‘Oibríonn an vacsaín,’ a deir Holohan, 1,314 cás eile den víreas fógartha

7,250 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 5,044 ó dheas den teorainn agus 2,206 duine o thuaidh di

‘Oibríonn an vacsaín,’ a deir Holohan, 1,314 cás eile den víreas fógartha

Tá 1,314 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

187 duine atá buailte ag an ngalar atá san ospidéal agus tá 30 díobhsan in aonad dianchúraim.

7,250 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 5,044 ó dheas den teorainn agus 2,206 duine o thuaidh di.

1,040 cás eile den ghalar a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. 226 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 38 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Mhol an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, do dhaoine nach raibh an vacsaín faighte acu í a fháil.

“Tá sé tábhachtach go dtuigfí nuair a fhaigheann daoine a bhfuil an vacsaín faighte acu an galar nach gciallaíonn sin nach n-oibríonn na vacsaíní. Ní bhíonn vacsaín ar bith 100% éifeachtach, ach ní bíonn na hionfhabhtaithe seo i measc daoine atá vacsaínithe baol ar chomh dona sin agus is lú seans go gcuirfear daoine san ospidéal dá mbarr. Oibríonn na vacsaíní.”

Ón Aoine bheag seo beidh cead ag déagóirí an Tuaiscirt atá 16 nó 17 bliain d’aois an chéad snáthaid de vacsaín Pfizer a fháil ag seacht n-ionad nua siúil isteach. Cuirfear ardán cláraithe ar líne ar fáil go luath.

Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte [WHO] ag iarraidh ar thíortha gan an tríú dáileog, an teanndáileog a thabhairt do dhaoine go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair ar a thúisce.

Is mian leis an WHO go dtabharfaí tosaíocht anois do thíortha nach bhfuil in acmhainn an vacsaíniú a dhéanamh chomh forleathan céanna. D’iarr Tedros Adhanom Ghebreyesus, ceannasaí an WHO gur chóir fanacht go dtí go mbeidh vacsaín faighte ag 10% den daonra ar a laghad i ngach tír.

Dúirt sé go dtuigeann sé an imní faoin Delta ach ag an am céanna nach bhféadfadh an WHO glacadh leis “go mbeadh tuilleadh de na vacsaíní á n-úsáid ag na tíortha saibhre céanna a d’úsáid formhór an tsoláthair go dtí seo”.

Tá Iosrael tosaithe ag tabhairt an tríú snáthaid do dhaoine a bhfuil 60 bliain sáraithe acu.

Mhaígh Ard-Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath, an Dr Dermot Farrell inniu gur leithcheal a bhí á dhéanamh sa gcosc atá ar shearmanais céad chomaoineach agus cóineartaithe. Scríobh sé chuig sagairt na deoise ag rá leo go raibh cead acu dul ar aghaidh leis na searmanais, beag beann ar na srianta atá orthu, má mheasann siad go mbeidh siad ábalta sin a dhéanamh “go slán sábháilte”.

Daoine atá sna Stáit Aontaithe ar mhian leo cuairt a thabhairt ar an tír seo, tá iarrtha ag an Lárionad um Galair a Chosc sa tír sin orthu gan teacht anseo. Tá Éire ar liosta 16 tír nach moltar taisteal chucu, fiú agus an vacsaín iomlán faighte ag duine, toisc a deirtear “an baol atá go dtolgfadh duine cineál den Covid-19 agus go scaipfí é”.

Deirtear chomh maith má thagann duine anseo gur chóir cloí le rialacha na tíre seo – “masc a chaitheamh agus fanacht sé troithe amach ó dhaoine”.

 

 

Fág freagra ar '‘Oibríonn an vacsaín,’ a deir Holohan, 1,314 cás eile den víreas fógartha'