Ochtar as Conamara ar phainéal na Gaillimhe don shraith peile na mBan

Tá painéal na Gaillimhe ainmnithe ag bainisteoir nua na foirne, Timmy Rabbitte, roimh thús na sraithe náisiúnta an deireadh seachtaine seo

Ochtar as Conamara ar phainéal na Gaillimhe don shraith peile na mBan

Áine McDonagh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá ochtar as Conamara ar phainéal na Gaillimhe atá ag fáil réidh do Shraith Pheil na mBan a chuirfear tús léi an deireadh seachtaine seo.

Tá painéal na Gaillimhe ainmnithe ag bainisteoir nua na foirne, Timmy Rabbitte, agus beirt as Naomh Anna Leitir Móir, Ríona Ní Fhlatharta agus Sarah Ní Loinsigh, agus beirt as Maigh Cuilinn, Áine McDonagh agus Róisín Ní Chonghaile i measc na n-imreoirí atá roghnaithe aige.

Is iar-imreoir idirnáisiúnta rugbaí í Mairéad Coyne, as An Líonán, ach tá sí ag díriú ar an bpeil Ghaelach i mbliana agus tá áit bainte amach ar an bpainéal aici, mar atá déanta ag Dora Gorman, arb as Bearna ó dhúchas di, a d’imir sacar d’fhoireann shinsir na hÉireann.

Is í tosach Naomh Pádraig, An Fhairche, Mairéad Seoighe, agus Sinéad Burke, arb as Uachtar Ard di ach atá anois ag imirt le Naomh Éanna, Baile Baodáin i mBaile Átha Cliath, an bheirt eile as Conamara atá ainmnithe sa scuad.

Is í Tracey Leonard Chora Finne captaen na foirne arís in 2019.

D’éirigh le Gaillimh dul chomh fada le cluiche leathcheannais an sraithe in 2018. Corcaigh a bheidh rompu an Satharn seo, an 2 Feabhra, agus iad ag cur tús le comórtas 2019.

Painéal na Gaillimhe

  1. Áine McDonagh (Maigh Cuilinn)
  2. Aoife Thompson (An Creagán)
  3. Amy Coen (Cora Finne)
  4. Barbara Hannon (An Dún Mór Mhic Éil)
  5. Bronagh Murphy (Naomh Muire)
  6. Charlotte Cooney (Baile Chláir)
  7. Ciara McCarthy (Eanach Dhúin)
  8. Dora Gorman
  9. Dearbhla Gower (Cora Finne)
  10. Emile Gavin (Baile Chláir)
  11. Fabienne Cooney (Baile Chláir)
  12. Leanne Coen (Cora Finne)
  13. Lynsey Noone (Cill Choirín/Cluain Bheirn)
  14. Lucy Hannon (An Dún Mór Mhic Éil)
  15. Linda Booth (Naomh Breandán)
  16. Lisa Murphy (Cill Choirín/Cluain Bheirn)
  17. Lisa Gannon (Cill Choirín/Cluain Bheirn)
  18. Louise Ward (Cill Choirín/Cluain Bheirn)
  19. Máiread Coyne (Gráinne Mhaoil)
  20. Megan Glynn (Baile Chláir)
  21. Máiread Seoighe (Naomh Pádraig, An Fhairche)
  22. Meath de Barca (Naomh Micheál)
  23. Niamh Daly (Naomh Gabriel)
  24. Nicola Ward (Cill Choirín/Cluain Bheirn)
  25. Noelle Connolly (Gleann na Madadh/Baile Liam)
  26. Olivia Divilly (Cill Choirín/Cluain Bheirn)
  27. Ríona Ní Flatharta (Naomh Anna, Leitir Móir)
  28. Róisín Leonard (Cora Finne)
  29. Róisín Ní Chonghaile (Maigh Cuilinn)
  30. Sarah Conneally (An Dún Mór Mhic Éil)
  31. Sarah Ní Loingsigh (Naomh Anna, Leitir Móir)
  32. Shauna Molloy (Naomh Fursa)
  33. Sinead Burke (Naomh Éanna, Baile Baodáin)
  34. Tracey Leonard (Cora Finne)

Fág freagra ar 'Ochtar as Conamara ar phainéal na Gaillimhe don shraith peile na mBan'