Ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ocht gcás nua deimhnithe

2,241 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,703 duine ó dheas den teorainn agus 538 ó thuaidh di

Ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ocht gcás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil ocht gcás nua den ghalar deimhnithe. B’in an líon is lú cásanna ó thús mhí an Mhárta.

Seo an séú lá as a chéile ar fógraíodh níos lú ná 30 cás agus an tríú lá an tseachtain seo gur fógraíodh níos lú ná deich gcás.

2,241 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,703 duine ó dheas den teorainn agus 538 ó thuaidh di.

30,060 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,238 cás ó dheas den teorainn agus 4,822 cás ó thuaidh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, an chéad uair acu bás nua a chur ar an taifead le cúig lá anuas.

Ceithre chás nua den ghalar a deimhníodh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,073 den 1,703 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%.

Bhain 940 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, gur léirigh na figiúirí is déanaí maidir le scaipeadh an ghalair seasmhach nó ag laghdú.

De réir an eolais is déanaí tá ráta atáirgthe an ghalair Covid-19 idir 0.4-0.8.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Údar misnigh ab ea é, a dúirt Nolan, nach bhfuil ráta scaipthe an ghalair ag ardú ná ag ísliú ach é ag fanacht “an-seasmhach go deo le roinnt seachtainí”.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim gach lá, líon na gcásanna sna hospidéil agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair ag titim i gcónaí.

86 othar a raibh Covid-19 orthu a bhí in ospidéil inniu agus 28 acu sin a bhí in aonad dianchúraim. Ar an meán, duine amháin le Covid-19 atá á chur in ICU gach cúig lá.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go gcaithfí “níos mó” a dhéanamh maidir le tabhairt ar dhaoine mascanna a chaitheamh in áiteanna amhail an córas iompair phoiblí agus siopaí. 

Dúirt sé go raibh an chomhairle chéanna ann i gcónaí i dtaobh mascanna.

Dúirt sé nár dóigh leis gur gá caitheamh mascanna a dhéanamh éigeantach ach ghéill sé gur gá feachtas níos éifeachtaí chun an chomhairle a chur in iúl don phobal.

Dúirt an Dr Holohan go ndéanfaí cinneadh an tseachtain seo chugainn faoi na srianta taistil atá i bhfeidhm ar na hoileáin.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,230 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Máirt, an 9 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,307 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 412 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,114 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,167 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,532 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,426 cás, nó 6%
  • 485 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 470 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 154 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 804 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 38% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 60% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Idir an dá linn, beidh cead ag daoine atá ina gcónaí ina n-aonar sa Tuaisceart oíche a chaitheamh le teaghlach eile. Sin a bhí le fógairt ag an gCéad-Aire Arlene Foster inniu agus í ag scaoileadh srianta an choróinvíris beagán eile. 

Dúirt an Chéad-Aire go mbeadh daoine fásta singile ábalta oíche a chaitheamh i dteach eile  i ‘mbolgán tacaíochta’.

D’aontaigh an feidhmeannas go gceadófaí a leithéid chun “an bhail a chuireann an t-uaigneas agus an scoiteacht” ar dhaoine a laghdú.

Ní bhaineann an tsaoirse nua seo le daoine atá ag cuibhriú nó ag clutharú.   

Fág freagra ar 'Ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ocht gcás nua deimhnithe'