Ocht dtáirge a chuirfidh ‘Glowy skin’ agus luisne na sláinte ort

Ón Áise is túisce a tháinig an rabharta is deireanaí de tháirgí cúram cnis agus smididh le cuma álainn fholláin a chur ar an gcraiceann

Ocht dtáirge a chuirfidh ‘Glowy skin’ agus luisne na sláinte ort

Tá béim mhór i gcúrsaí áilleachta le tamall anuas ar chraiceann a bhfuil luisne ann a fhágann snua na sláinte ar dhuine. ‘Glowy skin’ a thugtar ar an bhfaisean nua seo ina n-úsáidtear táirgí ar leith cúram cis agus smididh le cuma álainn bhríomhar óigeanta a chuir ar an gcraiceann.

Ón Aise a tháinig an cur chuige seo ar dtús ach tá sé coitianta go maith ar fud na cruinne anois. Bíonn cuma na sláinte agus na folláine ar aghaidh an duine a úsáideann na táirgí a bhíonn i gceist. Ar ndóigh, is féidir an craiceann álainn sláintiúil sin a bheith ar dhuine ach aire mhaith a thabhairt dó agus neart séiream hiodráitithe a úsáid ach tá na táirgí eile seo thar cionn le tuilleadh cúnaimh a thabhairt le barr feabhais a chur ar do chraiceann.

 

Ole Henriksen Banana Bright Face Primer ó Boots.ie ar €36

Seo prímeálach nua ó Dr Henriksen, réalta mór i ngnóthaí cúram cnis. Tá an prímeálach seo lán de chomhábhair atá iontach don aghaidh, go háirithe vitimín C. Seo meascán de smideadh agus de chúram cnis a fhágann an craiceann ag breathnú folláin agus bríomhar. Baineann an t-ealaíontóir smididh cáiliúil Nam Vo úsáid as an táirge seo go minic.

 

Face & Body Foundation ó MAC ar €32

Botún mór a dhéanann daoine atá ag iarraidh cuma luisneach a chur ar a gcraiceann ná bonnsmideadh róthiubh a chur orthu féin. Cuireann seo cosc nó srian ar an luisne féin. Ní tharlóidh sin leis an mbonnsmideadh seo ó MAC atá in úsáid go coitianta ag na smideoirí is cáiliúla ar domhan.

 

Hollywood Flawless Filter ó Charlotte Tilbury ar €40

Mura nglacfá ach le comhairle amháin ón alt seo mholfainn duit an t-aibhsitheoir seo a roghnú. Measaim go bhfuil sé ar an gceann is fearr a d’úsáid mé féin riamh. Níl aon phíosaí gealra ann ach cruthaíonn sé lonrú álainn. Is féidir é a úsáid in áit an bhonnsmididh nó is féidir é a chur ar na leicne roimh an mbonnsmideadh nó ina dhiaidh.

 

Haloscope ó Glossier.com ar €21

Más luisne beagán níos nádúrtha atá uait, seo táirge iontach ó Glossier. Aibhsitheoir uachtair é seo a bhreathaíonn níos nádúrtha ná púdar go hiondúil. Meascann an ceann seo isteach go maith le bonnsmideadh. Taitníonn an dath grianchloch (quartz) liom féin ach tá roinnt roghanna eile ar fáil chomh maith.

 

Fenty Beauty Killawatt Freestyle Highlighter Duo ó Harvey Nichols ar €34

Seo ceann don té nach bhfuil aibhsitheoir nádúrtha uaithi ar chor ar bith ach a d’fheicfeá míle ó bhaile! Ó Fenty Beauty, branda Rihanna, an t-amhránaí cáiliúil, an ceann seo agus tá dhá dath difriúil le fáil. Is maith liom féin an dath ‘afternoon snack/mo’ hunny’.

 

 

VDL Lumilayer Primer ó Yesstyle.com ar €15.59

Mura bhfuil fonn ort an iomarca airgid a chaitheamh leis an lonrú sin a chruthú ar do chraiceann seo prímeálach réasúnta saor ó VDL. Níl sé chomh feiceálach le ceann Charlotte Tilbury ach fós tá sé an-mhaith, go háirithe ar an bpraghas atá air. Seo táirge a ndeir an smideoir cáiliúil Katie Jane Hughes faoi nach mbeadh sí dá uireasa riamh.

 

Wet n Wild MegaGlo Highlighting Powder ó BeautyBay.com ar €6

Tá an t-aibhsitheoir púdair seo ón mbranda Meiriceánach níos saoire fós. Tá dath álainn ar an gceann seo a chruthaíonn luisne láidir agus é ar fáil ar phraghas iontach. Tá rogha de dhá dhath eile ar fáil freisin.

 

Neutrogena Ultra Sheer Body Mist Sunscreen ó Amazon ar £6

Cén fáth a mbeadh fachtóir cosanta gréine luaite anseo agam? Rinne an t-ealaíontóir smididh Scott Barnes, a thugann aire don smideadh do Jennifer Lopez, agallamh le gairid inar dhúirt sé gurbh é an rún a bhí leis an luisne a bhíonn ar JLo i gcónaí ná an fachtóir cosanta gréine seo. Nuair atá an smideadh críochnaithe aige, déanann sé an táirge a spraeáil uirthi chun lonrú álainn a chruthú. Má tá sé sách maith do JLo….

Fág freagra ar 'Ocht dtáirge a chuirfidh ‘Glowy skin’ agus luisne na sláinte ort'