Tá fáilte curtha ag lucht feachtais na Gaeilge roimh achtú Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, reachtaíocht a thugann aitheantas den chéad uair do cheart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí a tógadh le Gaeilge.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús bheadh impleachtaí tromchúiseacha do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil ag baint leis an mBille Oideachais a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Richard Bruton in 2016.
Ach chuir an grúpa tuismitheoirí Gaelscoile Cearta Oideachais feachtas ar bun chun go ndéanfaí leasú ar an mBille le cosaint a thabhairt do cheart na nGaelscoileanna i dtaobh daltaí a thógtar le Gaeilge agus d’éirigh leo, le tacaíocht polaiteoirí de chuid an fhreasúra, a chur ina luí ar an Aire déanamh amhlaidh.
De réir an leasaithe dheiridh a rinneadh ar an mBille i dtaobh na nGaelscoileanna, beidh cead ag na scoileanna sin tús áite a thabhairt más mian leo ina bpolasaithe iontrála do pháistí a bhfuil líofacht sa teanga acu a bheadh ag teacht leis an leibhéal líofachta a bheadh ag páiste a mbeadh an Ghaeilge “mar ghnáthmhodh cumarsáide” acu “i dtimpeallacht neamhoideachasúil”.
Thug an tAire Bruton le fios sa Seanad an tseachtain seo go ndéanfaidh sé soiléiriú faoi cén bhrí ba cheart a bhaint as an sainmhíniú sin ar líofacht na Gaeilge sa chás go ndéanfaí achomharc i gcoinne cinneadh Gaelscoile diúltú do pháiste ar bhonn líofachta.
“Is é is aidhm leis seo ná a chinntiú go dtugtar tús áite i nGaelscoileanna do pháistí a thagann ó theaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar ghnáthchuid den saol, ionas nach rachadh líofacht na bpáistí sin ar gcúl,” a dúirt an tAire sa Seanad an tseachtain seo caite.
I ráiteas a chuir Cearta Oideachais amach tráthnóna, dúradh gur “ócáid stairiúil í seo do pháistí atáthar a thógáil le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar go bhfuil aitheantas á thabhairt den chéad uair ag an Stát go bhfuil riachtannais oideachais ar leith ag na páistí seo agus mar sin gur cheart go mbeadh cead ag scoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt dóibh ina bpolasaithe iontrála”.
Thug Cearta Oideachais aitheantas don Aire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton agus d’oifigigh a Roinne “as ucht aghaidh a thabhairt ar an gceist seo agus iarracht mhacánta a dhéanamh é a réiteach ar shlí éifeachtach, praiticiúil agus féaráilte”.
Ghabh an grúpa buíochas leis na polaiteoirí go léir a chabhraigh lena bhfeachtas agus ghabh siad “buíochas ar leith” le hÉamon Ó Cuiv, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, agus leis an iarsheanadóir Trevor Ó Clochartaigh as “a gcuid cabhrach agus a gcuid tacaíochta le roinnt blianta anuas”.
Ghlac an Rialtas an mhí seo caite le leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 ar mhaithe le cosaint a thabhairt do chearta Gaelscoileanna tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, ach chuir an grúpa Cearta Oideachais agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra i gcoinne an leasaithe sin ar an mbonn, dar leo, nach dtabharfadh sé cosaint cheart don chainteoir dúchais.
Cuireadh athrú i bhfeidhm ar an leasú ó shin agus chuir Cearta Oideachais fáilte roimh an bhfoclaíocht nua.
“Tagann an méid seo [an fhoclaíocht nua] le spriocanna Cearta Oideachais go mbeadh tosaíocht shonrach sa bhille ag páistí atáthar a thógáil le Gaeilge, agus nach mbeifí ag déanamh tástáil ar líofacht Ghaeilge na bpáistí nach bhfuiltear á dtógáil le Gaeilge,” a dúradh i ráiteas ó Chearta Oideachais.
Fág freagra ar '‘Ócáid stairiúil do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht’ – fáilte curtha roimh achtú Bille Oideachais'