Ochón, ochón, tá deireadh anois leis an gcaife Baileys don bhricfeasta…

Lig ár gcolúnaí osna bhróin gan choinne an lá cheana. An bhféadfadh go raibh an Nollaig thart?

Ochón, ochón, tá deireadh anois leis an gcaife Baileys don bhricfeasta…

Bhí na bronntanais uilig bronnta, an turcaí uilig ite, na boscaí Celebrations folamh, Rocky Ros Muc, An Béal Bocht agus Anseo i Lár an Ghleanna feicthe. Bhí a fhios agam go gcaithfeadh go raibh roinnt mhaith laethanta imithe tharainn.

Ach cé mhéad lá? Ní raibh a fhios agam níos mó cén lá den tseachtain a bhí ann, nó cén t-am a ndeachaigh muid a chodladh nó cén t-am ar éirigh muid ar maidin.

Chaithfeadh go bhfuil an tsaoire beagnach thart, a chuimhnigh mé. Ach cén chaoi a mbeadh a fhios ag duine cinnte an raibh sé in am a ghabháil ar ais ag obair agus páirt a ghlacadh sa rud sin ar a dtugtar ‘an gnáthshaol’ agus shape éicint a chur ort féin arís?

Cén chaoi a mbeadh a fhios agat gan do chos a chur amach taobh amuigh den doras atá i gceist agam.

Ba é an cuisneoir tobar an eolais, nó is ann a fuair mé an freagra ar mo cheist. Ceist nach raibh mé ag iarraidh a chur, dáiríre, ach a bhí ag sleamhnú isteach de réir a chéile ar chúl m’intinne.

Seo liom go soineanta ar thóir deaisín bheag bhídeach Baileys do chupán caife na maidine (ba í an Nollaig, í) agus pióg mhionra don bhricfeasta (féach: ‘ba í an Nollaig í’).

Céard a bhí romham ach buidéal folamh, nó buidéal a bhí chomh gar do bheith folamh is nach gcuirfeadh a raibh ann dath geal ar an gcaife. Lena thaobh, bhí an páipéar ar tháinig na pióga mionra ann, ach ní raibh aon phióg sa bpáipéar níos mó.

Ní hamháin go raibh an páipéar agus an buidéal folamh ach bhí sárú conartha i gceist freisin agus iad fágtha sa gcuisneoir ar bhealach a chothódh an dóchas i nduine nuair a d’fheicfeadh sí iad.

Lig mé osna bhróin gan choinne. An bhféadfadh go raibh an Nollaig thart?

Thóg mé m’fhón i mo láimh agus, den chéad uair le deich lá, bhreathnaigh mé ar an dáta. Dheimhnigh sé an drochscéala. Bhí Eanáir linn go tréan agus ní raibh aon dul as, ach díreach tríd.

Chuaigh mé suas astaighre is d’oscail amach an fhuinneog sa díon go bhfeicfinn cén sórt aimsire a bhí ann. Bhuail streall báistí mé mar a bheadh duine ina sheasamh ar an díon ag fanacht liom is gur chaith sé buicéad uisce liom chomh luath is a ghob mo chloigeann aníos as an teach.

Bhreathnaigh mé síos an bóthar, is bhí locháin mhóra cruinnithe sna poill sa mbóthar. Fliuch, mar sin. Agus fuar. Is bhí sé gaofar freisin.

‘Faraor nach raibh muid cosúil leis na gráinneoga,’ a chuimhnigh mé. Caitheann an ghráinneog na seachtainí sula ndéanann sí codladh mór an gheimhridh á ramhrú féin, faoi mar a dhéanann an duine faoi Nollaig.

Ní ag déanamh gaisce atá mé, ach bhí an obair ramhraithe sin ar fad déanta agam le seachtainí beaga anuas, is tá stór breá feola curtha ar na cnámha a choinneodh duine ag imeacht go breá go Lá‘l Bríde.

Ach, in áit a bheith ag tabhairt aghaidh ar an gcodladh mór anois, mar a dhéanfadh éinne a mbeadh aon bhlas céille acu i mí Eanáir, bíonn bleaist rún déanta ag an duine don bhliain nua, is, mo léan géar, ní bhíonn ‘caife Baileys don bhricfeasta ina measc’.

Fág freagra ar 'Ochón, ochón, tá deireadh anois leis an gcaife Baileys don bhricfeasta…'

  • Pádraig

    Scríofa go breá macánta …ach bíodh muiní agat …níl tú i d’aonar!

  • Léitheoir

    Alt deas ó Bhridget mar is iondúil! Tá muid ar fad sa mbád céanna ar a laghad :)