Oibríonn Costner agus Harrelson go diail as lámha a chéile in The Highwaymen

Cé go bhfuil a fhios againn cá bhfuil ceann scríbe Kevin Costner agus Woody Harrelson ina scannán nua, bainimid taitneamh as an turas ina bhfochair

Oibríonn Costner agus Harrelson go diail as lámha a chéile in The Highwaymen

The Highwaymen
Stiúrthóir: John Lee Hancock
Cliar: Kevin Costner, Woody Harrelson, Kathy Bates, John Carroll Lynch

Dhein Bonnie Elizabeth Parker, Clyde Chestnut Barrow agus a mbuíon scrios i ndornán Stát i lár Mheiriceá Thuaidh i dtosach na dtríochaidí. Bhíodar ar a dteitheadh ar feadh na mblianta agus theip i gcónaí ar na húdaráis an tsúil ribe a chur orthu. Chreachadar bainc is siopaí agus mharaíodar roinnt mhaith daoine, póilíní san áireamh. Ba é seo tréimhse an Spealaidh Mhóir agus an Public Enemy. In ainneoin na coiriúlachta agus an fhoréigin ba laochra iad ag mórán agus de bharr thóir na meán ba réalta náisiúnta iad. Ní haon ionadh mar sin go rabhadar in n-ábhar inspioráide ag lucht cumadóireachta i gcaitheamh na mblianta.

Bhí an-rath ar shaothar Warren Beatty agus Faye Dunaway sna seascaidí agus dhein Juliette Lewis agus  Woody Harrelson (atá sa táirge seo) léamh comhaimseartha ar ghníomhartha buile na lánúine in Natural Born Killers (1994). Is beag cíoradh, áfach, atá déanta orthu siúd a tháinig suas leo. Déanann an saothar seo iarracht an t-easnamh sin a chúiteamh.

I dtosach an scannáin chímid go bhfuil an conach dearg ar Ghobharnóir Texas, Ma Ferguson (Bates), mar go bhfuil cuid de bhuíon Bonnie is Clyde tar éis briseadh amach as príosún. Agus deireadh na foighne sroichte aici leis na póilíní, cinneann sí, go drogallach, iarraidh ar Frank Hammer (Costner), iarbhall de na Texas Rangers, dul sa tóir orthu. Níl aon ghean aici ar na Ridirí agus chuir sí deireadh leis an eagraíocht tamall roimhe seo.

Tá Hammer imithe in aois, tite chun feola agus an ghráin aige ar Ma, ní nach ionadh. Tá sé cancrach agus beagfhoclach lena chois sin. Níl sárú Costner le tabhairt faoin ról, dá réir. Ní féidir leis an seanmhadra an t-eiteach a thabhairt don tseilg agus buaileann sé bóthar. Fan na slí earcaítear seanmhadra eile, Maney Gault (Harrelson) agus téann siad ar chamchuairt i lár Mheiriceá is iad go dlúth sna sála ar an lánúin.

Faightear an fear maith orthu ar uairibh, faighimid léargas ar an saol corraitheach, suaite atá caite acu agus tugtar éachtaint bhreá, más teoranta féin í, ar thionchar an Spealaidh Mhóir. Bíonn siad ag comhrac le gothaí, giuirléidí agus nósanna nua-aimseartha an FBI; cad é iontas orthu faoin gcumas cúléisteacht le glaonna gutháin. 

Cuirtear abhaile orainn go mbaineann an bheirt le ré eile ar fad ach go mb’fhéidir gurb iad, lena ngliceas, a misneach is a neamhthrócaire, an t-aon bheirt atá oiriúnach don chúram seo. Beirt seanfhondúirí iad Costner agus Harrelson iad féin ach oibríonn siad go diail as lámha a chéile. Cé go bhfuil a fhios againn cá bhfuil ceann scríbe na beirte bainimid taitneamh as an turas ina bhfochair.

Fág freagra ar 'Oibríonn Costner agus Harrelson go diail as lámha a chéile in The Highwaymen'