Ocht bpéire álainn bróg do gach ócáid…

Tá rogha bhreá bróg le moladh ag ár gcomhfhreagraí do gach cineál ócáide agus aimsire, ó shlipéir go buataisí glúine…

Ocht bpéire álainn bróg do gach ócáid…

Deirtear gur fhág Imelda Marcos 3,000 péire bróg ina diaidh nuair a theith sí sa bhliain 1986 ón bpálás ina raibh sí ina cónaí lena fear céile Ferdinand, an deachtóir a bhí i gceannas ar na hOileáin Fhilipíneacha.

Mura gcaithfeadh sí ach péire amháin in aghaidh an lae thógfadh sé breis agus ocht mbliana uirthi dul tríd an mbailiúchán ar fad.

Taitníonn bróga deasa le go leor againn ach níl mórán againn ann ar acmhainn dúinn nó ar spéis linn bailiúchán chomh craiceáilte le ceann Imelda Marcos a bheith againn.

Is iomaí stíl bhróige atá ann na laethanta seo ó chuaráin go buataisí arda.

Dá dteastóidh bróga nua uaim féin faoi láthair seo cuid de na cinn a roghnóinn. 

Buataisí dubha glúine ó Mango ar €59.99

Seo praghas an-réasúnta ar na buataisí faiseanta seo. Cineál áirithe svaeid atá iontu atá an-oiriúnach don am seo den bhliain, an t-earrach.

Bróga ballerina ó Zara ar €25.95

Tá na bróga ísle seo le prionta ainmhithe iontach d’ócáid ghalánta don té nach mbeadh ag iarraidh bróga sála arda a chaitheamh.

Lófairí dubha ó River Island ar €75

Seo bróga deasa don té nach acmhainn dóibh na céadta euro a chaitheamh ar lófairí cáiliúla Gucci. Tá na cinn seo ar fáil i ndath dearg chomh maith le dubh.

Cuaráin bhuí ó ASOS ar €48.39

Más cuaráin atá uait, is deas an rogha iad na cinn seo ar dhath an mhustaird. Níl an tsáil ró-ard agus mar sin beidh siad compordach. Tá ceangal deas ar an rúitín le beagáinín stíle a chur iontu.

Bróga reatha ‘Adidas Gazelle’ ó Schuh ar €94

Tá na bróga reatha Gazelle seo ó Adidas an-fhaiseanta agus mo rogha bróga reatha iad go cinnte faoi láthair. Tá dathanna éagsúla ar fáil ach is breá liom féin na cinn seo ar dhath an mhiontais.

 

Slipéir UGG ó ASOS ar €110.60

Má tá neart airgid le caitheamh agat coinneoidh na slipéir seo te teolaí thú. Ón mbranda céanna iad leis na buataisí a raibh fíorcháil orthu roinnt blianta ó shin.

 

Buataisí rúitín ‘Brooklyn’ ó Topshop ar €50

Tá buataisí rúitín ar cheann de na roghanna bróg is coitianta a chaithim féin agus iad oiriúnach do gach cineál aimsire. Tá craiceann crogaill i gceist anseo agus dath deas Burgúnach orthu.

 

Bróga sála arda bándearga ó H&M ar €59.99

Ní féidir liom a ghealladh duit go mbeidh siad seo ar na bróga is compordaí a chaith tú riamh, ach is cinnte go mbeidh siad ar na cinn is faiseanta. Stíl chlasaiceach orthu agus bróga iad a sheasfaidh tamall maith.

Fág freagra ar 'Ocht bpéire álainn bróg do gach ócáid…'