Ocht bpéire cuarán samhraidh idir €30 agus €60

Measann ár gcomhfhreagraí go bhfuil an samhradh tagtha agus go bhfuil cuaráin nua ag teastáil

Anois teacht an tsamhraidh tá sé in am againn na bróga agus na buataisí a chaitheamh ar leataobh cuaráin dheasa a chur orainn agus an t-aer úr a scaoileadh chuig na cosa. Tá roghanna an-bhreá le fáil faoi láthair ar phraghsanna idir €30 agus €60.

Miúil le stríocaí dubha agus bána ó River Island ar €40.

Seo péire a cheannaigh mé féin a luaithe agus a chonaic mé iad – is breá liom an patrún atá orthu agus an chuachóigín bheag álainn sin.

 

Cuaráin dhubha ó Topshop ar €52.

Seo macasamhail na mbróg ón mbranda ATP Atelier a raibh tóir mhór orthu anuraidh; bí cinnte go mbeidh an t-éileamh céanna ar na cinn seo i mbliana. Tá an dearadh seo i bhfad níos saoire ná na cinn ó ATP Atelier ach iad déanta as leathar chomh maith céanna.

 

Espadrilles ar a dtugtar Hallie, ar dhath oráiste, ar fáil ó Office ar €56.

Tá na espadrilles seo thar a bheith compordach – d’fhéadfá siúl thart iontu an lá ar fad agus ní bheadh stró ar bith ort. An rud is fearr fúthu ná go bhfuil níos mó ná 20 rogha ann ó thaobh datha.

 

 

Bróga ar dhath an mhustaird agus cuachóg orthu, ar fáil ó Mango ar €35.99.

Tá an péire seo an-fhaiseanta faoi láthair ó thaobh stíle agus datha. Tá tóir faoi láthair ar chinn a bhfuil pus pointeáilte orthu agus iad oscailte chun cúil. Cuirfidh an péire seo beagán beochta sa bhfeisteas is simplí féin. 

 

Cuaráin dhubha agus bhána ó Asos ar fáil ar €30.42.

Tá ná cuaráin shimplí seo i bhfad níos compordaí agus níos faiseanta ná an gnáthphéire flip fleapanna. Bheadh duine in ann iad seo a chaitheamh lá cois trá ó tharla go bhfuil siad chomh héasca sin a chaitheamh ort agus díot.

 

Cuaráin nádúrtha ó Zara ar fáil ar €29.95

Tá an cineál fabraic nádúrtha seo go mór sa bhfaisean faoi láthair agus is rogha mhaith don samhradh an péire seo. Tá an dearadh sách simplí, rud a fhágann go mbainfeá cúpla samhradh astu ach aire a thabhairt dóibh.

 

Cuaráin leathair ó Warehouse ar fáil ar €29

Más cuaráin leathair atá uait, b’fhiú go mór duit do shúile a chaitheamh orthu seo. Tá dath álainn crón orthu seo, rogha eile de chuid an tsamhraidh seo agus is iontach an margadh iad do chuaráin atá déanta go hiomlán as leathar.

 

Cuaráin espadrille ‘Hibiscus’ ó Topshop ar fáil ar €40

Rogha eile déanta as fabraic nádúrtha agus ceithre dhath difriúil ar fáil; tá gach dath acu ar fheabhas don samhradh.

Fág freagra ar 'Ocht bpéire cuarán samhraidh idir €30 agus €60'

  • sinead

    Ní thabharfainn iontaoibh d’oiread agus peidhre amháin acu dá mbeadh fonn siúil orm.