rinne óige Chorca Dhuibhne faoi théama na haeráide
An Díseart, An Daingean ag 7in
Mol Teic
Cuirfidh cuid de na daoine a tháinig chugainn thar sáile ag lorg tearmainn a gcuid scéalta féin i láthair agus beidh an seisiún á shruthú ar líne
Mol Teic an Daingin, Páirc Ghnó an Chúilín ag 7in
Cnuasaigh mhóra Chorca Dhuibhne
Tabharfar deis do dhaoine féachaint ar an dá chnuasach speisialta atá sa leabharlann – an Cnuasach Duibhneach, bailiúchán leabhar faoi iarthar Chiarraí agus cnuasach Phádraig Uí Fhiannachta, ina bhfuil macasamhla nó facsimile de lámhscríbhinní, foclóirí luachmhara stairiúla agus ábhar spéisiúil eile as an gceantar.
Leabharlann an Daingin ag 6pm
Oíche chultúir an Bhlascaoid
Beidh clár speisialta á chur i láthair ag Ionad an Bhlascaoid don Oíche Chultúir
Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin óna 4in
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Oíche cheoil, amhránaíochta, filíochta agus litríochta sa Mhúsaem
Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh ag 8in
Abair Amhrán
Beidh ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le Maeve Ní Dhuinnín á reáchtáil ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh in áit dúchais Thomáis Rua Uí Shúilleabháin, file agus údar mór de chuid an cheantair.
Halla Pobail Chathair Dónall, Cathair Dónall, Uíbh Ráthach ag 5in
Scríobh Haiku as Gaeilge!
Ceardlann Haiku le Gabriel Rosenstock. Fáilte roimh fhilí, cainteoirí líofa agus foghlaimeoirí.
Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh ag 5.30in
Taispeántas ‘Cosáinín na Farraige’
Taispeántas Ealaíne i Mainistir Mhichíl, Baile an Sceilg. Dealbhóireacht ghloine le Róisín Ní Chionnfhaolaidh agus Criadóireacht le Anja Gnauck.
Mainistir Mhichíl, Baile an Sceilg 5in-9in
Ceiliúradh Uíbh Ráthaigh le hÉigse na Brídeoige
Oíche spleodrach cheoil agus amhránaíochta a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nasc idir Gaeltachtaí Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh.
Ionad Pobail na Dromad, An Cillín Liath, Co. Chiarraí ag 8in
Corcaigh
Scéal an Hazelside
Ceiliúradh físiúil ceolmhar agus insint nua ar scéal tarrthála an Hazelsize i 1939.
Club Chléire, Oileán Chléire ag 8in
Cosán Ceoil agus Cultúir i mBaile Mhic Íre
Cosán bríomhar ceoil agus cultúir trí ghnóthaí éagsúla i mBaile Mhic Íre i gcomhluadar ealaíontóirí, ceoltóirí agus rinceoirí an cheantair. Beidh deis agat amhrán nó steip rince a fhoghlaim ar do shlí!
An tIonad Cultúrtha, Baile Mhic Íre, Múscraí, 4pin
Port Láirge
Seisiún Ceoil i mBaile na hArda
Ceoltóirí áitiúla i mbun seisiún ceoil i dTeach Bhaile na hArda.
Teach Baile na hArda, An Sean-Phobal, Co. Phort Láirge ag 9in
Oíche Scoraíochta
Cuirfear fáilte is fiche roimh phobal na nDéise uile go dtí seó ilsiamsa i Halla Cholmáin. Tabharfaidh an seó seo deis do gach duine, idir óg agus aosta, a gcumas agus a dtallanna a léiriú don phobal.
Ionad: Halla Cholmáin, An Sean-Phobal, ag 7in
An Rinn, Co Phort Láirge
Idir an Lionsa agus an Tinteán
Ina dteach féin taispeánfaidh RoseAnn agus Catherine Ní Fhoghlú físeáin ghearra a rinne siad féin, go leor acu bunaithe ar mhuintir an cheantair.
An Rinn, Co. Phort Láirge óna 5in- 6.45in
John
Léiríu thar a bheith cuimsitheach ar na himeachtaí a bheas ar siúl timpeall na tíre.
D’éinne a bheas san ardchathair, beidh Céilí i gClub Chonradh na Gaeilge agus tá fáilte roimh gach éinne.
https://www.eventbrite.ie/e/oiche-chultuirculture-night-2019-ceili-i-gclub-chonradh-na-gaeilge-tickets-72420641087?aff=ebdssbdestsearch
Freisin, beidh Turas Treoraithe ar siúl in Uimhir 6 óna 18.30 https://culturenight.ie/event/conradh-na-gaeilge-turas-treoraithe/
Cordelia Nic Fhearraigh
‘Breis agus 120 imeacht Gaeilge atá cláraithe leis an Oíche Chultúir i mbliana agus sa Ghaeltacht a bheidh níos mó ná 30 de na himeachtaí sin á reáchtáil.’
Cá mhéad de na himeachtaí a bhíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge? Nó an imeachtaí dátheangach a bhíonn i gceist? Cá mhéad imeacht Béarla a bhíonn ar siúl sa Ghaeltacht?
Molaim iad siúd uilig atá ag cuir an Ghaeilg chun tosaigh. I mo thuairimse, is i nGaeilg amháin a ba cheart imeachtaí bheith a eagrú agus a léiriú sa Ghaeltacht.
Agus tá mé go fóill ag fanacht leis an imeacht chultúrtha seo aitheantas a thabhairt don Ghaeilg ar an lógó s’acu – agus tús áite don Ghaeilg ar an lógó céanna.