Ochtar eile básaithe, 448 cás nua den víreas fógartha

Ní raibh aon chás eile den ghalar le fógairt inniu i gCiarraí ná i Maigh Eo

Ochtar eile básaithe, 448 cás nua den víreas fógartha

Tá ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 

448 cás nua den ghalar a deimhníodh. 

Níor bhain aon cheann de na básanna a fógraíodh inniu leis an mí seo ná leis an mí seo caite. Bhain trí cinn acu le mí an Mhárta, bhain dhá cheann acu le mí Feabhra agus tharla na trí cinn eile mí Eanáir nó níos luaithe ná sin.

109 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 34 díobhsan in aonad dianchúraim.

Daoine faoi bhun 45 bliain d’aois a bhí i gceist le 78% de na cásanna is déanaí agus 29 an mheánaois a bhí ag na daoine sin.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,376,583 duine agus an dara dáileog faighte ag 506,052 duine.

Ní raibh aon chás eile den ghalar le fógairt inniu i gCiarraí ná i Maigh Eo.

Níos lú ná cúig chás a bhain leis an nGaillimh agus b’amhlaidh an scéal i Port Láirge.

Bhain 38 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 34 cás a bhí i gCorcaigh agus 12 cás a bhí i nDún na nGall.

Meánráta 130 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Tá an ráta i nDún na nGall tite go dtí 241 agus an dara ráta is airde sa stát atá ansin anois. Ráta 252 atá i gCill Dara faoi láthair. 

Ráta 149 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 90 a bhí i gCorcaigh, 72 a bhí i nGaillimh agus 68 a bhí i bPort Láirge. Ráta 34 a bhí i Maigh Eo agus 14 a bhí i gCiarraí, an dara ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh duine ar bith eile básaithe ansin de dheasca an víris. 113 cás nua a deimhníodh.

50 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ceathrar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 986,008 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 515,015.

7,198 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,148 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

375,237 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 254,013 cás ó dheas den teorainn agus 121,224 cás ó thuaidh di.

Níos luaithe inniu, shéan an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil doiléire ann i dtaobh theachtaireacht na n-údarás i leith tástálacha antaigine. 

Dúirt Martin sa Dáil in inniu go raibh príomhchomhairleoir eolaíochta an Rialtais agus an Príomhoifigeach Leighis “ar mhalairt tuairime” faoi úsáid na dtástálacha antaigine.

“Ní teachtaireacht mheasctha atá i gceist ach malairt tuairime,” a dúirt Martin nuair a ceistíodh é faoi ráitis éagsúla atá déanta faoi na tástálacha.

Tá fainic curtha ag an bPríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan agus baill eile de NPHET ar an bpobal maidir le húsáid na dtástálacha a bhíonn ar díol in ollmhargaí agus cógaslanna. “Ná ceannaígí iad agus ná húsáidigí iad,” a dúirt Holohan.

Dúirt sé gur údar imní é go mbeadh daoine “ag dul isteach san ollmhargadh, ag ceannach punt ispíní, gualach don bheárbaiciú agus tástáil antaigine”.

Deir Mark Ferguson, príomhchomhairleoir eolaíochta an Rialtais, go bhfuil na tástálacha antaigine “chom héifeachtach céanna leis an gcoraintín” chun teacht ar dhaoine a bhfuil an galar orthu agus iad a scaradh amach ó dhaoine eile. 

Tá airí rialtais agus ceannairí an chomhrialtais den tuairim láidir gur chóir na tástálacha antaigine a úsáid go forleathan chun cabhrú le hathoscailt an stáit.

Dúirt ceannaire pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly go raibh caint an Dr Holohan faoi na tástálacha “míchuí” ar fad. “Cad sa diabhal atá ag tarlú maidir leis na tástálacha antaigine?” a d’fhiafraigh Kelly den Taoiseach sa Dáil tráthnóna. 

“Baineadh úsáid aisti [an tástáil] i gcás iompróirí agus beimid ag brath ar na tástálacha chun coláistí tríú leibhéal a athoscailt. Tá mearbhall mór ar dhaoine, tá easpa soiléireachta ann agus teachtaireachtaí contrártha againn faoina n-úsáid,” arsa Kelly. 

Tá tástálacha antaigine tapa agus is féidir leat tástáil a chur ort féin, ach bíonn toradh mícheart orthu níos minice ná mar a bhíonn i gcás na tástála PCR a bhíonn á húsáid ag na húdaráis sláinte. 

Deir saineolaithe go leor, áfach, go bhfuil na tástálacha antaigine cruinn go maith agus go bhfuil siad an-úsáideach. 

Dar leis an Dr Tony Holohan go bhfuil buntáiste ag baint leis na tástálacha i dtimpeallacht rialaithe nó i gcás drochráigeanna den ghalar.

Deir sé áfach nach féidir brath chomh mór sin ar na tástálacha nuair nach mbíonn ráta scaipthe ard den ghalar sa phobal. 

Dúirt an Dr Holohan go bhféadfadh go dtabharfadh na tástálacha misneach do dhaoine nuair nár chóir sin a bheith acu. 

Fág freagra ar 'Ochtar eile básaithe, 448 cás nua den víreas fógartha'

  • Antóin

    Céard faoi na tástálacha PCR agus an líon ard torthaí bréagdheimhneacha a ghabhann leo?